An difríocht idir athruithe ar: "Toradh citris"

Content deleted Content added
Ábhar ó Fréamh an Eolais measctha isteach
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Is éard atá i gceist leis na '''torthaí citris''' ná torthaí na bplandaí den ghéineas ''Citrus'' san fhine úd ''Rutaceae''. Torthaí citris iad an t-[[Oráiste (toradh)|oráiste]], an [[líomóid]], an [[Líoma (toradh)|líoma]], an t[[seadóg]], an [[pomaló]], an [[ciotrón]], an [[táinséirín]] agus a lán eile. Le fírinne, is hibridí iad an chuid is mó de na torthaí citris a bhíonn á saothrú le haghaidh trádála, agus bhí na saineolaithe féin an-mhall ag teacht isteach ar rangú na gcineálacha éagsúla. Bíonn boladh cumhra as na torthaí seo, agus sú maith folláin iontu a bhfuil a lán vitimín C ([[aigéad ascorbach]]) ann. Os a choinne sin, tá a lán [[aigéad citreach]] i sú na dtorthaí seo fosta, rud a chiallaíonn gur féidir dó damáiste a dhéanamh do na fiacla.
 
Is toim nó crainn spíonacha shíorghlasa iad uile. Na [[Duilleog|duilleoga]] ubhchruthach dúghlas snasta, le nasc altach leis an ngas. An gas eiteach go minic, uaireanta ionas go mbíonn an chuma air gur duille eile é, nasctha le bun na príomhdhuilleoige. Mionathraíonn duilleoga ar bhuinneáin chliathánacha ina spíonta. Iompraítear na duilleoga is na torthaí ar an gcrann ag an am céanna. Na [[Bláth (planda)|bláthanna]] cumhra ina n-aonar nó i gcrobhaingí beaga in ascaillí na nduilleog, 4-5 [[Seipeal|sheipeal]] is 4-8 [[peiteal]] bán méith. Saghas caoire atá sa toradh ina bhfuil na cairpéil (na gnáth-theascáin a chuimsíonn na síolta i mbia méith) imchlúdaithe i [[Craiceann|gcraiceann]] ramhar leathrúil. Cuimsíonn an duilliúr is craiceann na dtorthaí an iliomad [[faireog]] le blátholaí cumhra iontu. Saothraítear an chuid is mó de na speicis citris, chomh maith le cuid mhaith [[saothróg]]. Tháinig na torthaí citris ón [[An tSín|tSín]] is oirdheisceart [[An Áise|na hÁise]] ar dtús, ach tá siad á saothrú go forleathan leis na cianta. Anois fástar iad sna [[trópaicí]] is na réigiúin mheasartha theo ar fud [[An Domhan|an Domhain]] ach gar don Mheánmhuir, [[deisceart]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stát Aontaithe]], [[an Afraic Theas]] is [[an Astráil]]. Tá trádáil shuntasach idirnáisiúnta sna torthaí seo. Itear iad go díreach úr, ach déantar marmaláid, toradh leasaithe is súlach astu freisin, agus faightear blátholaí ó chuid acu atá tábhachtach do [[Tionscal|thionscal]] na gcumhrán.
 
{{Fréamh an Eolais}}