An difríocht idir athruithe ar: "Johannes Scotus Eriugena"

Content deleted Content added
níl an bosca taispeáinte go ceart, cibé cén fáth,
D'aistrigh mé an cuid faoina ainm ón vicipéid Bhéarla
Líne 12:
[[íomhá:Johannes-Scotus-Erigena.jpg|thumb]]
Diagaire Éireannach, fealsamh [[Nua-Phlatónachas|Nua-Phlatónach]], agus file ab ea é '''Johannes Scotus Eriugena''' Scríobh sé roinnt mhaith saothar, ach is so-aitheant sa lá atá inniu, agus chuaigh i bhfeidhm ar daoine sna céadta bliain ina dhiaidh sin ná a chuid tráchtaireachtaí, aistrithe ón [[An tSean-Ghréigis|Ghéigis]] a rinne sé ar obair an dhiagaire agus fhealsaimh [[Pseudo-Dionysius an tAreopaguch]].
 
== Ainm ==
D’úsáid Johannes Scotus an fhoirm "Eriugena" den bhuafhocal a cuireadh lena ainm in aon lámhscríbhinn amháin. Is é is brí leis ná ‘a rugadh in Éirinn (Ériú)’. Ba é ‘Scottus' an téarma Laidine ar “Éireannach” nó “Gaelach” agus, dá bhrí sin, aistrítear a ainm mar “Johannes, an Gael a rugadh in Éirinn”. Is é “Scotti” an téarma ar thug na Rómhánaigh ar na hÉireannaigh. Litríodh an focal mar ‘Scottus’ (le dhá ‘t’ seachas ceann amháin) sna lámhscríbhinní luatha suas go dtí b’fhéidir an 11ú aois. Tugtar ‘Scottigena’ (“a rugadh in Éirinn”) ar sna lámhscríbhinní corruair, freisin.
 
Tá sé tábhachtach é a idirdhealú ón bhfealsamh d’aois ní ba dhéanaí, Duns Scotus.