An difríocht idir athruithe ar: "Peirsidí"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Mórchith dreigí, taispeántas iontach de réaltaí reatha (dreigí) a bhíonn le feiceáil sa spéir ar feadh seachtaine nó mar sin thart ar 12 Lúnasa...'
 
+ img
Líne 1:
[[Íomhá:Perseiid.jpg|mionsamhail|Ag athrú Peirsidí]]
Mórchith dreigí, taispeántas iontach de [[Réalta|réaltaí]] reatha (dreigí) a bhíonn le feiceáil sa spéir ar feadh seachtaine nó mar sin thart ar [[12 Lúnasa]] gach bliain, an lá a thrasnaíonn [[an Domhan]] fithis na ndreigeoideach sin. Feictear suas le 70 dreige in aghaidh na huaire. Bíonn an dealramh orthu go radaíonn siad amach as an [[réaltbhuíon]] [[Peirséas]], agus ainmnítear iad as seo. Le fírinne, níl ann ach go mbíonn siad sa treo céanna uainn le Peirséas, gan aon bhaint acu leis. Baineann an cith seo le [[cóiméad]] Swift-Tuttle a fionnadh i [[1862]] is a tháinig an treo seo arís i [[1992]], agus is é atá sa chith smionagar clochach is gaineamhach in [[eireaball]] an chóiméid, atá ag taisteal i bhfithis an chóiméid. Dreige ar mhéid [[gráinne]] gainimh a dhóitear go hiomlán ard san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]] a bhíonn i réalta reatha amháin.