Is sraith nó gleann abhann suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Srath Nabhair (Béarla: StrathnaverStrath Naver) a ritheann ó Loch Nabhair go cósta thuaidh na hAlban.[1] Tá úsáid níos leithne ag an téarma 'sraith' mar ainm an chúige ársa ar a dtugtar an Dùthaich MhicAoidh, a bhíodh tráth faoi smacht Chlann Mhic Aoidh agus a shín thar an chuid is mó d'iarthuaisceart Chataibh.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSrath Nabhair
Íomhá
CineálSrath agus gleann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Far, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 58°22′37″N 4°13′18″W / 58.377°N 4.2218°W / 58.377; -4.2218
Suite i nó in aice le limistéar uisceRiver Naver (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí29 (fad) km

Tá cáil ar an tsrath seo mar go raibh díshealbhuithe ar bun ann idir 1814 agus 1819. Fiú amháin, a deir roinnt go raibh na díshealbhuithe seo ar na cinn is measa riamh in Albain.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Iain Mac an Tailleir, "Ainmean-Àite", leathanach 109, Pàrlamaid na h-Alba
  2. "Strathnaver" (en).