An difríocht idir athruithe ar: "Barack Obama"

Content deleted Content added
Layout
Líne 27:
Is mór an bhéim a chuireann Obama ar "athrú" agus "dóchas", agus deir sé go mbeidh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.
 
== Toghcháin ==
=== Feachtas sa toghchán uachtaránachta ===
[[Íomhá:Barack Obama at NH.jpg|right|220px|thumb|Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008]]
Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in [[Iowa]], le 38% den vóta, 8% níos mó ná [[John Edwards]] agus [[Hillary Clinton]] sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i [[New Hampshire]]. Bhuaigh Clinton [[Nevada]] agus Obama [[Carolina Theas]] tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh. Ba iad Obama agus [[John McCain]], rogha an [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Phoblachtaigh]], na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama [[Joe Biden]] mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an [[Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe|Leas-Uachtaráin]].
 
=== Toghchán 2008 ===
D'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.
 
=== Toghchán 2012 ===
D'fhógair Obama go raibh sé ag seasamh don dara téarma mar uachtarán ar 4 Aibreán 2011. Níor sheas aon duine eile sa Pháirtí Daonlathach ina choinne, beagnach. Fuair sé an t-ainmniúchán féin ag cruinniú náisiúnta na nDaonlathach in [[Charlotte, Carolina Thuaidh|Charlotte]], [[Carolina Thuaidh]], in éineacht le [[Joe Biden]] mar leasuachtarán. [[Bill Clinton]], iar-uachtarán, a d'ainmnigh iad beirt go hoifigiúil. Ar an 6 Samhain 2012 fuair Obama an bua ar [[Mitt Romney]] sa toghchán náisiúnta. Tá a dara théarma le tosnú ar an 20 Eanáir 2013.