An difríocht idir athruithe ar: "Fungas"

11 bytes removed ,  6 bliana ó shin
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
:Basidiomycota
}}
Is [[orgánach]] [[Eocarót|eocarótach]] é an '''Fungas''' a bhaineann leis an [[ríocht]] '''Fungi'''. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar [[Eumycota]] (fíor-fhungais nó ''Eumycetes'') orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (''myxomycetes'') agus na huisce-mhúscáin (''oomycetes''). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le [[Lobhadh|lobhadh]] agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar [[míceolaíocht|an mhíceolaíocht]] ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an [[Luibheolaíocht]] é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
 
Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas,<ref>Rangaítear an méid spéiceas i ngach fíleam de réir an 10ú heagrán de ''Dictionary of the Fungi'' (Kirk ''et al''., 2008): Ascomycota, 64,163 spéiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia, >1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).</ref> ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.<ref>Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” ''Biodiversity and Conservation'', imleabhar 16, lgh 1–5.</ref>
 
== Moirfeolaíocht ==
[[Íomhá:Penicillium labeled cropped.jpg‎|thumb|190px|left| Micreagraf aondathach a léiríonn hífí ''Penicillium'' mar rudaí fada trédhearcacha tiúbacha atá cúpla micriméadar trasna. Fásann coinidiofóir amach go sleasach ó na hífí, agus críochnaíonn le mogaill fiailídí a bhfuil coinidiofóir chruinne ina gcoirníní orthu. Tá fochraí le feiceáil mar línte dorcha trasna na hífí.]]
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
 
19,799

edits