An difríocht idir athruithe ar: "Croí"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Heart numlabels.png|mionsamhail|200px|1 Aitriam deas
2 Aitrium clé
3 Vena cava uachtarach
4 Aorta
5 Artaire scamhógach
6 Féith scamhógach
7 Comhla bheannach
8 Comhla aortach
9 Méadailín clé
10 Méadailín deas
11 Vena cava íochtarach
12 Comhla thríchuspach
13 Comhla scamhógach]]

Is [[orgán]] [[Matán|matánach]], i ndaoine agus in ainmhithe eile é an '''croí''' a bhíonn ag pumpáil fola thart ar an chorp, trí [[ fuileadán|fhuileadán]] an chórais imshruthaithe. Soláthraíonn an fhuil bia, ocsaigin agus substaintí eile timpeall na colainne agus freisin cuidíonn sé le fuíollábhair mheitibilacha a bhaint. Tá croí an duine thart fán mhéid chéanna le dorn druidte. Tá sé suite idir na scamhóga, sa spás meánchliabhraigh. Tugtar an matán cairdiach ar an chroí.

I ndaoine, mamaigh eile, agus éin, tá an croí roinnte i gceithre sheomra: na [[Aitriam (bitheolaíocht)|haitriamaí]] clé agus ar dheis uachtaracha, agus na [[Méadailín (bitheolaíocht)| méadailíní]] clé agus ar na dheis íochtaracha. Tugtar, go coitianta, ''an croí deas'' ar an aitriam agus an mhéadailín ar dheis agus ''an croí clé'', ar a gcontrapháirt ar an taobh éile. I gcodarsnacht leo, bíonn dhá sheomra sna héisc, aitriam agus méadailín, cé go mbíonn trí sheomra sna reiptílí. I gcroí folláin, sreabhann an fhuil ar bhealach amháin tríd an chroí, as siocair na gcomhlaí croí a chuireann cosc ​​ar sreabhadh droim ar ais. Bíonn an croí faoi chosaint sa [[peireacairdiam|pheireacairdiam]] (sac cosanta), ina mbíonn roinnt beag sreabháin. Tá balla an chroí comhdhéanta de trí shraith:. an [[eipeacairdiam]], an [[miócairdiam]], agus an [[ionchairdiam]].