An difríocht idir athruithe ar: "Enid Blyton"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 26:
Chaith sí cúig bliana ag múinteoireacht i mBickley, i Surbiton agus i Chessington, agus í ag dul le scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire. An chéad leabhar a d'fhoilsigh sí, mar atá, ''Child Whispers'', ba díolaim dánta í, agus tháinig sí i gcló sa bhliain 1922.
 
Ar an 29 Lúnasa 1924 phós Enid Blyton an Maor Airm Hugh Alexander Pollock. Bhí Pollock ag obair ina eagarthóir leabhar don teach [[foilsitheoireacht]]a úd George Newnes, a chuir i gcló dhá leabhar le Blyton sa bhliain sin. Shocraigh an lánúin síos i m[[Buckinghamshire]]. Ní ba déanaí, d'aistrigh siad go Beaconsfield. An iris úd ''Sunny Stories'' a bhí á foilsiú ag comhlacht Newnes, chóirigh sí comórtas do lucht adhartha Blyton le hainm a cheapadh do theach na lánúine i mBeaconsfield, agus is é an t-ainm a fuair an áit ná ''Green Hedges''.
 
Rugadh beirt iníonacha don lánúin sna [[1930í|tríochaidí]], mar atá, Mary Baverstock agus Imogen Smallwood. Sna tríochaidí freisin a chuaigh Enid Blyton trí ghéarchéim spioradálta agus í ar tí dul le [[Caitliceachas]]. Sa deireadh thiar thall níor athraigh sí creideamh, ó bhí sé barúlach go raibh an eaglais Chaitliceach ródhian agus na rialacha go léir aici. D'fhéach sí chuige gur baisteadh an bheirt iníonacha ina nAnglacánaigh agus gur fhreastail siad ar an scoil Domhnaigh.