Is foirgneamh é an garáiste ina chosnaítear mótarfheithicil nó feithiclí ar an tsíon agus ar an ngadaíocht. Bíonn spás i gcomhar gluaisteáin nó dhó (nó trí cinn, uaireanta). Bíonn garáiste den chineál seo lámh le teach agus, minic go leor, ceangailte leis. Má bhíonn sé ceangailte, bíonn doras idir é agus an teach an chuid is mó den am. Bíonn dorais a rolltar suas coitianta mar dhoras tosaigh, iad leictreach go minic.

Garáiste tí sna Stáit Aontaithe