Edward Dwelly

foclóirí Sasanach

B'fhoclóirí ar Ghaeilge na hAlban é Edward Dwelly (Eoghann MacDhòmhnaill) (2 Feabhra 186425 Eanáir 1939). Eisean a chuir i dtoll le chéile an foclóir ba thábhachtaí i nGaeilge na hAlbanFaclair Gàidhlig gu Beurla le dealbhan, a tháinig amach den chéad uair sa bhliain 1911. Is é seo an foclóir is údarásaí in Albain agus bhí an-tionchar ag a shaothar ar fhoclóireacht Ghaeilge na hÉireann freisin.

Infotaula de personaEdward Dwelly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Feabhra 1864
Twickenham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Eanáir 1939
74 bliana d'aois
Fleet, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge na hAlban

Beathaisnéis cuir in eagar

Sasanach a bhí ann a rugadh i ndeisceart Shasana in aice le hArundel. Chuir sé suim i nGaeilge na hAlban ar dtús nuair a bhí sé ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Alban agus é san arm. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag d’aois nuair a thosaigh sé ag bailiú focal ag deireadh na 19ú haoise.

Bhain sé úsáid as Eoghann Mac Dhòmhnaill mar ainm Gaelach agus imní air nach nglacfaí lena shaothar gan é. Foilsíodh an chéad eagrán den fhoclóir sa bhliain 1911.

An Foclóir cuir in eagar

 
Cuid de na Garbhchríocha mar ar bhailigh Dwelly a stór mór focal.

Tá foclóir Dwelly i gcló go fóill. Tá 1034 leathanach ann maille le go leor léaráidí.[1]

Eisean a rinne formhór na hoibre, ní amháin ag cóimheas focal ó fhoclóirí eile ach ag bailiú na mílte focal ó fhoilseacháin éagsúla agus ó chainteoirí Gàidhlig a casadh air ar a chamchuairt ar fud na Gàidhealtachda. Lena chois sin, tharraing sé féin na léaráidí, chlóbhuail an leabhar agus cheangail é. Ar a chonlán féin a chuir sé an foclóir ar an margadh, le roinnt cúnaimh óna chlann agus óna bhean chéile (ar chainteoir dúchais Ghàidhlig í). Is minic a bhí air éirí oilte ar an obair agus é á déanamh.

Amach ina shaol mhothaigh sé go raibh doicheall éigin ar mhuintir na hAlban, idir Ghaeil agus Ghaill, roimhe. D’fhill sé ar Shasana agus a fuair bás ann gan an t-aitheantas iomlán a bhí dlite dó a fháil, cé gur bronnadh pinsean air.

Is díol mór spéise d'fhoghlaimeora na teanga a bhfuil le rá ag Dwelly ar bhrollach an fhoclóra faoi na fadhbanna a bhain leis an tionscadal. Ní raibh léamh ná scríobh na teanga ag formhór na gcainteoirí agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leo litriú na bhfocal a thabhairt dó. Bhí drogall ar chainteoirí dúchais Gàidhlig a labhairt le foghlaimeoir, agus b'éigean dó a ligean air gur chainteoir dúchais é.[2]

Tá breis agus 70,000 iontráil i bhFaclair Gàidhlig-Beurla agus meastar go forleathan gurb é an foclóir is cuimsithí dá bhfuil ann i nGàidhlig.

Digitú an fhoclóra cuir in eagar

Tá an foclóir le fáil ar líne anois.[3] Tharla seo sa bhliain 2009 de bharr a ndearna Michael Bauer, teangeolaí Gearmánach, a chaith deich mbliana ina bhun, agus Will Robertson, Albanach agus innealtóir bogearraí.[4]

Nótaí cuir in eagar

  1. Dwelly, Edward (1911), Faclair Gàidhlig gu Beurla le Dealbhan/The Illustrated Gaelic - English Dictionary (10mh Clò-bhualadh), Dùn Èideann: Birlinn Limited, ISBN 1-874744-04-1
  2. Wmffre, Ivan. "Ideology and the learning of Celtic languages", in Mugnaini, Fabio; Ó Héalaí, Pádraig; and Thompson, Tok (eag.), The past in the present: A multidisciplinary approach, lch. 240-41. Italy: ed.it. ISBN 88-89726-01-6.
  3. http://www.dwelly.info/ Dwelly-d Faclair Dwelly air loighne
  4. http://www.bbc.co.uk/scotland/alba/naidheachdan/story/2009/01/090116_dwelly.shtml "Dwelly air a thionndadh 's ga chur air loidhne"

Naisc sheachtracha cuir in eagar