Stailc Writers Guild of America, 2023


Ar 2 Bealtaine 2023, chuaigh Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá (CSM, Writers Guild of America nó WGA) ar stailc, 11,500 scríbhneoir scriptena na Stát Aontaithe. Bhí aighneas atá ar siúl le fada faoi chúrsaí pá, coinníollacha oibre, conarthaí srl. Ní raibh an AMPTP[1] – comhghuaillíocht léiritheoirí teilifíse agus raidió - toilteanach a thabhairt maidir le ceisteanna a bhí ríthábhachtach do bhaill CSM.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtStailc Writers Guild of America, 2023
Íomhá
Cineálstailc Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2023 Hollywood labor disputes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 Bealtaine - 27 Meán Fómhair 2023
SuíomhStáit Aontaithe Mheiriceá, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíWriters Guild of America Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwgacontract2023.org Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#WGAstrike agus #WGAStrong Cuir in eagar ar Wikidata

Imeachtaí cuir in eagar

I mí Iúil, mhol ceardchumann na n-aisteoirí in Hollywood (Sag-Aftra) gníomhaíocht thionsclaíoch chomh maith. Bhí sé ráite ag Sag-Aftra, a bhíonn ag plé le haisteoirí i scannáin, ar an teilifís agus ar an raidió, nach raibh an AMPTP[1] toilteanach a thabhairt maidir le ceisteanna atá ríthábhachtach do bhaill Sag-Aftra. Mar sin bhí aisteoirí agus scríbhneoirí ar stailc ag an am chéanna den chéad uair ó na 1960idí. Bhí aisteoirí mór le rá ar son na stailce: d’impigh leithéidí Meryl Streep agus Jennifer Lawrence ar cheannairí an cheardchumainn gan géilleadh agus glacadh le drochmhargadh.[2]

Ar 27 Meán Fómhair 2023, bhain na scríbhneoirí teilifíse comhaontú sealadach amach le feidhmeannaigh stiúideo. D’eisigh an tUachtarán Joe Biden ráiteas faoi dheireadh na stailce agus mhol sé cumhacht na cómhargála. Áirítear sa chomhaontú clásail a bhaineann le pá agus sochair chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil chomh tipiciúil amhail intleacht shaorga. Agus deireadh leis an stailc, d'fhill roinnt de na seónna cainte beo Meiriceánacha is mó ar scáileáin teilifíse, lena n-áirítear The Tonight Show.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Alliance of Motion Picture and Television Producers
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (15 Iúil 2023). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-19.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (30 Meán Fómhair 2023). "‎Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-01.