Fáilte cuir in eagar

Dia dhuit, a Mharcas.oduinn! Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! GRMA as do chuid iarrachtaí anseo ar Vicipéid agus tá súil againn go mbeidh níos mó uait le teacht! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus spórt as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú,agus tá bosca gainimh ag barr an leathanaigh seo le cuidiú leat é sin a dhéanamh. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 17:23, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

Naoise cuir in eagar

Beidh orm d'alt faoi Naoi a scriosadh, ar an drochuair. Tá alt ann cheana faoin ábhar: Naoi (fáidh). Go raibh maith agat as do chuid oibre, áfach. Chuir mé an t-eolas nua a bhí agat ar leathanach phlé an ailt ionas nach mbeidh sé caillte. SeoMac (plé) 17:23, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

+Ach ní hionann Naoi (fáidh) an tSean-Tiomna (Noah) agus Naoise na Rúraíochta, an ea, cinnte, dáiríre píre? Marcas.oduinn (plé) 20:03, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

Aha! Tá an ceart agat! Bhí a laghad sin san alt nár thuig mé é sin! GRMA as sin a dhéanamh soiléir. Cuir leis an alt agus fáilte. SeoMac (plé) 21:44, 6 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply
...agus fáilte romhat, leis. Táim ag súil go mór le halt nó dhó a chuir isteach. Tá a lán déanta agam anseo is ansiúd, ach bíonn sé an-chiúin thall. Cé mhéad duine atá gníomhach anseo? Marcas.oduinn (plé) 07:13, 7 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply
Tá sé ciúin anseo ar na mallaibh. An Sathairn seo caite ní raibh ach 6 athrú curtha i gcrích ar an Vicipéid! De ghnáth, bíonn athruithe nó "iarrachtaí" déanta anseo ag 60 go 70 úsáideoir sa mhí, ach ní hionann sin agus 60-70 duine dearfacha difriúla a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu. Má dhéanaim dearmad logáil isteach, ceapann an córas seo ag Wikimedia go ndearna beirt athruithe ar ailt. Tagann beirt nó triúr loitiméirí chugainn, go mór mhór sa bhliain scoile. Déanann úsáideoirí gan Ghaeilge chugainn. Cuidíonn siad an chuid is mó den am - Tá cuid díobh sách tábhachtach (daoine ón Small Wikis Team, mar shampla). Tá b'fhéidir seisear atá ag obair anseo go rialta faoi láthair: Mise, Dmd3music, Dowlinme, Chaco, Eiriugena, Eomurchadh srl. Cupla scríbhneoir maithe a thagann isteach go rialta gach mí nó dhó ná Panu Höglund agus Colin Ryan. Deir Jimmy Wales go mbíonn cúigear eagarthóirí rialta ag teastáil chun Vicipéid a choinneáil beo i dteanga. Tá sé sin againn uaireanta, ach cinnte go bhfuil a lán cúnaimh ag teastáil uainn go fóill. Go raibh maith agat as an obair a dhéanann tú féin. SeoMac (plé) 05:01, 13 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply
1) Go han-mhaith... Ní fheicim Eiriugena, EomurchadhPanu (Gaeilgeoir den scoth é siúd... agus é Fionlannach!). 2) Ní thuigim "Má dhéanaim dearmad logáil isteach, ceapann an córas seo ag Wikimedia go ndearna beirt athruithe ar ailt". 3) ag tnúth le bheith ag scríobh anseo, agus béim agam ar An Rúraíocht.

Cén litriú, Sean nó Nua? "Mac" nó "mac"? cuir in eagar

OarS (obair ar siúl): tuilleadh nótaí le teacht!

Is léir dom go bhfuil neamh-chomhsheasmhacht ann i litirú na n-ainmneacha sa Teimpléad:An Rúraíocht, m.s.

  • Sean- nó Nua-Ghaeilge
    • Tá nualitriú ann do "Conchúr, Méabh, Lú, srl."
    • Tá seanlitriú ann do"Ferdiad, Lóegaire Búadach, Fergus mac Róich, srl.
    • Conchobar nó Conchúr; Medb nó Meadhbh nó Méabh; Emer nó Eimear nó Éimhear; srl.
  • mac (Sean?) nó Mac (Nua?)
  • Fergus mac Rch luaite sa Teimpléad (ói?)

Feicim ar en.wikipedia.org (m.s. Irish mythology (Ulster) template) go bhfuil gach ainm luaite as SeanGhaeilge.

Marcas.oduinn (plé) 08:59, 12 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

Sualdamh Mac Róich cuir in eagar

Chuir mé beagán leis an alt sin Sualdamh Mac Róich agus chuir mé nasc ann. Bhí sé ró-lom mar a bhí sé. GRMA as do chuid oibre! SeoMac (plé) 15:55, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

GRMAsa, a SheoMac. Tá cúpla leathanach ann atá ró-lom, nach bhfuil an ach ainm, m.s. Deichtine. Tá an téacs ó en.wikipedia.org curtha ann agam ámh, "commented out", agus tá sé ar intinn agam iad a aistriú de réir a chéile, abairt nó dhó gach lá ar an Luas abhaile! Marcas (plé) 16:30, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply
An-mhaith ar fad! SeoMac (plé) 19:44, 18 Meán Fómhair 2018 (UTC)Reply

Béarla cuir in eagar

Hi. Please don't create any more articles in English. If it is not your intention to "go back" and translate the ones you have already created, then I will delete them. If it is your intention to continue to create articles in English, with the expectation that someone else will translate them, then that is of zero value to the project. And, rather, is detrimental to it. GRMA. Guliolopez (plé) 01:51, 31 Márta 2019 (UTC)Reply

Hi there, you have no need to worry. The answer is that I fully intend to translate the pages I have copied from en.wiki, and sometimes from de.wiki. If you look at my user page, you will see a record of my work over the past year. With reference for example to Teimpléad:An Rúraíocht (which it would seem was created from en.wiki by Úsáideoir:Antóin in 2010), I would say that it was about 90% red links when I started; now, I have only 12... no wait, 11... I'm working on Boand this very minute... to go on that one. My modus operandi is to create the page, do some basic initial translation and categorisation, and put the foreign language in italics. From past experience, I find that if I put things in a sand box for translation, then that's where they'll stay, unpublished. Under my Úsáideoir:Marcas.oduinn#Tionscadal, "céim 2, cuir le roinnt leathnach", I'm keeping track of the pages I'm working on at present. You'll see that the focus there is on the early settlers, Cessair, Partholón etc. I hope all this will allay any and all of your concerns. Marcas (plé) 07:19, 31 Márta 2019 (UTC)Reply

Composer cuir in eagar

How should I write "composer" in Irish? Also, on The Fox and the Hound, I said that Ted Berman, Richard Rich, and Art Stevens was the director, but how do I change it to say that Ted Berman, Richard Rich, and Art Stevens were the directors? I am working on writing more information about each Disney movie, but I can't write everything. IS there anything that can be added to these pages that you can manage? Thank you in advance. 2602:306:83A9:3D00:1809:163E:3D70:969A 17:10, 23 Iúil 2019 (UTC)Reply

Bail ó dhia ar an obair, lean ort. Marcas (plé) 19:06, 23 Iúil 2019 (UTC)Reply

Moladh cuir in eagar

Maith thú leis na hailt uile ar ár seanlitríocht - coinnigh ort leo le do thoil! Eomurchadha (plé) 17:54, 31 Iúil 2019 (UTC)Reply

go raibh maith agat. Coinneoidh orm! Marcas (plé) 20:49, 31 Iúil 2019 (UTC)Reply

Tlachtga cuir in eagar

Tá alt beag eile ann faoi "Tlachta". Scriosfaidh mé é agus, ar ndóigh, coimeádfaidh muid an ceann nua agatsa. SeoMac (plé) 19:37, 31 Iúil 2019 (UTC)Reply

Bhí mé ar tí an leathnach nua (seanainm) a athseoladh chuig an nua (ainm Nua Ghaeilge), tar éis dom an téacs nua a aistriú, ar ndóigh. Marcas (plé) 20:45, 31 Iúil 2019 (UTC)Reply
Sin déanta agam. Marcas (plé) 18:23, 2 Lúnasa 2019 (UTC)Reply

Niall 7 Níall cuir in eagar

A Mharcais, a chara,

Maith dom an fhreagra dhéanach seo!

Táim an-ghnóthach le déanaí agus níl seans go deo agam féachaint ar an ábhar. Ach tá a fhios agam conas an dá rud a chur le chéile ... ar bhealach. Is féidir athreorú a shocrú ionas ón sean-shuíomh.

is féidir féachaint chuige... nó féachfaidh mé féin chuige an deireadh seachtaine b'fhéidir.

ádh mór,

E

Moladh! cuir in eagar

A Mharcais a chara, bail ó Dhia ar an obair atá idir lámha agat ar sheanlitríocht agus stair na nGael. Maith thú! Thug mé faoi deara gur scríobh tú alt nua Adhamhnán, ach tá ceann eile ann cheana leis an teideal Naomh Adhamhnán. Ar mhiste leat d'ábhar a chumasc isteach sa alt eile sin, agus athdhíriú a dhéanamh? Kevin Scannell (plé) 17:22, 13 Márta 2020 (UTC)Reply

Agus ardmholadh go deo duitse, ag ucht do chuid oibre ar son na Gaeilge an lae inniu. Feicim go bhfuil tú ag nascadh leathach le Wikidata. Déanfaidh mé mar a deir tú, na leathanaigh úd a chumasc, agus sa deireadh 'Adhamhnán' a athsheoladh. Marcas (plé) 21:57, 14 Márta 2020 (UTC)Reply
Sin déanta.Marcas (plé) 23:46, 19 Márta 2020 (UTC)Reply

Daoine cuir in eagar

Pléigí, lbdt! ciarraí, cine, cineál, clann, corca, dál, dream, duine/daoine, fine, muintir, pobal, teaghlach

Marcas (plé) 09:13, 6 Bealtaine 2020 (UTC)Reply

Universal Code of Conduct cuir in eagar

Hi Marcas.oduinn

I was asked by Wikimedia Foundation to promote this call for participation on the planned Universal Code of Conduct.

Best regards --Holder (plé) 04:29, 14 Lúnasa 2020 (UTC)Reply

At times, our contributor communities and projects have suffered from a lack of guidelines that can help us together create an environment where free knowledge can be shared safely without fear.

There has been talk about the need for a global set of conduct rules in different communities over time. Recently, Wikimedia Foundation Board of Trustees announced a Community Culture Statement, asking for new standards to address harassment and promote inclusivity across projects. [1]

The universal code of conduct will be a binding minimum set of standards across all Wikimedia projects, and will apply to all of us, staff and volunteers alike, all around the globe.. It is of great importance that we all participate in expressing our opinions and thoughts about UCoC and its values. We should think about what we want it to cover or include and what it shouldn’t include, and how it may create difficulties or help our groups.

This is the time to talk about it. Before starting drafting the code of conduct, we would like to hear from you and to solicit the opinions and feedback of your colleagues.

In order for your voice to be heard, we encourage and invite you to read more about the universal code of conduct (UCoC) [2] and then write down your opinions or feedback on the discussion page [3]. To reduce language barriers during the process, you are welcomed to translate the universal code of conduct english main page into your respective local language [4]. You and your community may choose to provide your opinions/feedback using your local languages.

We sent you an e-mail cuir in eagar

Hello Marcas.oduinn,

Really sorry for the inconvenience. This is a gentle note to request that you check your email. We sent you a message titled "The Community Insights survey is coming!". If you have questions, email surveys@wikimedia.org.

You can see my explanation here.

MediaWiki message delivery (plé) 18:50, 25 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply

Hello, 20th anniversary of the Catalan Wikipedia cuir in eagar

Hello, Sorry to write in English, I can't speak, nor read nor write your language, unfortunately.

I write you this message because we'll be celebrating our Catalan Viquipèdia 20th birthday soon and I would really appreciate having at least one user of your wikipedia saying a few words in your language in a short video, filmed horizontally, congratulating the Catalan Wikipedia. I hope we will have many of your people so your language can be known in Catalonia. The time would be around 15 seconds and you are free to say what you want (if the background can be something beautiful of your country (building, monument) it would be just great..) though you would have to finish in Catalan saying "Bon aniversari" and/or "per molts anys". I really hope you will participate! The video has to be sent to viquipedia@wikimedia.cat if possible before February 28th. I hope to hear from you soon! Take real care and have a great week! Claudi/Capsot (plé) 22:04, 25 Feabhra 2021 (UTC)Reply

Wikilink le séimhiú cuir in eagar

In ionad

gar do [[Cnoc Uisnigh|Chnoc Uisnigh]] → gar do Chnoc Uisnigh

arbh fhéidir

gar do [[h:Cnoc Uisnigh]]

nó a leithéid?

Marcas (plé) 06:37, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Chruthaigh mé teimpléad simplí agus sílim go n-oibreoidh sé go díreach mar a d'iarr tú thuas, ach le “|” in áit “:”, m.sh. gar do [[h|Cnoc Uisnigh]] Kevin Scannell (plé) 12:46, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply
Mar sin, gar do {{h|Cnoc Uisnigh}} (lúibíní 'catacha') → gar do Chnoc Uisnigh. Ní oibríonn sé le lúibíní cearnógacha. Marcas (plé) 17:37, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply
Oops, gabh mo leithscéal, ceart agat! Kevin Scannell (plé) 18:31, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply
Tá an teimpléad úsáidte agam cheana. Fathach fir! Marcas (plé) 18:44, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Íomhá nach bhfeictear cuir in eagar

Cén fáth nach féidir an íomhá a leanas a fheiceáil ar gawiki cé gur féidir ar en:McInerney?

 
Armas Mhic an Airchinnigh

- —Scríobh an t-úsáideoir Marcas.oduinn (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

D'obair anseo cuir in eagar

Maith an fear! Tá sár-obair ag déanamh agat ar ailt chomh tábhatach le sin! Ar fheabhas! - Alison plé 18:33, 23 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

GRMA (arís) Marcas (plé) 18:50, 23 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

'Location map many' cuir in eagar

Ba mhaith liom an teimpléad seo a úsáid, le feiceáil ar en:Bruiden:

en:Template:Location map many

Feicim go bhfuil ar a laghad spleáchas amháin ann sa teimpléad:

en:Module:Location map/data/Island of Ireland

Sula dtumaim isteach, arbh fhéidir le héinne cabhrú liom é seo a chóipeáil go gawiki? Marcas (plé) 16:54, 30 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

  •  Y Déanta :)

Seo dhuit;

 
 
B. Forgaill Manaich
 
B. Dá Derga
 
B. Mic Cecht Dá Réo (approx. location)
 
B. Dá Choca
 
B. Da Thó
 
B. Bricriu Nemthenga
Location of the known bruidne on a map of Ireland

-- Alison plé 10:34, 1 Iúil 2022 (UTC)Reply

GRMA, mar is gnách Marcas (plé) 14:23, 1 Iúil 2022 (UTC)Reply

Messe ocus HusseyBot cuir in eagar

Fathach fir, Kevin Scannell.

  • Mo bhotúin, tríd is tríd: lastigh, tradisiúin, dearanaí, dá bhárr
  • Mo roghanna: i nÉirinn, i ndá (leath)
  • Idir dhá chomhairle: i n-iarthar / in iarthar, srl.
  • Moltaí le plé
    • Xxx ab ea é → Xxx ba ea é.
      • Rinne mé iarracht cloí le ceartúcháin neamhchonspóideacha! Scriosfaidh mé "i nÉirinn" agus "i ndá" ón chlár — is Gaeilge go hiomlán intuigthe inghlactha iad. Maidir le "ab/ba ea", sin ceist chonspóideach! Déarfainnse "ab ea", agus creidim gurb é sin an leagan a moladh sna leabhair ghramadaí traidisiúnta, cé go dtuigim go bhfuil "ba ea" molta ag lucht an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge. Cad é do thuairimse? kscanne (plé) 12:20, 20 Iúil 2022 (UTC)Reply
Feicim ar teanglann FGB is: past & conditional: affirmative ba, becomes b' before vowel (except pronouns é, í, iad, ea)... Marcas (plé) 15:20, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply
Thairis sin, ní fheicim an fhoirm ab ach in: direct rel. ba, becomes ab before vowel... Marcas (plé) 15:31, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply
Agus an iontráil: Ba í an bhean ab áille acu uile í. Marcas (plé) 15:39, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply
Is é "ab ea" atá i bhFoclóir de Bhaldraithe... féach "mochóir maith ab ea é", "rí ó thalamh... ab ea é", "síniú bréige ab ea é", srl. Ceadaítear an dá fhoirm sa Chaighdeán Oifigiúil nua — 7.2.1 B (d) — agus mar sin bheinnse sásta glacadh leis an dá rud. kscanne (plé) 16:02, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply
Sin go breá Marcas (plé) 18:17, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply

WD 'Lua error' cuir in eagar

An féidir seo a cheartú? Belisama, WD Carachtar, "Lua error in Module:LangSwitch at line 135: attempt to concatenate a nil value." Marcas (plé) 21:51, 1 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply

Yep -  Y Déanta anois ;) - Alison plé 21:53, 1 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply
A dhia na bhfeart, sin go tapaidh. GRMA. Marcas (plé) 22:01, 1 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply

Vicí na mBan cuir in eagar

A chara, toisc gur úsáideoir Vicipéide rialta thú, ba mhaith liom tusa a chur ar an eolas maidir le tionscadal nua atá ar siúl. Vicí na mBan, nó WikiWomen, is ainm do. Is comhfhiontar é idir Pobal Éireann Wikimedia, Coláiste Oiriall i Muineachán agus eagraíochtaí Vicipéide agus meánscoileanna sa Fhreaslainn agus i dTír na mBascach. Le linn na tionscadail seo, beidh muid ag cruthú acmhainní teagaisc ionas go mbeidh daltaí meánscoileanna in ann ailt Vicipéide a scríobh as Gaeilge, as Freaslainnis nó as Bascais faoi mhná iomráiteacha. Beidh na daltaí ag foghlaim faoi Vicipéid ón mí seo chugainn ar aghaidh agus tosóidh siad ag scríobh sa bhliain úr. Tá breis eolais ar fáil as Béarla ar an leathanach Meta: https://meta.wikimedia.org/wiki/WikiWomen_Erasmus%2B_Project. Tá fáilte roimh cheisteanna agus bharúlacha chugamsa ar Vicipéid nó seol r-phost chugainn: wikimediaireland[at]gmail.com. Beidh mé ag cur teachtaireacht ar an halla baile chomh maith, mo leithscéal as crosphostáil a dhéanamh. 17:02, 28 Deireadh Fómhair 2022 (UTC) Dowlinme (plé) 17:02, 28 Deireadh Fómhair 2022 (UTC)Reply