An difríocht idir athruithe ar: "Plé Vicipéide:Lámhleabhar Stíle"

Content deleted Content added
Líne 4:
== An Caighdeán agus a theorainneacha ==
 
Ceist agam oraibh ó thaobh an chaighdeánchaighdeáin dó: cad é na rudaí a nglacann sibh leofa anseo? Cad chuighe nach féidir glacadh le foirmeacha giota beag canúnacha? Cibé ar bith, an duine a bhfuil Gaeilg aige tuigfidh sé achan rud, agus cha dtuigeann an foghlaimeoir achan rud, bíodh sé caighdeánach nó nach mbíodh... An nglacfaí le "go dteachaigh" in áit "go ndeachaigh", le "fá" srl ? Tá siad sin uilig i bhfoclóir Uí Dhónaill, mar sin ciallaíonn sé, dar liom, go nglactar leofa ins a’ chaighdeán. Tá caighdeán litrithe ann, agus caighdeán teangtha. Má scríobhaim i nGaeilg Thír Chonaill, an mbeidh cead agam scríobh ins a’ Vicipéid seo? (is amhlaidh a deirim libh nach go díreach mar atá mé ’scríobh anois a scríobhfainn ins a’ Vicipéid, ar ndóighe!). Is iomaí alt a tchím anseo agus nach bhfuil scríofa sa chaighdeán, mar shampla an t-alt fá dtaobh don Bhriotáinis, a bhfuil cuid mhaith tréithí Muimhneacha ann. Agus is deas liom sin, ba mhaith liom cead a bheith agam a’ rud céarna a dhéanamh!
Grma roimhe ré.
 
Return to the project page "Lámhleabhar Stíle".