An difríocht idir athruithe ar: "Bonnán cainéaldathach"

speiceas éan
Content deleted Content added
Created by translating the page "Cinnamon bittern"
(No difference)

Leagan ó 13:59, 22 Deireadh Fómhair 2020


Bonnan beag an tsean-domhain is ea an bonnán cainéaldathachan bonnán donnrua (Ixobrychus cinnamomeus),ag pórú san Áise thrópaiceach agus fhothrópaiceach ó India soir go dtí an tSín agus an Indinéis . Is éan cónaithe é den chuid is mó, ach téann roinnt éan achair ghearra ar imirce ó thuaidh .

Cur síos

 
I Mangalajodi, Odisha

Is speiceas beag é seo ag 38 cm, cé go bhfuil sé ar cheann de na bonnáin Ixobrychus is mó. Bíonn muineál gearr agus gob measartha fada aige. Bíonn an ceann fireann cainéal go haonfhoirmeach os a chionn agus donnbhuí laistíos. Bionn an baineann comhchosúil leis ach go bhfuil a cúl agus a baithis donn, agus bíonn na héin óga cosúil leis na baineannaigh ach le stríoca móra laistíos. Nuair a bhíonn ionadh air ar a nead nó má bhíonn imní air, glacann sé leis an sainriocht atá ag bonnáin, ar a dtugtar deasú gardála . Bíonn an muineál sínte go hingearach, ag pointeáil i dtreo na spéire, agus reonn an t-éan agus bíonn sé an-deacair é a fheiceáil i measc na giolcach mórthimpeall.

Dáileadh

Tá raon an-mhór ag an speiceas ar fud na hÁise; tá líonta pórúcháin ón India go dtí an Indinéis. Chuaigh fánaithe go dtí an Mhicrinéis, na Séiséil agus an Afganastáin, i measc áiteanna eile. Tá meastacháin daonra domhanda neamhchinnte agus achbíonn siad idir 130,000 agus 2,000,000 aonáin. [1]

Éiceolaíocht

 
Sampla a phéinteáil Elizabeth Gwillim


Póraíonn an bonnán cainéaldathach i giolcarnacha, ag neadú ar ardáin giolcach i toir. Beirtear ceithre go sé ubh. Bíonn sé deacair an speiceas a fheiceáil, mar gheall ar a stíl mhaireachtála cheilte agus a ngnáthóg ghiolcarnach Is gnách áfach go dtagann siad amach ag luí na gréine, nuair a bhíonn siad le feiceáil ag ag gluaiseacht go mall, beagnach cosúil le cat agus iad ag cuardach froganna . Itheann bonnáin feithidí, iasc agus amfaibiaigh .

  1. BirdLife International (2012). "Ixobrychus cinnamomeus". IUCN Red List of Threatened Species. 2012: e.T22697323A40256962. doi:10.2305/IUCN.UK.2012-1.RLTS.T22697323A40256962.en.