An difríocht idir athruithe ar: "An Airméinis"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 8:
|rialtóir=Acadamh Náisiúnta um Eolaíocht na hAirméine
|iso1=hy|iso2=arm (B) hye (T)|iso3=hye}}
Teanga is ea í an '''Airméinis''' a labhraítear san [[An Airméin|Airméin]] agus i measc an diaspóra Airméanaigh ar an gcoigríoch. Teanga Ind-Eorpach is ea í, agus í ina foghrúpa inti féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha. Creidtear gurb í an Ghréigis an teanga is gaolmhaire di, ach níl aon chomhthuiscint ann. Tá an Airméinis breac le hiasachtaí ó na seanteangacha a labhraítí ina timpeall, focail nach féidir mórán a fháil amach fúthu a thuilleadh. Bhí an-tionchar ag an b[[An Pheirsis|Peirsis]] agus an [[An Tuircis|Tuircis]] ar stór focal na teanga, agus bhí tionchar na Peirsise is na dteangacha Iaránacha eile ar an Airméinis chomh láidir is gur shíl na teangeolaithe Iartharacha ar dtús gur ceann acu siúd a bhí ann.
 
Náisiún seanársa is ea iad na hAirméanaigh a chuaigh leis an gcreideamh Críostaí sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Deirtear gurb é Naomh Meshrop Mashtots, naomhphatrún na hAirméine, a chum is a cheap aibítir agus caighdeán clasaiceach na hAirméinise sa bhliain 405. Is féidir tionchar na haibítre Gréagaí a aithint ar ordú na litreach in aibítir na hAirméinise, ach ní féidir leis an nGréagach aon chiall a bhaint as na litreacha féin.
 
De ghnáth, ní úsáidtear an aibítir Airméanach le haon teanga eile a scríobh. Thiar san ochtú agus sa naoú haois déag, áfach, tháinig cuid mhaith leabhar Tuircise amach i gcló Airméanach. B'é ba chúis leis seo go raibh an leagan clasaiceach den Airméinis, an tSean-Airméinis nó an teanga Grabar, go raibh sí dothuigthe ag an gcuid de na hAirméanaigh nach raibh ag freastal ar scoileanna na hEaglaise. Mar sin féin, theastaigh leabhair uathu i dteanga a thuigfidís - Tuircis. Bhí Tuircis an lae sin á scríobh san [[aibítir Arabach]], de ghnách, ach ó bhí an aibítir seo ceangailte go dlúth don chreideamh Mhuslamach, ní raibh na hAirméanaigh sásta í a úsáid.