An difríocht idir athruithe ar: "Adolf Hitler"
Content deleted Content added
chlib amháin: Rollback |
No edit summary |
||
Líne 18:
|síniú = Hitler Signature2.svg
|}}
Bhí '''Adolf Hitler''' ([[20 Aibreán]] [[1889]] – [[30 Aibreán]] [[1945]]) ina cheannaire (nó ''Führer'') ar an n[[an Ghearmáin|Gearmáin]] ón mbliain [[1933]] go dtína bhás sa bhliain [[1945]]. Ba eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an b[[an Pholainn|Polainn]], rud a chuir tús leis an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomhaireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar an tír, bhunaigh sé stát ollsmachtúil nár fhág cead cainte ar bith ag an bhfreasúra, agus bhain sé an chuid ba mhó de na cearta sibhialta de na saoránaigh. Rinne sé géarleanúint chruálach ar a chuid naimhde polaitiúla, ar nós na g[[Cumannachas|Cumannach]], na n[[Sóisialachas Daonlathach|Daonlathach Sóisialta]], agus a lán dreamanna eile. Bhí an [[ciníochas]] fite fuaite trína shaoldearcadh, ionas nach raibh meas an mhadra aige ar na Giúdaigh ná ar na Slavaigh. D'fhéach sé le [[An Giúdachas|Giúdaigh]] uile na h[[An Eoraip|Eorpa]] a mharú, agus leis an bplean
== Saol ==
Líne 33:
Sa bhliain 1905, chuaigh Adolf Hitler go dtí Vín, agus é dírithe ar staidéar a dhéanamh ar an bpéintéireacht. Bhí sé ábalta tithe a tharraingt go pointeáilte, ach ní raibh aon lámh aige ar na daoine mar mhóitífeanna. Mar sin, ní raibh ach an dubheitiú ar fáil ó Acadamh na nEalaíon. D'fhan sé i Vín mar sin féin, agus é ag máinneáil thart sa chathair agus ag áitiú air féin go raibh comhábhair an ealaíontóra mhóir ann. D'fhaigheadh sé foscadh oíche sna tithe dídine. Scríobh sé ina leabhar "Mein Kampf" go raibh sé ar an mblár fholamh ar fad i Vín, ach is dócha go raibh sé ag teacht i dtír go réasúnta ar a phinsean agus ar an airgead a bhí ag teacht óna mháthair. Thairis sin, bhí sé ag líniú pictiúir de thithe agus de radharcraí na cathrach, agus fuair sé cúpla sciúrtóg airgid as na pictiúir seo ó am go ham.
[[Íomhá:Гитлер 1900 г. в центре.jpg|mion|Hitler agus a chairde, 1900]]
Sa bhliain [[1907]], cailleadh a mháthair le hailse. Chuaigh Hitler go [[Linz]] ansin, áit ar fhreastail sé ar an meánscoil roimhe sin. D'fhill sé go Vín sa bhliain 1909. Creidtear gurb ansin a thosaigh a dhearcadh frith-Ghiúdach ag forbairt i gceart, nó ní raibh an frith-Ghiúdachas go ródhona i measc a
[[Íomhá:Hitler as young man.jpg|clé|mion|1920-1924]]
De réir mar a dúirt [[August Kubizek|August "Gustl" Kubizek]], an cara ab fhearr a bhí aige san am sin, bhí i bhfad ní ba mhó spéise ag Hitler i gceoldrámaí [[Richard Wagner]] ná i bpolaitíocht sna blianta úd.
Líne 43:
Go gairid roimh dheireadh an chogaidh, chaill Hitler radharc a shúl i ndiaidh ionsaí gás nimhe, mar a dúirt sé féin ina leabhar, agus b'éigean dó seal a chaitheamh in ospidéal míleata i b[[Pasewalk]] le biseach a fháil. Is é an tuairim atá ag staraithe an lae inniu ar an scéal ná nach raibh ann ach freagairt histéireach a cholainne ar an drochscéala a chuala sé: bhí réabhlóid ar siúl, agus Impireacht na Gearmáine ag tiontú ina Poblacht. Bhí dearcadh coimeádach, nó frithghníomhach fiú, ag Hitler ar chúrsaí polaitíochta na Gearmáine, agus bhain an nuacht seo a leithéid de stangadh as is gur fágadh dall é ar feadh tamaill. An dochtúir ar cuireadh Hitler faoina chúram, ní raibh sé ina speisialtóir ar ghalair na súl, ach ina shiciatraí. Is é an breithiúnas a thug sé ar Hitler gur [[Síceapaite|síceapatach]] a bhí ann nár chóir ceannasaíocht ar bith a bhronnadh air ná é a chur in áit an údaráis. Mar a bhí na himeachtaí staire le taispeáint, breithiúnas ciallmhar a bhí ann nár tugadh an aird chuí air ina dhiaidh sin, ar mhí-ámharaí an tsaoil.
[[Íomhá:Hitler WWI.jpg|clé|250px|thumb|Hitler (ina shuí ar chlé) ina shaighdiúr sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|Chogadh Mór]].]]
Cuid den fhinscéal polaitiúil a d'insíodh Hitler faoina shaol ina dhiaidh sin ab ea é gur chinn sé, i ndiaidh an tseala a chaith sé ag bisiú i bPasewalk, dul le polaitíocht. Le fírinne, níl sé soiléir an raibh sé leath chomh cinnte faoina thuairimí polaitiúla san am sin, nó go praiticiúil, bhí sé idir eatarthu. D'fhill sé ó Pasewalk go dtína reisimint féin i [[München]], agus é ag iarraidh fanacht sna saighdiúirí. Nuair a tháinig na Sóisialaithe radacacha i seilbh an rialtais áitiúil sa chathair, bhí Hitler sásta bheith ina idirghabhálaí idir an reisimint agus ionadaithe an rialtais sin. Nuair a maraíodh [[Kurt Eisner]], an Sóisialaí Giúdach a bhí ina Phríomh-Aire ar an rialtas radacach sin, d'éirigh ina chogadh dearg sa [[An Bhaváir|Bhaváir]] idir na Sóisialaithe agus na ''[[Freikorps]]'', na Saor-Chóir Armtha, cineál "Dúchrónaigh" a raibh dearcadh náisiúnaíoch ón eite dheis acu. I bhfianaise imeachtaí a shaoil ina dhiaidh sin, shílfeá go nglacfadh Hitler páirt ghníomhach sna trioblóidí agus é ag cuidiú leis na Freikorps, ach ní mar a shíltear a bhítear. Le fírinne, tá pictiúirí scannáin fágtha againn ón tréimhse a thaispeánann Hitler ag glacadh páirte i dtionlacan sochraide
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 102-00344A, München, nach Hitler-Ludendorff Prozess.jpg|mion|1 Aibreán 1921, München, i ndiaidh an cruinniú Hitler-Ludendorff ]]
Nuair a bhí na Freikorps i ndiaidh na Sóisialaithe a threascairt, fuair Hitler jab ag oifig riaracháin an Airm i München, ó b'ansin a bhí cuid mhór den chumhacht pholaitiúil san am. Dealraíonn sé gur sceith sé ar iar-chomhshaighdiúirí a raibh bá acu leis an rialtas Sóisialach le dea-mhéin an lucht rialtais nua a bhaint amach dó féin. Ní raibh Arm na Gearmáine, nó an ''[[Reichswehr]]'', sásta géilleadh do choinníollacha [[Síocháin Versailles|Chonradh Síochána Versailles]], agus mar sin, bhí an tArm ag tacú ar chúla téarmaí le fórsaí rúnda
=== Sa Pháirtí ===
Líne 57:
Nuair a d'fhág sé an tArm ar an aonú lá déag is fiche de Mhárta 1920, bhí pá mhaith aige cheana mar óráidí.
Sa bhliain 1921, chuaigh Hitler féin i gceannas ar an bpáirtí mar chathaoirleach. Ar an 29 Iúil 1921, tar éis dó ballraíocht iomlán a ghlacadh i bPáirtí Gearmánach na nOibrithe an bhliain roimhe, toghadh Adolf Hitler mar thaoiseach ar an bpáirtí<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN|údar=www.ucd.ie/centenaries|dáta=2016|dátarochtana=29 Iúil 2018}}</ref>. Tamall de bhlianta ina dhiaidh seo, chum sé an teideal
Bhí Hitler ina bhoc mór sa pholaitíocht áitiúil anois, ach níor glacadh i ndáiríre é taobh amuigh den Bhaváir.
Líne 78:
Ní hionann sin is a rá go mbeadh ag éirí go rómhaith le Hitler nó leis an NSDAP sa pholaitíocht. Bhí saol polaitiúil na Gearmáine ag socrú chun suaimhnis, agus an eacnamaíocht ag bisiú. Mar sin, ní raibh mórán éisteachta ar fáil d'óráidí na náisiúnaithe radacacha. Nuair a d'fhill Hitler ar an tsaoirse, bhí an páirtí imithe le fiántas, go háirithe i dtuaisceart na Gearmáine. Is é sin, tháinig craobh nua den pháirtí ar an bhfód ansin, ach bhí sí á stiúradh ag daoine a ghlac an chuid "Shóisialach" den tSóisialachas Náisiúnta i ndáiríre, agus iad míshásta leis an dóigh a raibh Hitler ag comhoibriú le sean-uasalaicme na sochaí.
[[Íomhá:Otto Strasser.jpg|mion|Otto Strasser, 1956, ar ais sa Ghearmáin]]
Ba iad [[Gregor Strasser]] agus a dheartháir [[Oto Strasser|Otto]] ba mhó a bhí taobh thiar den fhorbairt seo. Bhí Hitler ábalta "Boilséiveachas náisiúnaíoch" Strasser a chloí agus daoine de lucht a
I ndiaidh an ''choup d'état'' nár éirigh leis, tháinig an tuiscint ag Hitler nárbh í an lámh láidir an dóigh ab fhearr le réabhlóid a chur i gcrích. Ina áit sin, chrom sé ar an daonlathas a chur ar ceal trí bhuntáiste a ghlacadh ar an daonlathas féin. Theastaigh uaidh go mbainfeadh an NSDAP amach suíocháin sa pharlaimint, ach san am céanna, níor theastaigh uaidh go mbeadh an páirtí sásta comhoibriú leis na páirtithe eile. Thairis sin, bhí an NSDAP le bruíonachas a spreagadh sna sráideanna le baint de shíocháin na sochaí. Mar sin, d'fhéadfaí an chuma a chur ar na cúrsaí go raibh an daonlathas ó mhaith mar rud ann féin agus go raibh údarásúlacht de dhíth. Thairis sin, deir saineolaithe áirithe go raibh Hitler ábalta cleasaíocht nua-aoiseach a úsáid i bhfógraíocht an pháirtí, agus gurbh é an gliceas seo a chinntigh rath agus bláth don pháirtí sa deireadh.
Líne 84:
Bhain Hitler agus an páirtí amach poiblíocht ar fud na tíre nuair a chuaigh siad chun tosaigh ag éileamh reifreann faoi [[Plean Young|Phlean Young]], nach raibh siad sásta leis. Is é an rud a bhí i gceist leis an bplean seo ná scéim a bhí socraithe ag rialtas an tSeansailéara Shóisialaigh Dhaonlathaigh [[Hermann Müller]] leis na Meiriceánaigh faoi íocaíocht an chúitimh chogaidh a bhí dlite ón nGearmáin de réir chonradh síochána Versailles. Níor éirigh le Hitler an reifreann a fháil cóirithe, ach murar éirigh, fuair sé tuilleadh tacaíochta i measc na buirgéiseachta náisiúnaíche coimeádaí, agus bhí teagmháil aige le h[[Alfred Hugenberg]], cathaoirleach Pháirtí Gearmánach Náisiúnta an Phobail (''Deutschnationale Volkspartei'', DNVP), nó páirtí na náisiúnaithe coimeádacha. Mórfhoilsitheoir nuachtán ab ea Hugenberg, agus bhí sé sásta tacaíocht a chuid nuachtán a ghealladh do Hitler. Is é an breithiúnas a bhí aige féin ar an scéal ná gur uirlis mhaith ab ea Hitler le smaoineachas na náisiúnaithe coimeádacha a scaipeadh is a chraobhscaoileadh i measc na cosmhuintire, ach níor chreid sé go bhféadfadh pleananna dá chuid féin a bheith ag Hitler agus iad difriúil ar aon nós ná slí leis na pleananna a bhí ag a leithéidí féin. B'iomaí duine de thacadóirí coimeádacha Hitler a raibh an dearcadh céanna aige. Mar a phointeáil [[George Orwell]] amach, bhí coimeádaigh den chineál sin dall ar chomh réabhlóideach agus a bhí an [[Naitsíochas]] mar idé-eolaíocht, agus an dímheas a bhí ag na Naitsithe ar na luachanna coimeádacha, ar nós an reiligiúin.
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 102-10541, Weimar, Aufmarsch der Nationalsozialisten.jpg|mion|Weimar, 1930]]
Mar sin féin, is dócha nach mbainfeadh Hitler amach an deachtóireacht riamh, murach gur tháinig géarchéim eacnamaíochta na dtríochaidí, an [[An Spealadh Mór|Spealadh Mór]] nó an ''Depression'', chun fortachta air. Thosaigh an spealadh sa bhliain 1929, agus bhí an Ghearmáin thíos leis thar aon tír eile, beagnach. Ar an 29 Márta 1930, thit comhrialtas na Sóisialach Daonlathach, an pháirtí Chaitlicigh (''[[Zentrum]]'') agus na Liobrálach (nó DDP, Páirtí Daonlathach na Gearmáine) as a chéile, agus an t-easaontas a bhí idir na páirtithe éagsúla faoin dóigh cheart leis an tír a chosaint ar thorthaí an spealta. Ba é an Sóisialach Daonlathach Hermann Müller a bhí ina Sheansailéir ar an nGearmáin san am seo, agus ba é an Seansailéir deireanach a raibh údarás daonlathach aige ó mhuintir na Gearmáine. Nuair a bhí Müller éirithe as, cheap an tUachtarán Paul von Hindenburg an Feisire Caitliceach (is é sin, ball de chuid an pháirtí ''Zentrum'') Heinrich Brüning mar Sheansailéir, agus sa chéad olltoghchán eile, ar an 17 Deireadh Fómhair, mhéadaigh céatadán vótaí na Naitsithe ó 2.6 go 18.3. Roimhe sin, ní raibh ach dhá shuíochán déag acu sa Reichstag, ach anois, tháinig seachtar thar an gcéad acu isteach. Na páirtithe measartha a bhí báúil le [[bunreacht Weimar]], ní raibh tromlach acu a thuilleadh, agus anois, bhí Hitler iompaithe ina bhoc mór i bpolaitíocht na Gearmáine.
=== An Dóigh ar Bhain Sé amach an tSeansailéireacht ===
Líne 99:
=== Tús na Deachtóireachta ===
San oíche idir an 27ú agus an 28ú lá de Mhí Feabhra 1933, chuaigh áras an
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-R14128A, Martin Bormann.jpg|deas|mion|265x265px|[[Martin Bormann|Martin Borman]]]]
Líne 113:
Ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh, 1934, "[[Oíche na Scian Mór]]", phurgaigh Hitler a pháirtí. Maraíodh Röhm agus ceannairí eile an SA, chomh maith le sraith de ghinearáil agus daoine eile nach raibh ag taitneamh le Hitler ar chúis éigin. Cuid acu, bhí siad dáiríribh ag cur in aghaidh Hitler, ach ní raibh sa chuid eile ach Naitsithe dílse nó náisiúnaithe coimeádacha a fuair Hitler riachtanach a chur chun báis ar eagla na heagla. Mar shampla, maraíodh an Ginearál [[Kurt von Schleicher]] agus a bhean chéile, toisc go raibh von Schleicher féin ina Sheansailéir tráth, roimh lá Hitler.
I ndiaidh bhás [[Paul von Hindenburg|Hindenburg]] ar an dara lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1934, chuir Hitler ar na fórsaí armtha mionnaí dílseachta a mhóidiú dó féin, agus ón lá sin amach, bhí sé ina Cheannaire agus ina Sheansailéir
I Mí Eanáir 1938, cuireadh [[Werner von Blomberg]], arbh é an tAire Cogaidh é, agus an Ginearál-Choirnéal [[Werner von Fritsch]], Ard-Cheannasaí an Chos-Slua, as oifig. Ba é an SS a tharraing callán orthu. Maidir le Blomberg, cuireadh bean óg, [[Erna Gruhn]], in aithne dó a bhí ina hiar-striapach agus ina hiar-chuspa d'irisí pornagrafaíochta. Thit Blomberg i ngrá leis an gcailín, cé gur fear cnagaosta a bhí ann cheana féin, agus phós sé í. Ar dtús, ní raibh Hitler ná Göring míshásta ar aon nós ná slí le scéal grá an Ghinearáil, cé go bhfuil a mhuintir-sean ar an daoraí faoin bpósadh. A mhalairt ar fad, thug Hitler agus Göring in iúl do Bhlomberg gur dea-shiombail d'aontas nua na Gearmáine a bheadh ann dá bpósfadh ginearál de phór uasal cailín simplí cosúil le hErna. Níor tháinig fíor-scéal Erna chun solais ach i ndiaidh na bainise, agus ansin, bhí port Bhlomberg seinnte mar mhíleatach proifisiúnta.
Líne 122:
=== An Ciníochas mar Pholasaí ===
Spreagadh tábhachtach do pholasaithe Hitler ab ea an frith-Ghiúdachas a bhí meáite ar na Giúdaigh a mharú scun scan, chomh maith le leagan radacach den [[Darwineachas sóisialta]]. Ón chéad lá ar tháinig sé os comhair an tsaoil mhóir go dtí lá a bháis, ba nós le Hitler na Giúdaigh agus na "ciníocha ar bheagán fiúntais" a ionsaí ina chuid óráidíochta. Ciníocha ar bheagán fiúntais ab ea na [[Giofóga]], na [[An Pholainn|Polannaigh]] agus na [[An Rúis|Rúisigh]], mar shampla. Maidir leis an Darwineachas sóisialta, tháinig sé chun solais ina chuid cainteanna faoi dhaoine a raibh galar, máchail nó easláinte orthu, agus é ag rá gur "beatha neamhfhiúntach" (''lebensunwertes Leben'') a bhí i gceist leo. Is é an dearcadh a bhí ag Hitler ar stair an chine dhaonna nach raibh ann go bunúsach ach síorchath ina raibh na dea-chiníocha agus an bheatha fhiúntach ag díothú na ndroch-chiníocha agus na beatha neamhfhiúntaí. Mar shampla, dúirt sé ag Ard-Fheis a pháirtí i [[Nürnberg]] sa bhliain 1929: "Dá saolófaí milliún leanbh don Ghearmáin in aghaidh na bliana, agus 700,000-800,000 duine den chuid is laige á ndíothú san am céanna, is féidir gur méadú ar ár bhfórsaí a bheadh ann
=== Géarleanúint na nGiúdach ===
Ar dtús, tháinig frith-Ghiúdachas Hitler agus na Naitsithe chun solais sa dóigh a ndéantaí leatrom oscailte ar na Giúdaigh, agus a gcuid cearta sibhialta á mbaint díobh. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh an polasaí sin chun géaradais nuair a tosaíodh ar na Giúdaigh a mharú ina sluaite - an t[[Uileloscadh]], mar a thugtar air. Bhí sé tugtha le fios ag Hitler ina leabhar ''Mein Kampf'' gur theastaigh uaidh na Giúdaigh go léir a chur de dhroim an tsaoil, mar "fhuascailt dheiridh" ar an "gceist Ghiúdach". Áirítear go raibh timpeall ar shé mhilliún Giúdach ar feadh na hEorpa thíos leis an bhfeachtas ollscriosta seo.
Line 133 ⟶ 132:
Sa bhliain 1935, reachtaíodh "[[Dlíthe Nürnberg]]" a bhain na cearta sibhialta de na Giúdaigh go deifnideach. Thar aon rud eile, toirmisceadh ar na Giúdaigh daoine neamh-Ghiúdacha a phósadh nó comhriachtain ghnéis a bheith acu leo. Chabhródh an stát agus an páirtí le gnóthadóirí neamh-Ghiúdacha gnóthais Ghiúdacha a shealbhú. Na Giúdaigh a bheadh le dul ar imirce, chaithfeadh siad cáin ard a íoc, i gcruth is nach mbeadh pingin rua acu agus iad ag cromadh ar an saol nua thar lear. Roimh an Uileloscadh féin, b'í [[Kristallnacht|Oíche na Gloine Briste]] (''Reichskristallnacht'') ón naoú go dtí an deichiú lá de Mhí na Samhna 1938 buaicphointe na géarleanúna. Rinneadh ionsaithe ar na Giúdaigh, ar a gcuid gnóthas, sionagóg agus fothuithe eile de réir mar a d'eagraigh Joseph Goebbels, an tAire Bolscaireachta, iad, agus é ag fógairt san am céanna gurbh í "fearg spontáineach an phobail" ba chúis leis na hionsaithe.
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-R99035, Adolf Hitler und Leni Riefenstahl crop.jpg|clé|mion|Adolf Hitler agus Leni Riefenstahl, 1934]]
I ndiaidh don Dara Cogadh Domhanda pléascadh amach, ní ghabhfadh Hitler leor le gnáth-ghéarleanúint na nGiúdach a
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-1990-1002-500, Besuch von Hitler und Goebbels bei der UFA retouched.jpg|mion|Hitler agjus Goebbels, 1935]]
Iad siúd atá ag iarraidh an tUileloscadh a shéanadh, tá siad ag áitiú nach féidir Hitler a chiontú san Uileloscadh, ós rud é nár thángthas trasna ar aon doiciméad oifigiúil ina mbeadh Hitler féin ag ordú go ndíothófaí na Giúdaigh, doiciméad a bheadh sínithe ag an deachtóir. Ón taobh eile de, tá sé soiléir go hiomlán go raibh an cinedhíothú ag freagairt dá mhianta pearsanta. Luaigh sé cinedhíothú na nGiúdach ina leabhar ''Mein Kampf'', ag tabhairt le fios gur shíl sé gur cuidiú le cás na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda a bheadh ann dá gcuirfí na Giúdaigh chun báis san am sin, agus in óráid a thug sé don Pharlaimint (''Reichstag'') ar an 30ú lá de Mhí Eanáir 1939, bhagair sé go gcuirfeadh sé "cine na nGiúdach san Eoraip de dhroim an tsaoil" dá mbeadh cogadh ann. De réir mar ba chuimhin le Heinrich Himmler, d'ordaigh Hitler go pearsanta in Earrach na bliana 1941, agus é dóchasach i gcónaí go mbeadh an lá ag an nGearmáin, go marófaí na Giúdaigh go léir. Dúirt Himmler lena shuathaire pearsanta, [[Felix Kersten]], san am céanna, roimh an ionsaí ar an Aontas Sóivéadach, nár mhór "na Giúdaigh, gach aon duine acu, a dhíothú roimh dheireadh an chogaidh. Sin é an rud atá ag teastáil ón bh''Führer''
Thairis sin, tá tuairiscí ann ó dhaoine a bhí i bhfianaise Hitler nuair a bhí sé ag tagairt do mhionsonraí an Uilelosctha. Dúirt a ghiolla [[Heinz Linge]] agus a aidiúnach [[Otto Günsche]] go gairid i ndiaidh an chogaidh go raibh spéis mhór aige sna seomraí gáis agus sa dóigh a n-oibrítí iad. Chuireadh Himmler mionsamhlacha agus gormchlónna de na campaí báis faoina bhráid, agus d'ordaigh Hitler "iomlán an scóid" a ligean leis na dearthóirí.
Line 143 ⟶ 142:
Más deacair féin milleán Hitler san Uileloscadh a dhearbhú, níl aon amhras ann go raibh sé ciontach go pearsanta i gcoir mhór eile de chuid na Naitsithe. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1939, shínigh sé an t-ordú le "[[scéim T4]]", mar a thugtar uirthi, a chur i gcrích. Mar sin, chuir sé ar chumas na ndaoine a bhí i mbun na scéime daoine a mharú a bhí easlán ó thaobh an choirp nó na hintinne de, nó "daoine nárbh fhiú a fhágáil ina mbeo" (''lebensunwertes Leben''), mar a deirtí i mbéarlagair na hidé-eolaíochta. "[[Eotanáis]]" nó bás faoisimh a thugtaí ar an dúnmharfóireacht seo go hoifigiúil.
Ba le [[Philipp Bouhler]], a bhí i gceannas ar oifig phearsanta Hitler i bpáirtí na Naitsithe (''Führerkanzlei''), a thit sé scéim na heotanáise a thabhairt i gcrann. D'iompaigh sé tithe téarnaimh agus banaltrais ina dtithe báis. Sa Ghearmáin féin, maraíodh beagnach 190 000 duine a raibh máchail éigin
Fuair eaglaisigh sa Ghearmáin amach faoi scéim na heotanáise agus cháin siad í go
=== An Téisclim Chogaidh ===
[[Íomhá:Berlin 1936 olympiaden.jpg|mion|Na cluichí i m[[Beirlín]] 1936]]
Cosúil le polaiteoirí daonlathacha Phoblacht Weimar féin, bhí Hitler ag iarraidh conradh síochána Versailles a athbhreithniú nó a chur ar ceal. Murab ionann agus iad siúd, áfach, ní raibh sé sásta le canálacha na taidhleoireachta amhán,
Ní raibh an cogadh ar an gclár oibre go fóill, nó bhí na cumhachtaí Eorpacha eile sásta a lán a ghéilleadh do Hilter. Mar shampla, shínigh an Bhreatain Mhór an Conradh Angla-Ghearmánach um Chúrsaí Cabhlaigh leis an nGearmáin, agus shocraigh an Pholainn conradh neamhionsaithe leis na Gearmánaigh sa bhliain 1934. Sa bhliain chéanna, d'ardaigh an Ghearmáin an buiséad cogaidh thar na srianta a cuireadh leis i gconradh síochána na bliana 1919, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh Hitler chun diúnais ar an gconradh síochána arís, nuair a ghabh fórsaí na Gearmáine na tailte dí-mhíleataithe taobh thiar den Réin. Go dtí sin, ní raibh cead isteach ag an arm Gearmánach sa chuid sin den tír. Cé go raibh an Ghearmáin ag sárú an chonartha glan oscartha leis an gcineál seo gníomhartha, níor tharraing na cumhachtaí eile aon challán.
Line 157 ⟶ 156:
Nuair a fuair an sean-Uachtarán Hindenburg bás sa bhliain 1934, chuir Hitler in iúl dá chuid ginearál go raibh sé meáite an Ghearmáin a dhéanamh inniúil chun cogaidh sula mbeadh cúig bliana thart. Leis an gcuspóir seo a bhaint amach, chuir sé an coinscríobh i bhfeidhm arís sa bhliain 1935, agus an bhliain a bhí chugainn d'fhógair sé plean ceithre mblian chun treisiú leis na fórsaí armtha. Bhí athbheochan eacnamúil na Gearmáine ón mbliain 1933 ar aghaidh go mór mór i dtuilleamaí scéimeanna stáit le hobair a sholáthar, scéimeanna a bhí bunaithe ar an tseirbhís éigeantach oibre (''[[Arbeitsdienst]]'') agus ar an téisclim chogaidh.
Bhí meáiteacht Hitler i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh le haithint ó Mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1933 amach, nuair a d'éirigh an Ghearmáin as na comhchainteanna dí-armála leis an mBreatain Mhór agus leis an bhFrainc. San am céanna, d'fhág an Ghearmáin slán ag Conradh na Náisiún chomh maith. Sa bhliain 1934, dhúnmharaigh na Naitsithe áitiúla Seansailéir na hOstaire [[Engelbert Dollfuss]], agus tacaíocht acu ó Hitler, nó bhí siad ag iarraidh teacht i gcumhacht san Ostair agus an tír a nascadh leis an nGearmáin, [[Anschluss|scéim]] nár éirigh léi go fóill san am sin. Cosúil leis sin, bhí Hitler ag tacú le [[Francisco Franco|Franco]] i gCogadh Cathartha na Spáinne ón mbliain 1936 ar aghaidh. Cuidiú tábhachtach ab ea é le Franco na heitleáin
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 137-004055, Eger, Besuch Adolf Hitlers.jpg|mion|Márta 1938 - Cheb (''Eger''), Sudetenland]]
I Mí na Márta 1938, d'éirigh le Hitler an Ostair a iompú ina cúige Gearmánach, "''Ostmark''" ("Na Críocha Thoir") mar a baisteadh uirthi. Maraíodh an deachtóir, [[Engelbert Dollfuss]], ceithre bhliain roimhe. I Mí Dheireadh Fómhair, d'éiligh sé go dtabharfadh an tSeicshlovaic na tailte in aice leis an
Nuair a bhí an tSeicshlovaic curtha de dhroim an tsaoil, dúirt Hitler in óráid a thug sé don ''Reichstag'' go raibh a dóthain tailte ag an nGearmáin anois. Mar sin féin, cúpla mí ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag éileamh go gcuirfí Danzig leis an
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-S55480, Polen, Parade vor Adolf Hitler.jpg|mion|M.F. 1939 sa [[An Pholainn|Pholainn]]]]
Line 174 ⟶ 173:
Bhí a lán le gnóthú ag Stailín agus ag Hitler ar an gcomhoibriú sealadach, agus ar ndóigh, cé go raibh an chuma ag teacht ar an scéal nach mbeadh cogadh eatarthu inseachanta, theastaigh uaidh é a chur ar fionraí a fhad agus ab fhéidir. Bhí Hitler ag iarraidh cogadh an dá chathéadan a sheachaint agus an Fhrainc is Sasana a chloí sula dtabharfadh sé aghaidh ar an Rúis. Mar sin féin, tháinig sé aniar aduaidh ar an saol mór ar fad nuair a shínigh Joachim von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, conradh neamhionsaitheach leis na Sóivéadaigh ar an 23ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1939. Bhí sé leagtha amach in iatán rúnda an chonartha seo go ndéanfadh an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach deighilt ar Oirthear na hEorpa eatarthu dá dtarlódh "atheagrú na dtailte is na dteorainneacha" ansin. Anois, agus é ina mhuinín nár bhaol dó ionradh Sóivéadach ar bith, bhí deis ag Hitler cogadh a chur ar an bPolainn, ar an bhFrainc agus ar an Ríocht Aontaithe.
[[Íomhá:Hitler and Franco at Hendaye.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Hitler%20and%20Franco%20at%20Hendaye.jpg|mion|Hitler agus Franco, 1940]]
Nuair a bhí an conradh sínithe, ba léir do chách go raibh an cogadh ag teacht. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Hitler ag éileamh ar an bPolainn go dtabharfadh sí uaithi na tailte a dtugtaí "Bealach na Polainne" orthu. Is amhlaidh go raibh Oirthear na Prúise, an cúige ab fhaide thoir den Ghearmáin, scartha ón gcuid eile den tír ag an "mbealach" seo ó shíocháin Versailles i leith. Theastaigh uaidh freisin Saorchathair
[[Íomhá:Hitler, Speer y Breker en París, 23 de junio de 1940.jpg|clé|mion|Hitler, Speer agus Breker: [[Páras]] 23 Meitheamh 1940]]
Line 189 ⟶ 188:
Sa Ríocht Aontaithe, tháinig Winston Churchill in áit Neville Chamberlain faoi seo, agus é i bhfad ní ba déine i leith na Gearmáine ná a réamhtheachtaí. Bhí Churchill ag éileamh polasaí neamhghéilliúil in aghaidh Hitler ón mbliain 1933 i leith. Maidir le Hitler féin, bhí dearcadh sách cairdiúil aige ar Shasana ar dtús, nó bhí sé ag adhradh choilíneachas na Breataine Móire, agus é den bharúil gur chóir dó comhoibriú léi. Is é an tairiscint a thug Hitler do na Sasanaigh ná an domhan a dheighilt eatarthu: d'fhágfadh sé cead a gcinn agus a gcos acu ina nImpireacht féin, dá bhféadfadh sé an Eoraip a choinneáil aige féin. Cé nach raibh róchuma ar chás na Breataine Móire, dhiúltaigh Churchill glan oscartha d'aon chomhréiteach le Hitler.
[[Íomhá:Adolf Hitler 42 Pfennig stamp.jpg|mion|1944'': Grossdeutsches Reich'']]
I bhfómhar na bliana 1940, rinne aerfhórsa na Gearmáine, an [[Luftwaffe]], iarracht forlámhas spéire na Breataine Móire a bhaint de na Sasanaigh. D'éirigh ina chogadh dearg idir na Gearmánaigh agus na Sasanaigh, ach sa deireadh thiar, b'iad na Sasanaigh a ghnóthaigh an cath
==== Ag Dul Soir ====
|