An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Halla baile"

Content deleted Content added
Líne 1,492:
A chairde, roinnt blianta ó shin, rinne mé obair in éineacht leis [[Matthew Hussey|an Ollamh Matt Hussey]] agus leis an bhfoilsitheoir [[Coiscéim]] chun an chiclipéid eolaíochta [[Fréamh an Eolais]] a chur ar fáil anseo. Bhí [[Úsáideoir:Ériugena]] i dteagmháil le Coiscéim le déanaí, agus dúirt siad go mbeidís sásta pictiúir dá gcuid leabhar, chomh maith le sonraí éagsúla (teideal, údar, b'fhéidir achoimre, srl), a chur ar fáil le foilsiú ar an Vicipéid. Creidim go mbeadh sé úsáideach níos mó leathanach a bhaineann le leabhair Ghaeilge a fheiceáil anseo. Ba mhaith linn an plean seo a phlé le riarthóirí na Vicipéide i dtús báire. I measc na rudaí le plé ná Polasaí "Suntasachta" na Vicipéide seo. Tá a fhios agam go bhfuil polasaí níos doichte ó thaobh suntasachta ar Vicipéid an Bhéarla (cf. [[:en:Wikipedia:Notability_(books)]] mar shampla), ach creidim go mbeadh sé chun leas Vicipéid na Gaeilge polasaí níos réchúisí a chur i bhfeidhm. Ar Vicipéid na Breatnaise, glactar le leathanach a bhaineann le leabhar ar bith atá scríofa sa Bhreatnais, mar shampla (cf [[:cy:Wicipedia:Amlygrwydd]]). Luíonn sé sin le réasún, dar liomsa, toisc nach bhfuil ach roinnt mílte leabhar i gceist acu (agus againne), i gcomparáid leis na milliúin i mBéarla. Bhur dtuairimí?
:Ó thaobh suntasachta de, tá polasaí ''de facto'' níos leithne againn anseo le tamall anuas agus ábhar Éireannach i gceist, go mór mhór a bhaineann leis an Ghaeilge. Bheinn ar son polasaí foirmeálta a chur ar bun atá cosúil leis an bpolasaí sin acu ag Vicipéid na Breatnaise. Caithfidh go bhfuil a lán míreanna acu ag Wikimedia atá teorannta don Vicipéid úd, nach bhfuil? Maidir le pictiúir de chlúdaigh leabhar de chuid Choiscéim, nach gciallódh sin go mbeadh éinne faoin spéir ábalta iad a úsáid? Tá mé ag smaoineamh ar chipcheart. Buíochas ag gabháil leatsa agus le Ériugena as an méid oibre a bhíonn ar siúl agaibh (gan trácht ar dhaoine eile). [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|plé]]) 08:25, 25 Meán Fómhair 2020 (UTC)
::Míle buíochas, SeoMac! Pléifidh mé cúrsaí le hÉirugena; nílim cinnte faoi na cúrsaí cóipchirt ag an bpointe seo. Tá súil agam go mbeidh Coiscéim sásta na clúdaigh a chur ar fáil faoi CC/SA. Bheinn sásta le polasaí cosúil leis an gceann sa Bhreatnais freisin; b'fhéidir go ndéanfaidh mé iarracht aistriúchán a dhéanamh air sin, mar dhréacht ar aon nós. Beidh mé ar ais leat. [[Úsáideoir:Kevin Scannell|Kevin Scannell]] ([[Plé úsáideora:Kevin Scannell|plé]]) 19:37, 27 Meán Fómhair 2020 (UTC)