An difríocht idir athruithe ar: "Ruadhraí mac Deala"

Content deleted Content added
Typo
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Domnu
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 1:
I [[Miotaseolaíocht na nGael]], ba dhara h[[Ard-Rí na hÉireann]] é '''Ruairí''' ([[Sean-Ghaeilge]] '''Rudraige''', [[Meán-Ghaeilge]] Rughruidhe) mac Deala, sliocht de na [[Fir Bholg]], i gcomharbacht ar a dheartháir, [[Sláine mac Dela|Sláine]].
 
Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn an chúigear mhic Dheala an tír eatarthu. Tháinig Rudraige i dtír ag ''Trácht<ref>[http://dil.ie/41533 1 trácht] ar eDIL</ref> Rudraige''<ref>''[http://www.placenamesni.org/resultdetails.php?entry=11830 Brickland, County Down]'' ar placenamesni.org</ref> (Trá Ruadhraí, [[Dún Droma (Contae an Dúin)|Dún Droma]], [[Contae an Dúin]]) agus thóg sé cúige [[Uladh]]. Bhí seisean agus a dheartháir [[Genann|Geanann]] ina dtaoisigh de chuid muintir na bhFear Bolg aithnithe mar na ''[[Domnu|Fir Domnann]]'', dream stairiúil a bhí gaolta b'fhéidir leis na [[Dumnonii]], a bhíodh ina gcónaí sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] agus sa [[An Ghaill|Ghaill]].
 
Tar éis bás Sláine, rinneadh Ard-Rí de ''Rudraige'' feadh dhá bhliain, go dtí go bhfuair seisean bás ag [[Brú na Bóinne]]. Tháinig a dheartháireacha [[Gann mac Dela|Gann]] agus Geanann i gcomharbacht air.