An difríocht idir athruithe ar: "An Chóiréis"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 14:
== An Chóiréis mar Theanga ==
Is deacair a rá, an bhfuil gaol ar bith ag an gCóiréis le haon teanga eile. Tá cuid de na teangeolaithe den tuairim go bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann agus na [[teangacha Altaecha]], agus an Chóiréis ina ball den fhine seo. Creideann cuid eile, áfach, gur teanga aonaránach í, cosúil leis an m[[An Bhascais|Bascais]]. Teanga tháite is ea an Chóiréis, cosúil leis na [[teangacha Tuircice]]
== Scríbhneoireacht na Cóiréise ==
Líne 20:
== Foirmeacha Onóraithe na Cóiréise ==
Cosúil leis an tSeapáinis, ceadaíonn an Chóiréis don chainteoir ómós agus urraim a chur in iúl trí fhoirmeacha speisialta gramadúla a úsáid. Tá an córas "onóraithe" seo i bhfad níos casta sa Chóiréis ná sa tSeapáinis féin. Cuid den chóras is ea na focail speisialta (mar shampla, is é ''jinji'' an focal ómósach a chiallaíonn "bia", ach is é ''bap'' an gnáthfhocal - éilíonn an dea-bhéasaíocht go dtabharfaidh tú ''jinji'' ar an mbia atá an duine eile a ithe, cé gurb é an bia ceannann céanna é agus do chuid ''bap'' féin), ach is minicí a chuirtear an urraim in iúl trí shiollaí
== Canúintí na Cóiréise ==
Cé gurb í an teanga chéanna í, is féidir difríochtaí áirithe a aithint idir Cóiréis an Deiscirt agus Cóiréis an Tuaiscirt. Sa Tuaisceart, táthar ag iarraidh téarmaí nuachumtha a chur in úsáid in áit na bhfocal iasachta, cosúil leis an dóigh a seachnaítear na comharthaí Síneacha ansin. Thairis sin, níl caighdeán an dá stát bunaithe ar an gcanúint chéanna. Cuid thábhachtach d'fhuaimniú na Cóiréise is ea comhshamhlú na gconsan, agus é ag obair go héagsúil sna canúintí difriúla. Ní hionann ainm na teanga féin sa dá thír, nó má thugann muintir an Tuaiscirt ''Chosŏnmal'' uirthi, deir muintir an Deiscirt go labhraíonn siad ''Han'gugeo''.
Labhraítear seacht nó ocht bpríomhchanúint Chóiréise i gcúigí éagsúla an dá stát. Ní bhíonn siad ródhifriúil le chéile, díomaite de cheann
Is iad na príomhchanúintí eile ná:
Líne 35:
* Canúint Hamgyŏng. Is í an chanúint a labhraítear in Oir-Thuaisceart na Cóiré, i gcúigí Hamgyŏng agus Ryanggang. Is í an cineál Cóiréise is mó a chluinfeá sa tSín, freisin.
* Canúint Kangwon (nó Gangwon). Labhraítear ar an dá thaobh de theorainn an dá Chóiré í, i gCúige Gangwon sa Tuaisceart agus i gCúige Kangwon sa Deisceart
* Labhraítear canúint Chungcheong i gcúige Chungcheong, taobh theas de Seoul, ar an taobh thiar de leathinis na Cóiré. Is í an chanúint a chloisfeá i gcathair Daejeon freisin.
Líne 43:
* Is í canúint Jeolla caint na sráide in iardheisceart na Cóiré, i gcathair Gwangju mar shampla.
An cineál Cóiréise a labhraítear sa tSín, tá sí cosúil leis na canúintí is cóngaraí a chloisfeá sa Chóiré (Thuaidh) féin. Is léir, áfach, go bhfuair sí téarmaí nua-aimseartha ar iasacht ón tSínis nach n-úsáidtear sa Chóiré Thuaidh. Maidir leis an gCóiréis a labhraíonn an diaspóra sa tSeapáin, is gnách "Cóiréis Zainichi" a thabhairt
== Frásaí Cóiréise ==
Líne 57:
|Cóiréis
|한국어
|''hangugeo''
|/{{AIF|hangugʌ}}/
|-
|Dia dhuit
|안녕하세요
|''annyeonghaseyo''
|/{{AIF|anːjʌŋhasejo}}/
|-
|Dia dhuit (neamhfhoirmeálta)
|안녕
|''annyeong''
|/{{AIF|anːjʌŋ}}/
|-
|Slán
|안녕히계세요
|''annyeonghigeseyo''
|/{{AIF|anːjʌŋhigɛsejo}}/
|-
|Slán (neamhfhoirmeálta)
|안녕
|''annyeong''
|/{{AIF|anːjʌŋ}}/
|-
|Go raibh maith agat
|고맙습니다
|''gomapseupnida''
|/{{AIF|komapsɯmnida}}/
|-
|Go raibh maith agat (neamhfhoirmeálta)
|고마워
|''gomaweo''
|/{{AIF|komawʌ}}/
|-
|Cé mhéid?
|얼마예요?
|''eolmayeyo''
|/{{AIF|ʌlmaɛjo}}/
|-
|Tá brón orm
|미안합니다
|''mianhamnida''
|/{{AIF|mianhamnida}}/
|-
|Ní thuigim
|모르겠습니다
|''moreugesseumnida''
|/{{AIF|morɯkes'ɯmnida}}/
|-
|Cá bhfuil an leithreas?
|화장실이 어디예요?
|''hwajangsili eodiyeyo''
|/{{AIF|hwacaŋsiri ʌdijɛjo}}/
|-
|An bhfuil Béarla agat?
|영어 할 줄 아세요?
|''yeongeo hal jul aseyo''
|/{{AIF|jʌŋʌ hal cul asɛjo}}/
|}
|