An difríocht idir athruithe ar: "Clár Apollo"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An chéad aistear a d'eagraigh NASA don Ghealach le foireann ar bord. Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an nGea...'
 
glanadh
Líne 1:
An chéad aistear a d'eagraigh [[NASA]] don [[An Ghealach|Ghealach]] le foireann ar bord. Rinne Apollo 11 (le [[Neil Armstrong]] is [[Buzz Aldrin|Edwin Aldrin]] ar bord) an chéad tuirlingt ar an nGealach i [[1969]]. 6 aistear ar fad a chuaigh i dtír. Tógadh 300 kg d'ithir, croíleacán is carraigeacha ar ais ón nGealach, agus rinneadh turgnaimh ar an nGealach. Roimh an gclár seo, a lean ar feadh 10 mbliain nó mar sin, bhí cláracha saothraithe [[Mercury]], [[Gemini]], Ranger, Surveyor is Lunar Orbiter ag NASA. An [[Feithicil lainseála|fheithicil lainseála]] Saturn V a úsáideach do chlár Apollo, an [[roicéad]] ba chumasaí riamh. Triúr foirne a bhí ar gach aistear, is iad lonnaithe sa mhodúl stiúrtha a d'fhanadh i bhfithis timpeall [[An Ghealach|na Gealaí]] nuair a scaradh an modúl Gealaí leis chun tuirlingthe. Ansin nuair a d'éiríodh an modúl Gealaí ón [[dromchla]], nascadh sé leis an modúl stiúrtha roimh imeacht le chéile ón bhfithis timpeall na Gealaí le filleadh ar [[an Domhan]]. Tar éis teacht tríd an [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]], thuirlingíodh an modúl Gealaí le paraisiút sa [[Farraige|bhfarraige]], agus thógtaí ar bord loinge é. Ba é Apollo 8 an chéad aistear le foireann don Ghealach ([[1968]]). Tharla an t-aistear deireanach, Apollo 17, i [[1972]]: chaith an fhoireann 75 uair, agus thaistil 34 km, ar dhromchla na Gealaí leis an bhfeithicil ar thugadar ‘fánaí Gealaí’ uirthi.
 
{{Fréamh an Eolais}}