An difríocht idir athruithe ar: "Forshreabhacht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Airí a léiríonn héiliam leachtach ag teocht faoi bhun -271°C: bíonn a shlaodacht cothrom le nialas, agus ní thugann sé aon Friotaíocht|...'
 
drochnasc
Líne 1:
Airí a léiríonn [[héiliam]] leachtach ag [[teocht]] faoi bhun -271°C: bíonn a [[Slaodacht|shlaodacht]] cothrom le nialas, agus ní thugann sé aon [[Friotaíocht|fhriotaíocht]] do shreabhadh. Léiríonn héiliam forshreabhach airíonna neamhchoitianta, mar shampla, an cumas snámh amach as soitheach, de réir dealraimh, ar neamhchead don domhantarraingt, agus ní féidir é a chur ag casadh mar is féidir a dhéanamh le réad soladach. Is sampla í an fhorshreabhacht d'iompar candamach, ach ar scála is féidir a fheiceáil go díreach. Piotr Kapitza a d'fhionn an fhorshreabhacht i héiliam-4 ag 2.19 K i [[1938]], agus léirigh David Lee, Douglas Osheroff is Robert Richardson forshreabhacht héiliam-3 ag .003 K i [[1972]]. Tá an-suim i bhforshreabhacht héiliam-3 mar ábhar tástála i gcomhair iarmhairtí candamacha in ábhar comhdhlúite.
 
{{Fréamh an Eolais}}