An difríocht idir athruithe ar: "An Amáiris"
Content deleted Content added
http://focal.ie/Search.aspx?term=Amharic |
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
||
Líne 17:
Mar theanga Sheimíteach, tá an Amáiris gaolmhar leis an [[An Araibis|Araibis]], leis an [[An Aramais|Aramais]], agus leis an [[An Eabhrais|Eabhrais]]. Is iad na gaolta is dlúithe atá aici i Leathinis na hAraibe, áfach, na teangacha a bhí á labhairt ag muintir Dheisceart na hAraibe sula ndeachaigh an Araibis (nach raibh inti ach teanga an Tuaiscirt ar dtús) ina n-áit le teacht an Ioslaim.
Murab ionann agus an Araibis is an Eabhrais (nó an Ghaeilge), cuireann an Amáiris an aidiacht roimh an ainmfhocal (cosúil leis an mBéarla). Tionchar ó theangacha neamh-Sheimíteacha an réigiúin is cúis leis an athrú seo, is dócha. Ceann eile de shaintréithre na dteangacha Séimíteacha nach bhfuil chomh coitianta san Amáiris is ea
Siúd is nach mbíonn na hiolraí briste coitianta san Amáiris a thuilleadh, tá córas na dtamhan tríchonsanach is dual do na teangacha Seimíteacha ann, agus baintear úsáid as le focail nua a fhréamhú is a chumadh san Amáiris.
|