An difríocht idir athruithe ar: "Gaillimh"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 51:
Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Cuireadh caisleán ar bun sa [[12ú haois|12ú chéad]] ar bhéal abhann ghearr na Gaillimhe. Níos déanaí, tháinig [[Normannaigh]], agus ina ndiaidh siúd bhí an chathair faoi smacht [[Sasana|Shasanach]]. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an [[an Cladach|gCladach]], bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. [[Béarla]] a bhí sa gcathair, agus [[Gaeilge]] i ngach áit eile mórthimpeall. Fiú i ndiaidh an Drochshaoil, áfach, de réir an daonáirimh sa bhliain 1851, bhí Gaeilge ag formhór mhuintir na cathcrach.
[[Íomhá:Old-Galway.jpg|344px|thumb|left|Léarscáil ó 1651.]]
 
 
==Dugaí na Gaillimhe==
 
Sa bhliain [[1830]] bunaíodh Bord Chuan na Gaillimhe agus trí bliana ina dhiaidh sin tosaíodh ar thógáil na ndugaí nua, le cabhair iasacht rialtais, agus cuireadh críoch leis na dugaí sa bhliain [[1842]].
 
Anuas ar limistéar an chalafoirt a fhorbairt, ba é a bhí sa mhórphlean i gcónaí riamh ná go gceanglófaí na córais uisce intíre ar fad a bhain le [[Loch Coirib]] agus le [[Loch Measca]] le chéile. Sa tslí sin d'fhéadfaí táirgí ó na ceantair seo a thabhairt chun calafoirt an bhaile i mbáid. Sa bhliain [[1820]] bhí [[Nimmo]] tar éis a mholadh go ngearrfaí canáil ar thaobh thoir an bhaile a nascfadh [[Barr an Chalaidh]] leis na dugaí a moladh, ach diúltaíodh don scéim seo agus ina áit sin cuireadh an chanáil ar thaobh thiar an bhaile. Tosaíodh ar an obair don tionscadal seo sa bhliain 1848 agus osclaíodh go hoifigiúil é ceithre bliana níos déanaí.
 
 
 
== Tagairtí ==