Sraith Bhuí
Is tuamaí meigiliteacha é Sraith Bhuí nó Altóir i gContae Mhaigh Eo. Seo ceann de na tuamaí meigiliteacha is fearr in Éirinn. Is sampla de thuama dingeach é an ceann áirithe seo, a ainmnítear mar gheall ar a chruth, é níos leithne agus níos airde ag an mbealach isteach agus ag caolú isteach i dtreo a dheiridh. Tógadh an cineál seo tuama ag tús na Cré-Umhaoise (thart ar 2000 BC), nuair a bhí an borradh deiridh faoi thógáil tuamaí in Éirinn.
Sraith Bhuí | ||||
---|---|---|---|---|
| ||||
Baineadh úsáid as an díon cothrom cloiche mar altóir le linn na bPéindlithe, agus is as sin a thagann an t-ainm áitiúil, Altóir. Tá cros bhunaidh gearrtha isteach ar an dromchla uachtarach ag an gceann thoir-theas de.