An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (stát)"
Content deleted Content added
Líne 38:
== Stair ==
Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna [[Algancach]]a a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh. Bhí an pobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath an bhealaigh go hAlbany, a bheagán nó a mhórán; agus bhí na Mahican ní b'fhaide thoir thuaidh. Tháinig na h[[Iroquois]] aneas as na sléibhte Apaláiseacha timpeall na bliana 800 agus chuir siadsan fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann
Ó 1609 go 1701 bhí Cogaidh na m[[Béabhar]] ar bun, coimhlint a tháinig as an comórtas idir na dtreibheanna ar son an bhuntáiste i dtrádáil na bhfionnadh leis na hEorpaigh. Bhí an bua ag na hIroquois ar na treibheanna ar gach taobh díobh. Bhí ar na hIroquois géilleadh roimh na Francaigh i lár an 17ú haois ach d'éirigh eatarthu an athuair. Shínigh ceannairí na nIroquois an conradh ar a báisteadh Síochán Mór Mhontréal sa bhliain 1701, rud a chuir críoch leis an gcogaíocht eatarthu ar choinníollacha i bhfábhar na nIroquois. Bhí na Sasanaigh ag dul i neart sa réigiúin faoin am sin agus chonacthas do na hIroquois go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ach an dá ghrúpa Eorpach a chur in éadan a chéile.
Bhí [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]]. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi na Dúitsigh agus na Sasanaigh i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantracha faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.▼
Roimhe sin siar sa bhliain [[1664]], ghéill pobal Nieuw Amsterdam do fhórsa armtha Sasanach. B'shin deireadh le smacht na nDúitseach ar an gcoilíneacht ar fad, ó [[Delaware]] go dtí na bólaí taobh thuaidh de Fort Orangie. Thug na Sasanaigh "New York" ar limistéir an stáit mar atá sé inniu, é sin in ómós do Dhiúic [[Eabhrac]] i Sasana. Is de bhunús Cheilteach an ainm Eabhrac.
▲Bhí [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]]. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi na Dúitsigh agus na Sasanaigh araon i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantracha faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.
Sa bhliain 1917 tugadh cearta vótála do na mná den chéad uair. Ar 11 Meán Fómhair 2001, fuair breis is 2,600 duine bás ag an [[Ionad Trádála Domhanda]] i [[Manhattan]], an t-ionsaí sceimhlitheoireachta is mó i stair na Stát Aontaithe. I 2011 thug Tionól Reachtais an stáit cead do shaoránaigh an stáit duine den inscne chéanna a phósadh.
|