An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Maoilíosa"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
Polaiteoir agus [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaí]] [[Éire]]annach ab ea é '''Liam Ó Maoilíosa''' ([[25 Bealtaine]], [[1895]] – [[8 Nollaig]], [[1922]]), nó '''Liam William Joseph Mellows''' as [[Béarla]].
 
== Saol ==
Saolaíodh '''Liam Ó Maoilíosa''' i [[Manchain]], [[Sasana]], mac le tuismitheoirí Éireannacha sa bhliain [[1895]]. Tógadh é i g[[Contae Loch Garman]] in Éirinn, agus bá náisiúnaí é ón aois óg. Chuaigh sé isteach i bh[[Fianna Éireann]] (gluaiseacht [[Poblachtachas|phoblachtach]] do bhuachaillí), agus tar éis tamaill bhí sé gníomhach le h[[Óglaigh na hÉireann]] freisin. Cuireadh faoi ghlas é cúpla uair, agus d'éalagh sé amach ó [[Príosún Reading|Phríosún Reading]] chun teacht ar ais go hÉireann chun páirt a ghlacadh in [[Éirí Amach na Cásca]]. Bhí sé ina cheannaire ar [[Roinn Iartharach]] an [[IRA]], agus rinne sé ionsaí mírathúil ar stáisiún de chuid [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Chonstáblacht Ríoga na hÉireann]] in [[Órán Mór]], [[Contae na Gaillimhe]].
 
Tar éis teipeadh an Éirí Amach, theith Ó Maoilíosa go dtí [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]]. Thosaigh sé ag obair anseo le [[John Devoy]], agus rinne siad na hullmhúcháin don turas a rinne [[Éamon de Valera]] sa tír idir na blianta [[1919]] agus [[1920]]. D'fhill sé ar ais ar Éireann arís nuair a bhris an [[Cogadh Angla-Éireannach]] amach. Rinne an tIRA Stiúrthóir Soláthairtí de i rith an chogaidh, agus bhí sé freagrach as ceannach airm.