Michael Bauer
Is teangeolaí Gearmánach é Michael Bauer nó Mìcheal Bauer (München, 4 Samhain 1974).[1] Tá sé an-ghníomhach i saol Ghaeilge na hAlban, ag déanamh taighde agus teagasc taobh amuigh den ollscoil, ag cruthú acmhainní digiteacha sa teanga (mar shampla bogearraí) agus san fhoilsitheoireacht.[1][2][3]
Michael Bauer | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | München, 4 Samhain 1974 (48 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Áit chónaithe | Glaschú |
Oideachas | |
Alma mater | Gisela Gymnasium (en) ![]() (1985 - 1995) Ollscoil Ludwig Maximilian, München (1995 - 1998) Ollscoil Dhún Éideann (1998 - 2002) teangeolaíocht, léann Ceilteach Stow College (en) ![]() (2002 - 2003) |
Teangacha | An Ghearmáinis an Béarla Gaeilge na hAlban An Bhascais Cantainis |
Múinteoirí | Roibeard Ó Maolalaigh |
Gairm | |
Gairm | teangeolaí, foclóirí, mionfhoilsitheoireacht agus aistritheoir |
Duaiseanna | Scottish Gaelic Awards (2014) |
Ballraíocht | The Document Foundation |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Agnóisí |
akerbeltz.org | |
akerbeltzalba |
Rinne sé céim sa teangeolaíocht agus Gaeilge na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann idir 1998 agus 2002, agus cé go raibh sé ina shaoránach Gearmánach ar dtús, fuair sé saoránacht Bhriotanach i 2010.[1]
Tá sé ina bhall den Document Foundation freisin, an fhondúireacht a fhorbraíonn LibreOffice.[4]
FoclóireachtCuir in Eagar
Is é Mìcheal Bauer agus Will Robertson a d'fhoilsigh Dwelly-d (leagan ar líne den fhoclóir mór Dwelly lenar féidir cuardach a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge na hAlban) agus Am Faclair Beag (foclóir Ghaeilge na hAlban ina bhfuil téarmaíocht agus abairtí nua-aimseartha ach le Dwelly ann chomh maith) i 2009.[5] Fuair an bheirt moladh ó Pharlaimint na hAlban agus ó Pharlaimint Westminster mar gheall ar an obair dheonach seo.[6][7]
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Bauer, M. Blas na Gàidhlig: The Practical Guide to Scottish Gaelic Pronunciation (2011) Akerbeltz ISBN 978-1907165009
- ↑ Na Gaidheileamailtich[nasc briste go buan]
- ↑ "Bòrd na Gàidhlig - Survey of Gaelic Corpus Technology". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-28. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- ↑ "Ballraíocht Document Foundation". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-11. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- ↑ Mun Fhaclair Bheag
- ↑ Early Day Motion 456
- ↑ "S3M-3232 [[Alasdair MacAilein]]: Dwelly’s Gaelic Dictionary Online". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-26. Dáta rochtana: 2013-12-27.