An difríocht idir athruithe ar: "Briseadh (cnámh)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Sa mhíochaine, briseadh i leanúnachas cnáimhe. De ghnáth tarlaíonn a leithéid de bharr fórsa sheachtraigh, ach is féidir go dtarlóidh...'
 
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Broken_fixed_arm.jpg|deas|250px|thumb|Briseadh]]
Sa [[Míochaine|mhíochaine]], briseadh i leanúnachas [[Cnámh|cnáimhe]]. De ghnáth tarlaíonn a leithéid de bharr fórsa sheachtraigh, ach is féidir go dtarlóidh de bharr galair (briseadh paiteolaíoch), cosúil le hailse cnáimhe a chuireann isteach ar struchtúr is ábhar na cnáimhe. Tarlaíonn briseadh cnáimhe i bhfoirmeacha éagsúla, ó bhriseadh trasnach líne caoile gan díláithriú (briseadh scolbach) go dtí briseadh dian ina mbristear an chnámh i roinnt mionphíosaí (briseadh spruánach). Bíonn cumas fiúntach ag cnámha a bpíosaí a athaontú, ach braitheann an chóireáil is an toradh ar cé chomh maith is a dhéantar na fo-phíosaí a ailíniú leis an mbunchnámh is a choinnítear iad mar sin le linn an athaontaithe. Má ailíníonn na píosaí go maith, is féidir iad a choinneáil in áit le cléithín simplí le linn an athaontaithe. Ach i gcás bristí créachtacha is bristí díláithrithe, is féidir go mbeidh gá le láimhsiú sa tréimhse athaontaithe, nó bioráin is scriúnna miotalacha chun na píosaí cnáimhe a choinneáil ailínithe is le chéile.