Baile atá suite i gContae Bergen, i dtuaisceart New Jersey, is ea Teaneck. Is é an dara baile is mó i gContae Bergen, i ndiaidh Hackensack. Fuarthas 39,776 duine ina gcónaí le linn dhaonáireamh na bliana 2010 agus sa bhliain 2014, measadh 40,587 duine ina gcónaí ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTeaneck, New Jersey
Teaneck (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°53′51″N 74°00′58″W / 40.8975°N 74.0161°W / 40.8975; -74.0161
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Gheirsí
Contae de chuid Nua-GheirsíContae Bergen Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán41,246 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,577.88 hab./km²
Líon na dteaghlach13,164 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla16 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde39 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú19 Feabhra 1895
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist07666 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód201 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinteanecknj.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí na Lenape ina gcónaí ann leis na mílte bliana, agus thosaigh na hEorpaigh ag cur fúthu ar an laghad chomh fada siar leis an mbliain 1704. Cuireadh Teaneck ar bun é mar bhaile faoi leith sa bhliain 1895. D'fhás an baile go mór i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus, sa bhliain 1949, roghnaíodh é mar bhaile samplach na Stát Aontaithe. Fobhaile meánaicmeach de chuid Chathair Nua-Eabhrac atá ann.

Teach Brinkerhoff-Demarest. Tógadh sa bhliain 1728 é.

Tá Teaneck suite ag gabhal na mórbhealach I-95 agus I-80. Is é Teaneck críoch thoir I-80, mórbhealach tras-ilchríche. Téann Mórbhealach 4 tríd ar a bhealach i dtreo Droichead Washington agus Cathair Nua-Eabhrac.

Le fada tá pobal mór Afrai-Mheiriceánach in Teaneck, go mór mhór in oirthuaisceart an bhaile. Tá iarracht leanúnach déanta ag na pobail gheala agus ghorma an baile ar fad a bheith oscailte do chách. Tá pobal Giúdach ceartchreidmheach ann freisin. Tá 14 sionagóg agus 4 yeshivas ar an mbaile. Le blianta beaga anuas tá líon na nÁiseach agus na gcainteoirí Spáinnise ag dul i méid.

Naisc sheachtracha cuir in eagar