An difríocht idir athruithe ar: "Robert Mallet"

Content deleted Content added
No edit summary
+WD Bosca Sonraí Duine
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
Innealtóir, ábhareolaí is seismeolaí a rugadh i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] ab ea '''Robert Mallet''' ([[6 Meitheamh]] [[1810]] – [[5 Samhain]] [[1881]]). Bhí ceártaí iarainn aige agus sholáthair sé earraí iarainn do na hiarnróid, i gcomhair [[droichead]] agus an chogaidh sa Chrimé. Leag sé béim ar thomhas airíonna na [[Cóimhiotal|gcóimhiotal]] agus staidéar ar bhriseadh na n-ábhar seo. Rinne sé [[taighde]] ceannródaíoch turgnamhach ar [[Seismeolaíocht|sheismeolaíocht]]. Thomhais sé luas forleata na dtonnta ar thrá [[Cill Iníon Léinín|Chill Iníon Léinín]] tar éis pléascthaí a dhéanamh ar an [[dromchla]]. Lena mhac John, thiomsaigh sé catalóg is léarscáileanna de na creathanna talún ar fud [[An Domhan|an Domhain]] ([[1850]]-[[1858]]). I 1858 d'aimsigh sé eipealár [[crith talún]] i Napoli [[An Iodáil|na hIodáile]], an chéad uair ar éirigh le héinne é sin a dhéanamh.