An difríocht idir athruithe ar: "Nasc ceimiceach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Na fórsaí leictreacha a cheanglaíonn adaimh i móilíní agus pais sholadacha neamh-mhóilíneacha. In aon adamh, timpeallaíonn na Leictreon|leictreo...'
 
No edit summary
Líne 1:
Na fórsaí leictreacha a cheanglaíonn [[Adamh|adaimh]] i [[Móilín|móilíní]] agus pais sholadacha neamh-mhóilíneacha. In aon adamh, timpeallaíonn na [[Leictreon|leictreoin]] an [[Núicléas adamhach|núicléas]] i bhfithiseáin i sceallaí timpeall an núicléis. Muna mbíonn an sceall seachtrach lán le leictreoin, an uasmhéid atá ceadaithe don adamh sin, bíonn an t-adamh éagobhsaí agus fonn air nasc a dhéanamh le hadamh eile. Aithnítear 3 shaghas naisc phríomhúil. An nasc ianach, mar atá i gclóiríd [[sóidiam]], NaCl (salann mín), inar chaill an sóidiam leictreon agus ar ghnóthaigh an [[clóirín]] leictreon, ionas go gcoinnítear na hiain seo le chéile trí aomadh frithpháirteach idir Na<small><sup>+</sup></small> is Cl<small><sup>-</sup></small>. Sa nasc comhfhiúsach, mar atá i gclóirín, Cl<sub>2</sub>, bíonn cuid de na leictreoin bainteach leis an dá núicléas. Nuair a nascann dhá adamh hidrigine (H) le hadamh amhain ocsaigine (O), cruthaítear móilín uisce, H<sub>2</sub>O, agus bíonn dhá nasc chomhfhiúsacha ann. Sa nasc miotalach, mar atá i sóidiam, Na, bíonn na fiúsleictreoin dílogánaithe agus bainteach le cuid mhaith núicléas, rud a thugann seoltacht leictreach don mhiotal. Tugtar ''nasc singil'' ar nasc comhfhiúsach ina bhfuil dhá leictreon i gceist, nasc dúbalite ar cheann le 4 leictreon, agus nasc triarach ar cheann le 6 leictreon. Comharthaítear na naisc seo i bhfoirmlí ceimiceacha le -, =, is ≡. Tugtar ''an nascfhuinneamh'' ar an [[Fuinneamh|bhfuinneamh]] is gá chun nasc ceimiceach a bhriseadh (mar shampla, chun móilín clóirín, Cl<sub>2</sub>, a athrú in dhá adamh clóirín, 2 Cl).
 
{{Fréamh an Eolais}}