Is imreoir sacair gairmiúil as Albain é Barry Ryan Bannan (rugadh 1 Nollaig 1989) a imríonn i lár na páirce do Sheffield Wednesday agus le foireann náisiúnta na hAlban freisin.

Infotaula de personaBarry Bannan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Barry Ryan Bannan
1 Nollaig 1989
34 bliana d'aois
An t-Àrd-Ruigh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Edmund Campion Catholic School & Sixth Form Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan61 kg
Airde169 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre17 Nollaig 2008 –
TeangachaBéarla
Tír spóirtAlbain Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce
Uimhir spóirt25
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Celtic Football Club
2008–2013 Aston Villa Football Club 61(1)
2009–2009iasacht Derby County F.C. (en) Aistrigh 10(1)
2009–2010iasacht Blackpool F.C. (en) Aistrigh 20(1)
2011–2011iasacht Leeds United Association Football Club 7(0)
2013–2015 Crystal Palace F.C. 22(1)
2015– Sheffield Wednesday F.C. (en) Aistrigh
2015–2015iasacht Bolton Wanderers Football Club 16(0) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
2009–2009   Scotland B national football team (en) Aistrigh 1(0)
2009–2010   Scotland national under-21 football team (en) Aistrigh 10(1)
2010–   foireann sacair náisiúnta na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata

UEFA: 250000643 Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh Bannan ag imirt le Celtic i dtús báire, sular imir sé ina chéad chluiche sinsearach in 2008 le Aston Villa, agus ansin tugadh ar iasacht do Derby County, Blackpool agus Leeds United é sa Championship. In 2013, shínigh sé conradh le Crystal Palace ar tháille nár nochtadh, agus tar éis iasacht ghairid do Bolton Wanderers, chuaigh sé ar aghaidh go dtí Sheffield Wednesday. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta le foireann na hAlban sa bhliain 2010, agus tá 27 caipín aige anois.

Rugadh Bannan san Àrd Ruigh, agus thosaigh sé ag imirt leis an gclub óige áitiúil, Lenzie Youth Club. Sa bhliain 1999, agus é ina ghiolla liathróide naoi mbliana d'aois do Albion Rovers, tháinig sé chun suntasachta le linn cluiche in aghaidh Montrose, nuair a thosaigh sé ag cleasaíocht leis an liathróid agus chuir sé í thar cheann imreora de chuid Montrose a bhí ag rith ina threo. Bhain an cleas aclaíochta gáir as an slua, agus bhí cathaoirleach Albion Rovers, Davie Shanks, an-tógtha leis, ag rá “Is é an t-imreoir is fearr amuigh ansin”. [1]

In 2002, bhain Bannan áit ar Celtic Boys Club amach agus d'imir sé leo go dtí go raibh sé ceithre bliana déag d'aois, nuair a ghlac sé le tairiscint trialach ó Aston Villa.[2] Le linn dó a bheith ar a thriail in acadamh an chlub Shasanaigh, ghlac sé páirt i gComórtas Ergenzingen sa Ghearmáin. Bhuaigh foireann Villa an comórtas le bua 1–0 ar FSV Mainz sa chluiche ceannais, agus ainmníodh Bannan sárimreoir an chomórtais. Go gairid ina dhiaidh sin, tairgeadh conradh dhá bhliain leis an gclub don Albanach óg.[2]

Is imreoir lár páirce é Bannan go príomha ach is féidir leis imirt mar chliathánaí freisin. Tá sé fíorchumasach lena chos chlé.[3]

Chuir bainisteoir Aston Villa Gérard Houllier Bannan i gcomparáid le himreoirí lár páirce do Barcelona Xavi agus Andrés Iniesta. Rinne Ian Holloway, a bhainsteoir nuair a d’imir sé le Blackpool, cur síos air mar “imreoir sacair álainn, an-bhreá le breathnú air”. [4]

Tacaíonn Bannan lena iarfhoireann, Celtic, agus is é an t-imreoir lár páirce Stiliyan Petrov, ar imir sé leis ag Aston Villa, a laoch nuair a bhí sé óg.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Parks, Gordon (18 Samhain 2010). "I remember Barry Bannan stealing the show as a ball boy at Albion Rovers, says ex-boss Jimmy Lindsay". Daily Record. Dáta rochtana: 3 Meitheamh 2012.
  2. 2.0 2.1 Broadfoot, Darryl (21 Márta 2009). "Celtic's indifference is Villa's gain as Bannan defies detractors". The Herald (Glasgow). Dáta rochtana: 9 Deireadh Fómhair 2011.
  3. Aston Villa: Player Profile | Barry Bannan”. Avfc.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Eanáir 2011. Dáta rochtana: 24 Deireadh Fómhair 2011.
  4. Holloway hails Bannan strike – Sport”. Blackpool Gazette. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Feabhra 2010. Dáta rochtana: 24 Deireadh Fómhair 2011.
  5. "Aston Villa: Barry Bannan thanks 'father figure' Stiliyan Petrov". Sunday Mercury (5 Meán Fómhair 2010). Dáta rochtana: 1 Meán Fómhair 2011.