AnIs é atá i gceist le '''''Skylab''''' ná an chéad [[stáisiún spáis]] [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]], a lainseáladh ar fheithicil Satarn V i [[1973]], bunaithe ar [[Teicneolaíocht|theicneolaíocht]] is trealamh ó scéim [[Apollo]]. Tógadh an tsaotharlann roimh lainseáil taobh istigh d'umar [[breosla]] an 3ú staid den Satarn V. Feidhmíodh i bhfithis íseal ar feadh 171 lá é ag 3 fhoireann de thriúr. Chaith an 3ú foireann an tréimhse is faide ar bord (84 lá). Rinne an chéad fhoireann deisiúchán práinne ar [[An Sciath|an sciath]] cosanta i gcoinne micridhreigeoideach is teasa a cailleadh sa lainseáil. Rinneadh cuid mhaith [[turgnamh]] is braistintí leis, agus nuair a d'fhág an 3ú foireann é fágadh gan tionlacan é. Tháinig sé ar ais san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]] i [[1979]], agus bhí imní ar fud [[An Domhan|an Domhain]] mar gheall ar an mbruscar a thitfeadh uaidh. Níor tharla aon damáiste, áfach, bíodh is go bhfuarthas píosaí móra bruscair amuigh sa bhfásach san [[An Astráil|Astráil]].