Osclóidh seo an príomhroghchlár

Na LochlannaighCuir in Eagar

 
Leagan de Povest' Vremennykh Let

Is é an scéal is thúisce a chreidtear taobh amuigh den Rúis féin gurbh iad na Lochlannaigh ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha chomh tapa céanna á admháil, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil sna foinsí staire a thugann a leithéid sin le fios.

Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar Croinic Neastóir go minic, siúd is gurb é Povest' Vremennykh Let an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach raibh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne éigean ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dóibh: "Tá an tír seo againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Tagaigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóigh, bhí na hUigingigh chomh cairdiúil carthannach is gur tháinig siad ag rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go ndeachaigh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.

Clann RurikCuir in Eagar

Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rurik - Hrærekur in Íoslainnis an lae inniu, Rörek as Sualainnis - agus go ndeachaigh sé i gceannas ar an gcathair úd Novgorod. Faoin taca céanna - sa naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile Cív in Úcráin an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí Chathair Chonstaintín.

Chuir Rurik bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na RurikovichyClann Rurik. Fuair Rurik bás sa bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oleg (Helgi as Íoslainnis, Helge i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an bheirt taoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rurik, Igor (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnóthaí an taoisigh.

B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. Rus a thugann Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le Roslagen, ceantar i dtuaisceart na Sualainne. Thairis sin, tugtar Ruotsi ar thír na Sualainne i dteanga na Fionlainne, agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áirithe seo leis an dá cheann eile.

Níor thréig meon saighdiúireachta, fánaíochta agus creachadóireachta na nUigingeach clann Rurik go róghasta. Le lámh láidir an ionsaitheora bhain Igor amach ceadúnas trádála ón mBiosáintiam, ionas gur chuir dornán trádálaithe Rúiseacha fúthu i gCathair Chonstaintín sa bhliain 911.

IgorCuir in Eagar

An bhliain dár gcionn fuair Oleg bás, agus Igor ag teacht i seilbh a chéimíochta. Chuir sé cogadh i ndiaidh cogaidh ar na treibheanna ina thimpeallacht, agus é ag sealbhú tailte úra don Rúis sa deisceart, idir deilte na Danóibe agus deilte Dniepr, chois na Mara Duibhe. Ag druidim le deireadh a shaoil dó chuir sé cogadh ar na Biosáintigh in athuair le conradh ní b'fhearr trádála a fháil: an seanchonradh a bhí i bhfeidhm ón mbliain 911 i leith, chuir sé diansrianta le líon na dtrádálaithe a raibh cead isteach acu i gCathair Chonstaintín, ach bhí cead trádála gan srian ag teastáil ó Igor.

Sa bhliain 945 chuaigh Igor a ghearradh cánach ar na Dreibhleánaigh - treibh Shlavach a bhí iontu a bhí cloíte ag Igor i dtús a chaithréime. Chuaigh na Dreibhleánaigh i gcearmansaíocht ar mo dhuine agus d'éirigh leo é a mharú. Tharla gur ag bailiú cánach a bhí sé ar uair a bháis, rinne Olga, a bhaintreach, a dicheall le córas sibhialta cánachais a chur ar bun, in áit an nóis a bhí ag na Lochlannaigh an obair a dhéanamh le lámh láidir mhíleata.

SvyatoslavCuir in Eagar

Bhí suim ag Olga sa chreideamh Chríostaí fosta. Bhí an reiligiún seo ag teacht isteach ón mBiosáintiam faoin am sin, agus bhí Olga barúlach go gcuideodh an creideamh léi síocháin a choinneáil ar fud na ríochta agus cultúr léinn a chur ar bun inti. Ní raibh a mac, Svyatoslav, ar aon tuairim léithi, áfach. Bhí seisean an-tugtha don tseanghnáthamh Phágánta, agus é ag roghnú an chlaímh thar an bpeann. Thar aon rud eile, b'eisean a chloígh is a scrios ríocht na gCasárach: dealraíonn sé gur treibh Thurcach a bhí sna Casáraigh, ach más amhlaidh féin, chuaigh siad leis an nGiúdachas. Tá an teoiric ann gurb ó na Casáraigh a shíolraigh na sluaite de Ghiúdaigh a chuir fúthu ar fud Oirthear na hEorpa go dtí gur thacht Hitler sna seomraí gáis iad.

Fuair Svyatoslav bás sa bhliain 972, agus ní raibh aois rómhór aige go fóill. Ó nár thréig sé ceard na cogaíochta choíche, chuaigh sé ag cur troda ar na Peitsineigigh. Cine d'fhánaithe a bhí iontu seo agus iad i gcomhghuaillíocht leis na Casáraigh, tráth den tsaol: nuair a fuair siad an fhaill, mharaigh siad Svyatoslav, a sean-namhaid, gan trua gan trócaire.

Clann SvyatoslavCuir in Eagar

I ndiaidh a bháis-sean, scoilteadh a ríocht, nó bhí triúr mac aige, agus thug gach duine acu a phíosa féin leis. Oleg, Yaropolk agus Vladimir a bhí ar an triúr seo, agus ní raibh siad i bhfad ag déanamh réidh chun cogaidh in aghaidh a chéile. Ar tús, mharaigh Yaropolk Oleg, ach níor fágadh i bhfad ina bheo é féin ina dhiaidh sin, agus Vladimir ag coinneáil súil air le leas a bhaint as an chéad áiméar a gheobhadh sé le bás a imirt air.

VladimirCuir in Eagar

Nuair a bhí an bheirt eile ag déanamh créafóige, chuaigh Vladimir i gceannas ar Chíév. Taoiseach mór cogaidh a bhí ann, ar nós a mhuintire roimh a lá féin. Chuir sé cath ar na Liotuánaigh agus na Polannaigh a raibh a dtailte ag críochantacht lena thír féin, agus rinne sé an-ghabháltas ar a gcuid siúd. Sa deireadh, áfach, chinn sé ar iompú a dhéanamh i leith an leagain Oirthearaigh den chreideamh Chríostaí, nó fuair sé nár mhiste dó dul i gcomhghuaillíocht le Cathair Chonstaintín. Bhí an Chríostaíocht ag seadú ina chúirt féin cheana, agus daoine de lucht leanúna an chreidimh nua le fáil i measc uaisle a ríochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an bparóiste Críostaí a bhí bunaithe ag an eaglais i gCív le fada an lá le misinéireacht a dhéanamh agus le freastal ar a n-anamanna siúd a bhí ag adhradh Mac Dé cheana féin. Dealraíonn sé go raibh Vladimir sách eolach ar nósanna na Críostaíochta ó thús a shaoil, siúd is gur bhain sé féin le lucht na seanPhágántachta.

Mar sin, phós Vladimir Áine, an banphrionsa Polannach, agus chuaigh tonn bhaiste air. Thug sé dianorduithe do mhuintir na ríochta go léir an reiligiún úr a ghlacadh. Tháinig easpag nua sna sálaí ag Áine, agus chrom sé ar an misinéireacht go tréan tréamanta. Níor imigh mórán blianta go raibh Críostaíocht an Oirthir ina príomhreiligiún ar fud na tíre. Nuair a d'éag Vladimir, bhronn an Eaglais Ortadocsach naomhainmniú air in éiric an éachta a bhí déanta aige ag cur chun cinn an chreidimh i measc a chuid géillsineach.

Clann VladimirCuir in Eagar

Sa bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní raibh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Svyatopolk, an mac ba sine acu, ba thúisce a tháinig sa ríchathaoir, ach má tháinig féin, ní raibh an deartháir eile, Yaroslav, agus é i gceannas an airm - ní raibh Yaroslav sásta an chumhacht a fhágáil ag Svyatopolk gan cath a chur ar a shon féin. Chuaigh Svyatopolk i dtuilleamaí Bholeslaw, Rí na Polainne, le cuidiú a fháil in aghaidh Yaroslav, a d'fhan i gceannas Novgorod an chuid ba mhó den am, agus cogadh ar cois idir lucht a leanúna féin agus cuid a dhearthára.

Ghlac na géillsinigh col le Svyatopolk mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Yaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoris agus i nGleb, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díobh ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Svyatopolk - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a shamhlófá le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Yaroslav isteach ó Novgorod le Cív a ghabháil agus le SvYatopolk a mharú, sa bhliain 1019. Svyatopolk Mallaithe an t-aon ainm a thugtaí ar mo dhuine i ndiaidh a bháis.

Yaroslav na n-ilbhuannaCuir in Eagar

Nuair a bhí an tsíocháin ar bun sa ríocht arís - siúd is go raibh trioblóidí áirithe ag Yaroslav go fóill le deartháir eile darbh ainm Mstislav - shocraigh an rí nua síos le atógáil is forbairt a dhéanamh ar a thír. Dealraíonn sé gur fear cuíosach léannta a bhí ann, agus léamh na teanga Slaivise aige, rud nach raibh chomh coitianta sin san am.

Ní raibh an Rúisis á scríobh go fóill, mar Rúisis. Nuair a chaighdeánaigh Naomh Ciril agus Naomh Methodius, an bheirt mhisinéirí Gréagacha - nuair a chaighdeánaigh siad an teanga scríofa le haghaidh na Slavach, níor aithin siad idir na teangacha éagsúla ina measc siúd: bhí siad sásta an tSlaivis scríofa a bhunú ar an gcanúint ba chóngaraí don Ghréig, agus í níos cosúla leis an mBulgáiris, leis an Maiceadóinis agus leis an tSeirbis ná leis an Rúisis. Cibé scéal é, mhair na Rúisigh féin i bhfad thar an riachtanas ag saothrú na teanga seo mar aonmheán liteartha.

B'i dtréimhse Yaroslav a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht sa teanga léannta seo sa Rúis. Chuir Yaroslav ar bun scoileanna sna cathracha, agus é ag cuidiú leis an Eaglais tithe adhartha a thógáil agus ealaín na naomhdhathadóireachta a chur chun cinn. Is cuid thábhachtach iad de chultúr na heaglaise Oirthearaí na dealbha beannaithe sa lá atá inniu féin ann. - Thairis sin, d'fhéach Iaroslav chuige gur cuireadh tús le códú agus caighdeánú na ndlíthe ina ríocht. Bhí an-chaidreamh taidhleoireachta ag Yaroslav le tíortha móra an Iarthair, agus phós daoine clainne dá chuid prionsaí agus banphrionsaí ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón bPolainn agus ón Ungáir. Níor shéan Yaroslav seanchairdeas a ríochta leis na Lochlannaigh ach an oiread. Mar sin, bhí clú agus cáil ar mo dhuine agus ar a thír ar fud na hEorpa. San am sin, ní raibh an Rúis chun deiridh ar na tíortha eile san Ilchríoch, agus an chuma ar na cúrsaí go rabhthas ag tosú ag dearcadh uirthi mar thír den ghnáthchineál.

Bás Yaroslav agus meath ChíévCuir in Eagar

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, b'é an seanscéal sa Rúis arís é i ndiaidh bhás an phrionsa éirimiúil seo: thit a chlann agus lucht a ghaoil amach le chéile, agus an tír á lagú ag na mionchogaí is ag na trioblóidí éagsúla. D'éirigh prionsachtaí eile na Rúise níos tábhachtaí ná Cív: Vladimir-Suzdal thar aon cheann eile. Sa bhliain 1136 chuir muintir Novgorod ruaigeadh ar an bprionsa a chuir Cív chucu le dul i gceannas na cathrach. Ansin, chrom muintir Novgorod ar iad féin a rialú mar chineál poblacht, agus fágadh Cív ag titim le fána. Nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh Cív le léirscrios iomlán a dhéanamh uirthi, ní raibh fágtha den chathair cheana féin ach scáil i mbuidéal. Sa dara leath den dóú haois déag, bhí a gradam agus a céim bainte di ag Andrey Bogalyubskiy, prionsa Vladimir-Suzdal, a chuir a chumhacht féin i gcion ar an gcathair in éis dó an t-iomlán a chreachadh dá raibh le fáil de rudaí luachmhara san áit.

De na mionphrionsachtaí a tháinig ar an bhfód nuair a bhí port Chíév seinnte, b'iad Novgorod agus Suzdal an dá cheann ba tábhachtaí, agus iad suite i dTuaisceart na Rúise, murab ionann agus Cív.

Novgorod na SaoirseCuir in Eagar

Áit trádála a bhí i Novgorod thar aon rud eile, agus í á stiúradh is á rialú ag comhthionól na bhfear saor, veche. B'iad na mórthrádálaithe agus na huaisle, chomh maith leis na heaglaisigh, ba mhó a raibh cumhacht acu ar an tionól, ach is féidir a rá gur beag áit eile sa Rúis san am sin ina raibh a leithéid féin de dhaonlathas le fáil. Bhí géillsine ag go leor cathracha eile do Novgorod, ar nós Pskov, Staraya Russa agus Velikiye Luki, agus an córas céanna rialtais ag feidhmiú iontu, bunaithe ar an veche.

Bhí an-bhród ar mhuintir Novgorod as a ndaonlathas, agus iad ag tagairt dá gcathair mar a bheadh duine ann: Gospodin Gosudar' Velikiy Novgorod - An tUasal Novgorod, an Tiarna Mór.

Tá Novgorod suite níos faide thuaidh ná Cív, agus mar sin, ba dual do mhuintir Novgorod súil a choinneáil ar chríocha an tuaiscirt ar lorg seansanna trádála. Sa tríú haois déag, mar sin, bhí an Fhionlainn agus an Cháiréil ina gcnámha spairne idir an tSualainn agus Novgorod, agus gach taobh ag cur chun cinn a leagan féin den Chríostaíocht i measc na dtreibheanna Fionlannacha le dílseacht agus cuidiú a thabhú uathu in éadan na námhad. D'éirigh ina chogadh idir na Sualannaigh agus na Novgoradaigh sa bhliain 1240. Thug na Sualannaigh iarracht ar inbhear na habhainne úd Neva a ghabháil, ach chloígh Prionsa Novgorod, Aleksandr (Alastair), lucht an ionraidh, agus baisteadh "Aleksandr Nevskiy", nó Alastair na habhainne Neva, mar leasainm air.

B'iomaí cogadh a phléasc amach ina dhiaidh sin féin idir an tSualainn agus na Rúisigh, ach faoi dheireadh chuaigh acu teacht ar chineál comhghéilliúint agus an Fhionlainn is an Chairéil a roinnt eatarthu i Síocháin Schlüsselburg sa bhliain 1323.

Má ba mhall ba mhithid, nó, ar dtús, bhí an tsíorchogaíocht in éis praiseach a dhéanamh ar fud na Cairéile, agus, thairis sin, namhaid i bhfad ní ba mhó ná an tSualainn ag éirí bagrach ar na Rúisigh - bunadh Novgorod ins an áireamh - san Oirthear. B'é sin stát na Mongólach is na dTatárach.

Na MongólaighCuir in Eagar

Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Cháin mhórchlúitigh féin Geingeas. Ós rud é gur san Deisceart a rinne Geingeas a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vladimir-Suzdal agus Novgorod.

Ba mhillteanach an namhaid iad na Mongólaigh is na Tatáraigh, agus iad ag scuabadh rompu anoir gan oiread agus ballóg a fhágáil ina seasamh ina ndiaidh. B'iomaí cathair Rúiseach a scrios is a chreach siad gan taise, gan trua, gan trócaire - Cív, Vladimir agus Suzdal ina measc - ach d'éirigh leis an bPrionsa Alastair thuasluaite dul i gcomhchainteanna leis na Mongólaigh. Shábháil sé é féin agus a ríocht trí cháin bhliantúil a ghealladh do na danair seo.

Chuir na Mongólaigh cúirt an Cháin - an Mathshlua Órga - ar bun i nDeisceart na Rúise, in áit ar bhaist siad "Saray" uirthi.

B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga san Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach i ngach ceann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chán na Mongólach mar Ard-Rí. Sa tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.

MoscóCuir in Eagar

Bhí stát nua ag teacht chun tosaigh, áfach, i measc na mionphrionsachtaí: Moscó. Ní raibh i Moscó ar dtús ach cineál taobhchathair nó cóilíneacht de chuid Vladimir-Suzdal. B'é Iúirí Dolgarúicí (nó "Seoirse Lámhfhada") a thóg an chéad chaisleán ins an áit seo, agus de réir a chéile, rinneadh prionsacht daoithi, mar Mhoscó. (As an abhainn - Moskva-reka - atá ag sní tríthi a hainmníodh an chathair. Creidtear gur tháinig ainm na habhainne as ceann de na teangacha Fionnúgracha a labhraítear nó a labhraítí thall is abhus sa Rúis, agus gaol ag an ainm Moskva leis na tamhain Fhionnúgracha a chiallaíonn "dubh" agus "uisce" - musta agus vesi na Fionlainnise. Thiocfadh a rá, mar sin, gur "Dubhlinn" is ciall le hainm na cathrach ó thús.)

D'éirigh le hIvan Kalita - nó "Seán an Sparáin" - sa bhliain 1328 ceadúnas a mhealladh ón gCán prionsacht Tver' in aice le tailte Mhoscó a fhorghabháil. Mar a thaispeánann a leasainm, fear inseifte tíosach a bhí in Ivan, agus sparán mór aige: chaith sé a ailp ag ceannach tailte úra ón gCán sa bhreis ar a bhfuair sé nuair a chloígh sé Tvéir.

B'éigean do Novgorod géilleadh do bhrú na Sualannach is na Liotuánach, fosta: de réir a chéile, chaill sí a seanghradam, agus Moscó ag fás is ag forbairt.

Faoi Bhráca na MongólachCuir in Eagar

Ba mhór an t-éirleach é an tréimhse a chaith na Mongólaigh ag rialú na Rúise. Nuair a tháinig siad ag marú is ag creachadh rompu, bhánaigh siad limistéir mhóra den tír go hiomlán, agus nuair a chuir siad ar bun cumhacht eagraithe, níor bhuair siad a gcloigne le gnaoi na ndaoine a chothú ná a tharraingt orthu féin. Mar sin, d'éalaigh na sluaite síoraí de Rúisigh rompu go Novgorod le teacht slán ar a bhforlámhas. De réir mar a chuaigh nósanna cruálacha míthrócaireacha i bhfeidhm ar an bpobal, d'éirigh na Rúisigh as an tsibhialtacht go hiomlán, ó bhí troid laethúil na beatha ag éileamh gach a raibh de ghustal iontu. Bhí na prionsaí Rúiseacha ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan a chéile, agus na Mongólaigh á saigheadadh faoi chéile lena ngaisneas a bhaint as gach cineál easaontais nó faltanais idir na Rúisigh.

Iarsmaí an MhongólachaisCuir in Eagar

D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis sa Rúis, nó ní raibh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.

Dmitriy DonskoyCuir in Eagar

Sa cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitriy, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Mathshlua nua bunaithe ag cuid acu le dul in iomaíocht leis an Mathshlua Órga - an Mathshlua Geal. Chuaigh fórsaí Dmitriy chun teagmhála leis na Tatáraigh i gKulikovo in aice leis an abhainn úd Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Mathshlua an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh arís, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go raibh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitriy - Dmitriy Donskoy, nó Dmitrí ó Don.

Tokhtomysh agus VasiliyCuir in Eagar

Ní raibh na Tatáraigh sochloíte ach an oiread, áfach. Nó tháinig Cán úr i gceannas orthu uilig - Tokhtomysh, a bhí i mbun an Mhathshlua Ghil ar tús. Rinne Tokhtomysh creach agus ródach ar Mhoscó le díoltas a agairt ar Dmitriy Donskoy, ach níorbh é sin an deireadh le troid na Rúiseach, nó thionóil Vasiliy, mac Dmitriy Donskoy, na Rúisigh ó chúigí is ó phrionsachtaí éagsúla ina gcomhghuaillíocht mhór mhillteanach le cath a chur ar na Tatáraigh agus ar an namhaid úr a bhí ag druidim isteach aniar - monarcacht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine. Bhí réalta Novgorod ag dul faoi faoin am seo, agus Moscó ag déanamh forghabhála ar cheantair iar-Novgorodacha ó thuaidh, rud a d'fhág dídean ag Vasiliy le dul ar a theitheadh ó na Tatáraigh nuair a tháinig siadsan a rith damhsa ar fud Mhoscó.

Aontú na Rúise ar na BacáinCuir in Eagar

Le linn na gcathanna sa chúigiú haois déag tháinig deireadh leis na cúigí neamhspleácha, agus an Rúis á haontú faoi choimirce Mhoscó. Nuair a shealbhaigh Ivan a Trí - garmhac do Vasiliy, mac Dmitriy - an chumhacht i Moscó, ní raibh mórán sracaidh fágtha sna cúigí eile, ach amháin i Novgorod. Déanta na fírinne, ní bheadh Novgorod féin in inmhe scaradh ó Mhoscó gan chuidiú ón bPolainn-Liotuáin, agus í ag iompairc le Moscó faoin tseanphoblacht trádála seo. Nuair a thoiligh Novgorod le conradh comhghuaillíochta leis an Liotuáin, chuaigh Ivan a Trí chun cogaidh le pionós a ghearradh do mhuintir Novgorod as an bhfeillbheart, agus ó ba rud é nár tháinig fórsaí Liotuánacha ag chosaint a gcomhghuaillí ar an ionradh, b'éigean do lucht rialtais Novgorod forlámhas a ghéilleadh d'Ivan. I gceann chúpla bliain eile, áfach, d'éirigh na Novgorodaigh amach in éadan Mhoscó, ach ní raibh rath orthu. B'éigean dóibh iad féin a thabhairt suas don namhaid go neamhchoinníollach, agus ansin, sa bhliain 1478, chaill an tseanphoblacht gach a raibh fágtha dá neamhspleáchas. An clog mór féin a mbíodh a chling ag cur gairm scoile ar chomhthionól ionadaíoch na poblachta cathartha, tógadh anuas é lena thabhairt go Moscó mar chreach chogaidh. Rinneadh feoid de thailte Novgorod agus cuireadh tiarnaí ó Mhoscó ina mbun.

Feodachas, Seirfeachas agus DaoirseCuir in Eagar

An Rúis a haontaíodh le linn Ivan a Trí a bheith ina phrionsa ar Mhoscó, ba sochaí fheodach í. B'iad síol Rúiric agus na seanuaisle eile de phór Lochlann a chuir tús le forbairt an tseirfeachais sa tír, nó nuair a tháinig siad ansin an chéad uair, bhí sé de nós acu complacht choimhdeachta de shaighdiúirí dá chuid féin a bheith mar chúirt taistil thart timpeall ar gach taoiseach uasal. B'as na complachtaí seo - hirð as Lochlainnis, druzhina as Rúisis - a d'eascair aicme na mboigheárach (boyary), a mb'iad an aicme ab airde céimíochta i sochaí na sean-Rúise amach ó chlanna na seantaoiseach féin. Bhí neamhspleáchas ag baint leis na boigheáraigh nach samhlófá lena macasamhlacha in Iarthar na hEorpa san am céanna, nó siúd is gurb iomaí boigheárach a raibh an chéimíocht aige a bhuí leis an ngaraíocht a rinne sinsear dá chuid don phrionsa fadó, níor vasáilligh ná géillsinigh de chuid an phrionsa a bhí iontu. Uaisle de ghradam ní b'ísle ab eadh iad na dvoiriánaigh agus na svoighizéimtsigh, comh maith leis an aicme a chruthaigh Dmitrí Donscóigh: na fíor-vasáilligh nó na poiméisticí. Leis na Tatáraigh a throid, theastaigh ó Dmitrí aicme de dhaoine a bheith aige a dtiocfadh leis dul ina dtuilleamaí: ní raibh mórán maithe sna gnáthuaisle, ós rud é go raibh siad ábalta feall a dhéanamh air ar mhaithe leis na Tatáraigh, má bhí buntáistí le baint as a leithéid.

Ar ndóighe, bhí scológa ann, nó cé eile a sholáthródh a gcuid bia do na huaisle? Bhí feirmeoirí saora ann freisin, nó "scológa dubha" - scológa de chuid na talún duibhe. Ba leo féin an caorán a bhídís a shaothrú, ach ba ghnách cáin nó cíos bliantúil, nó obrok, a ghearradh orthu a d'íocaidís leis an tiarna talún. Scéal eile ar fad a bhí fíor maidir leis na seirfigh: ní hamháin go n-íocaidís cíos - tyaglo - leis an tiarna talún, ach b'éigean dóibh freisin dualgas oibre, barshchina, a chomhlíonadh go tráthrialta i bpáirceanna an tiarna. Agus Moscó ag teannadh a greime ar an Rúis, ceanglaíodh na scológa den talamh, i gcruth is nach raibh de cheart acu an áit ar rugadh iad a fhágáil ar aon nós. Ós rud é go raibh cíos, cáin agus ceangal ag cur an tsaoil féin ó mhaith ar na scológa, áfach, is iomaí duine acu a thug aghaidh ar na cúlriasca le talamh úr a thabhairt chun míntíreachais, beag beann ar rí nó ruire.

B'annamh a bhí an rogha ann cur fút i gcathair cheart, nó bhí na cathracha sách tana sa tsean-Rúis, agus ní raibh an saol iontu chomh difriúil leis an tuath agus a chreidfeá. Mar shampla, ní raibh an cineál cuallachtaí nó gildeanna - cumainn le haghaidh na gceardaithe is an lucht tráchtála - sa Rúis agus a bhíodh ina lán tíortha in Iarthar na hEorpa.

Bhí sclábhaithe nó daoir sa Rúis, fosta, nó bhí na Rúisigh ag tógáil patrúin leis na Mongólaigh: bhí an daoirse fréamhaithe sách domhain ina gcultúr siúd. De réir a chéile, rinneadh aicme na ndaor agus aicme na seirfeach a ionannú le chéile. Nó ba mhinic a gaireadh daor de dhuine shaor a bhí báite i bhfiacha; agus ó ba rud é nach rabh cuid mhaith de na scológa in ann a gcíos a íoc leis an tiarna talún, thosaigh seisean ag caitheamh leo mar a bheadh daoir den tseandéanamh iontu.

Bhí an-pháirt ag an Eaglais Cheartchreidmheach in atógáil na sochaí is an chultúir, agus réim na Mongólach ag druidim chun deireanais. Go háirithe, bhí eaglaisí á dtógáil agus naomhphictiúir á ndathú, agus Novgorod ina lárionad tábhachtach ealaíontóireachta sa cheathrú haois déag, idir ailtireacht agus dhathadóireacht. Ansin a d'fhoghlaim Andrey Rublyov, an duine ba cháiliúla amuigh de dhathadóirí cráifeacha a linne, - ansin a d'fhoghlaim sé tús a cheirde ón máistir Gréagach úd Theophanes, nó "Feofan Grek", mar a thugadh na Rúisigh air, i ndeireadh na ceathrú haoise déag. (Lenár linn féin, rinne an stiúrthóir cáiliúil Andrey Tarkovskiy scéal beatha Rublyov a scannánú.) De réir a chéile, thosaigh na manaigh ag saothrú litríochta arís, agus iad ag cleachtadh na teanga scríofa a dtugtar an tSean-Slaivis Eaglasta uirthi.

Fuair Ivan a Trí bás sa bhliain 1505, agus tháinig a mhac Vasiliy a Trí i gcomharbacht air. Ós rud é gur banphrionsa Biosáinteach, Zoë Palaiologos, ab ea a mháthair, agus an Biosáintiam féin léirscriosta ag na Turcaigh sa bhliain 1453, bhí Vasiliy inbharúla gurbh eisean a bhí ina oidhre ceart ar Impire an Bhiosáintiam. Bhí meas an tSáir - meas an Impire - aige air féin, agus scríbhneoirí cúirte dá chuid ag tagairt do Mhoscó mar "an tríú Róimh" (i ndiaidh an chéad Impireacht Rómhánach agus Impireacht an Bhiosáintiam, arbh í leath oirthearach na hImpireachta Rómhánaí í, ar dtús).

Mhair Vasiliy a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasiliy bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Ivan, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.

 
Ivan IV

Ivan UafásachCuir in Eagar

Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na Tatáraigh dheireanacha.

Chloígh Ivan an dá Chánacht mhóra, Kazan agus Astrakhan, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an gCrimé, nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna chomh cumhachtach dainséarach agus gurbh eagal le hIvan féin é.

Ba le linn Ivan a cuireadh tús le gabháltas na Sibéire. Bhronn Ivan tailte móra in oirthear na Rúise - arbh ionann é ag an am agus na Sléibhte Úralacha, teorainn na hEorpa is na hÁise - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov. Bhí súil ag Ivan go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na Tatáraigh agus na bundúchasaigh eile a raibh a chuid tailte ag críochantacht lena gcríocha. B'é ba toradh dó seo gur éirigh cogadh idir na Tatáraigh áitiúla agus díormaí Stroganov. De réir a chéile d'éirigh le Yermak, taoiseach Cosacach a bhí ina cheann urra ar thrúpaí Stroganov, an oiread sin talamh a dhéanamh san Oirthear agus gur gabháltas ann féin a bhí ann. Is é an rud a tharraing an gabháltas seo ina dhiaidh ná caidreamh le pobail agus le dreamanna nua, ar nós treibheanna beaga d'fháiteallaithe a raibh craicinn fhionnaidh le ceannacht uathu. Mar sin, chuir lucht gnó na Rúise suim sna seansanna úra san Oirthear, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir de réir a chéile.

Ar ndóigh, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Yermak féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ngabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"Iarthar Fiáin" ó na hIndiaigh. - Thairis sin, ba tréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Ivan i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangal leis an Eoraip féin chomh maith leis an Áis.

Bhí cogadh ar na bacáin leis na Sualannaigh fosta. Bhí teorainn thoir na Sualainne - agus í suite fiarthrasna na Fionlainne - sainithe an chéad uair riamh sa chonradh síochána a shocraigh Novgorod agus an tSualainn sa bhliain 1323, ach de réir a chéile bhí an tSualainn éirithe as an teorainn seo a urramú, agus áitribh mhíntíreachais á mbunú ag feirmeoirí ón taobh Sualannach den teorainn ar an taobh eile. D'éirigh ina chogadh idir an dá thír seo sa bhliain 1555, ach tháinig deireadh leis i gceann dhá bhliain gan aon athrú ar na teorainneacha, ná aon bhuanfhuascailt ar na fadhbanna ba bhun leis an gcogadh. Bhí an Rúis agus an tSualainn le cogadh i ndiaidh cogaidh a chur ar a chéile sna haoiseanna a bhí le teacht, agus an Fhionlainn á satailt go minic ag na saighdiúirí.

Nuair a bhí an tsíocháin ar bun i ndiaidh an chogaidh áirithe seo, chúngaigh díormaí Ivan ar áit eile, mar atá, ar an dún úd Narva in oirthear na hEastóine. Ba leis na Ridirí Teotanacha an Eastóin san am seo, ach bhí na Ridirí féin in adharca a chéile, go háirithe nuair a d'éirigh eatarthu faoi chúrsaí an Reifirméisin agus iad ag teacht crosach ar a chéile faoin gcineál creidimh ab fhearr.

Ghabh an Rúis píosa maith d'Oirthear na hEastóine sa bhliain 1558, agus chuaigh an chuid eile de na tíortha Baltacha i dtuilleamaí na gcomharsan eile le cosaint agus díonadh a fháil ar an Rúis. Mar sin a fuair an tSualainn, an Danmhairg agus ríocht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine an chéad fhód san Eastóin agus an Laitvia.

D'éirigh le hIvan tionchar éigin a fháil ar ghabháltaisí Baltacha na Danmhairge tríd an bprionsa áitiúil Dhanmhargach a bhladar chun géillsineachta le tuilleadh tailte a ghealladh dó mar fheod. Mhair an chogaíocht i gcónaí idir an tSualainn agus an Rúis sna tíortha Baltacha, áfach. Le teacht an rí Ungáraigh Stiofán Batory i seilbh choróin na Polainne sa bhliain 1575, chuir na Polannaigh a ladar sa chogadh seo freisin. Ansin, bhí an Rúis sáraithe ag a cuid námhad, go háirithe nuair a nocht fórsaí Tatáracha na Crimé ag geataí Mhoscó, i mbreis ar a raibh ar siúl ag na naimhde Iartharacha. Shocraigh na Rúisigh síocháin leis an bPolainn sa bhliain 1582, ach mhair an cogadh tamall eile leis na Sualannaigh in ainneoin iarrachtaí le sos cogaidh a chur ar bun: níor tháinig deireadh leis an gcogaíocht ar an gcathéadan áirithe sin ach le síocháin Täysinä sa bhliain 1595.

Níorbh iad a chuid cogaí leis na tíortha coimhthíocha a thabhaigh a leasainm d'Ivan Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Ivan, nó ní raibh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Ivan le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na hOprichniki, le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na sluaite móra de dhaoiní bás, agus ní Boigheáraigh amháin a bhí á marú. Theann lámh láidir Ivan chomh dian dána dásachtach ar na Boigheáraigh agus gur thogair cuid mhór acu a gcuid tailte a thréigean agus tearmann a lorg ar imeall na ríochta.

Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Ivan Uafásach ina shaol phríobháideach féin, chomh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach Ilya Repin pictiúr clúiteach den mhóitíf seo: Ivan Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Ivan agus gur nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an éirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.

Boris Godunov agus Dmitriy BréigeCuir in Eagar

Gaireadh Sár d'Fheodor, mac eile le hIvan, ach b'é Boris Godunov, a chliamhain, a chuaigh i mbun chúrsaí rialtais an stáit thar aon duine eile. Fear de phór na dTatárach a bhí i nGodunov. Bhí deartháir óg ag Feodor arbh ainm dó Dmitriy, páiste a fuair bás go hóg; ach má fuair, bhí sé le páirt nach beag a dhéanamh i gcúrsaí rialtais na Rúise i ndiaidh a bháis, aisteach go leor.

Chruthaigh Boiríos Godúnov go seoigh ar fad i gceann na cumhachta, agus é ag cur feabhais ar thrádáil agus ar chaidreamh idirnáisiúnta an stáit, ag déanamh talún sa tSibéir agus ag baint amach tuilleadh neamhspleáchais d'Eaglais na Rúise. Cibé cé chomh maith a d'éirigh le Godunov, ní raibh mórán dáimhe ag na Boigheáraigh leis, agus iad den bharúil nach raibh an pór uasal i mo dhuine a thabhódh a ghradam dó. Chuaigh siad ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan Ghodunov.

Fuair Dmitriy, deartháir an tSáir, bás sa bhliain 1591. Ar ndóigh, bhí Moscó ar fad go luath ag insint luaidreáin gurbh é Godúnov a mharaigh é. An Sár Feodor féin, d'éag sé seacht mbliana ina dhiaidh sin, agus tháinig Godunov i seilbh na corónach é féin, anois, Le meath na mbarraí sna blianta 1601-1603, áfach, d'éirigh na scológa, agus go leor cúiseanna eile acu fosta le bheith míshásta - d'éirigh siad amach in aghaidh Ghodunov. Chruinnigh siad thart ar fhear buile, iar-mhanach a shíl gurbh é féin Dmitriy a d'éalaigh ó lucht a mharfa agus a fuair tearmann i mainistir. Lzhe-Dmitriy nó Dmitriy Bréige is gnách a thabhairt air as Rúisis.

D'iompaigh Dmitriy Bréige i leith an chreidimh Chaitlicigh, rud a chinntigh tacaíocht na Polainne dó, agus é ag teannadh ar Mhoscó lena chuid saighdiúirí. Bhí na Boigheáraigh ag cuidiú leis chomh maith, nó bhí fuath na ndaol acu ar Ghodunov agus ar a mhuintir. Nuair a d'éag Boris Godunov in Aibreán na bliana 1605, fuair a mhac an ríocht le hoidhreacht, ach má fuair féin, ní raibh aon mhoill ar na Boigheáraigh muintir Mhoscó a ghríosú chun ceannairce in éadan mo dhuine. Maraíodh é, agus tháinig Dmitriy Bréige go Moscó.

Cé gur tháinig sé, níor shocraigh sé scéal ar bith. Go sciobtha ina dhiaidh sin d'éirigh idir é agus na Boigheáraigh, agus maraíodh é féin sa scliúchas a tarraingíodh. Sa bhliain 1606, d'fhéach ceann urra na mBoigheárach, Vasiliy Shuiskiy, leis an ríchathaoir a bhaint amach dó féin, ach ní raibh rath ar an iarracht sin. Nó d'éirigh bunadh dheisceart na Rúise amach ansin, agus Dmitriy Bréige nua ceaptha acu. Nuair a bhí an cogadh ag cliseadh ar Shuiskiy, d'iarr sé cuidiú ar na Sualannaigh, agus é ag tairiscint críocha is cúigí in aice leis an bhFionlainn dófa, ach iad ruaigeadh a chur ar an dara héilitheoir ar an ríchathaoir.

Nuair a nocht fórsaí Jacob de la Gardie ón tSualainn os comhair gheataí Mhoscó, bhí ceannairceoirí Dmitriy Bréige cloíte cheana. Má bhí féin, áfach, bhí scéim nua socraithe ag na Polannaigh le Vasiliy Shuisky, agus d'éirigh ina chath idir na Polannaigh agus na Sualannaigh. Briseadh an cath ar na Sualannaigh, agus ní raibh muintir na Cairéile in aice leis an bhFionlainn sásta géillsine a mhionnú don tSualainn cibé. Mar sin, b'éigean do na Sualannaigh an limistéar a bhí geallta dóibh a ghabháil le lámh láidir. Ansin thug na Sualannaigh a n-aghaidh ar Novgorod, agus iad ag iarraidh stáitín a chur ar bun ansin faoina gcoimirce féin. Bhí fuar acu leis an iarracht sin, siúd is gur éirigh leo geallúint géillsine a bhaint as muintir na háite. Socraíodh go nglacfadh deartháir rí na Sualainne coróin Novgorod, ach níor tháinig an fear seo riamh a fhad leis an áit féin - thit an drioll ar an dreall ag an gcúirt i Stócólm, is dócha.

Shealbhaigh na Polannaigh tailte móra in Iarthar na Rúise, an chathair stairiúil Smolensk thar aon áit eile, agus nuair a bhí siad i gceannas ar Mhoscó, bhí an chuma ar an scéal go raibh siad le cúige dá gcuid féin a dhéanamh den Rúis, fiú. Nuair a tháinig chun solais nach raibh na Polannaigh sásta cead a gcreidimh a fhágáil ag na Rúisigh, dá ngabhfaidís an tír go hiomlán, - b'ansin a chrom an Eaglais Cheartchreidmheach ar an náisiún a ghríosú chun troda le ruaigeadh a chur ar lucht an éigreidimh as an tír. Chuaigh na scológa is cuid de na móruaisle i gcomhar le chéile faoi cheannasaíocht Dmitriy Pozharskiy, fear de na móruaisle, agus Kuz'ma Minin, fear a bhí ina starosta, nó ina Mhéara, ar an gcathair udaí Nizhniy-Novgorod. Ag druidim le deireadh na bliana 1612 bhí an Polannach deireanach glanta as lár na Rúise, agus críoch curtha le Tréimhse na dTrioblóidí i stair na tíre.

Gaireadh Sár úr de Mhikhail Feodorovich Romanov, ar mhac é d'Fheodor Romanov, céile iompairce Bhoris Godunov agus col ceathar d'Ivan Uafásach. B'é Mikhail seo a chuir tús le rítheaghlach mhuintir Románov sa Rúis.

Thar aon rud eile, theastaigh ón Impire úrcheaptha éirí as an gcogadh leis na Sualannaigh, nó bhí siadsan ag cur as do na Rúisigh i gcónaí. Síníodh conradh nua síochána i Stolbova sa bhliain 1617, ach ba bhocht an socrú é dar leis na Rúisigh, ó baineadh a cuid críoch chois Mhuir Bhailt den Rúis go hiomlán beagnach. An chomha a socraíodh leis na Polannaigh, níor fhabhraigh sí don Rúis ach an oiread, nó géilleadh críocha iartharacha na tíre do na naimhde, ar nós Smolensk, an tseanchathair in aice le teorainn thoir na Bealarúise inniu. B'é dearcadh na Rúiseach, áfach, nach raibh ach géilleadh sealadach agus sos cogaidh i gceist.

Nuair a bhí an chogaíocht tráite, d'fhill athair an tSáir ar an Rúis. Bhí sé ina eaglaiseach Ortadocsach anois, agus gaireadh Patrarc Mhoscó de. Déanta na fírinne, bhí seisean, seachas a mhac, i mbun na tíre a raibh fágtha dá shaol. Feodor ba cheartainm dó, ach nuair a chuaigh sé leis an tsagartóireacht, ghlac sé an t-ainm Filaret air.

Sna blianta úd bhí an Dáil Tíre - Zemskiy Sobor - cruinnithe an chuid ba mhó den am. Cineál parlaiminte a bhí ann, siúd is nach raibh mórán cumhachta ag baint léi, ach ina dhiaidh sin féin, choinníodh sí an Sár i dteagmháil éigin leis na cúigí agus a mbunadh, rud a chuidigh leis agus é ag cur bail agus caoi ar an tír arís i ndiaidh na gcogaí fada tuirsiúla.

Fuair Filaret bás sa bhliain 1633, agus níor mhair a mhac ach dhá bhliain déag ina dhiaidh. Ansin, tháinig Alexey Mikhailevich i gceannas ar an tír, ach ós rud é go mbíodh cúraimí na hoibre ag teacht ainchleachtaithe ar mo dhuine i dtús, fuair na lútálaithe is na stocairí barraíocht tionchair air. Chothaigh sin míshástacht agus reibiliúnachas i measc na cosmhuintire, go dtí gur phléasc trioblóidí - "an cheannairc shalainn" - amach sa bhliain 1648. Thug seo ar Alexey an Dáil Tíre a chur i mbun obair reachtaíochta dáiríribh, agus tháinig an Dáil le chéile le cineál bunreacht a dhréachtáil.

Go gairid ina dhiaidh sin rinneadh patrarcach de Nikon a bhí i mbun na heaglaise i Novgorod. Fear éirimiúil uaillmhianach a bhí ann, agus theastaigh uaidh deasghnáthaí agus dogmaí na heaglaise a chur ar aon líne le máthaireaglais Chathair Chonstaintín. Mar shampla, thug sé ar fhíréin na Rúise iad féin a choisreacan le trí mhéar, seachas le dhá cheann, mar ba nós i measc na cosmhuintire. D'éirigh "lucht an tseanchreidimh" (starovery) nó "scoilteoirí na heaglaise" (raskolniki) amach in éadan na "nuálacha" a bhí Nikon a chur chun cinn, agus tugadh bata is bóthar don Phatrarc. Ina dhiaidh sin féin, bhí tromlach na n-eaglaiseach sásta leis na leasuithe a fhaomhadh is a fhormhuiniú, fiú ag an gcomhthionól eaglasta céanna a bhris Nikon as a phost. Mhair an scoilt i bhfad i ndiaidh lá Nikon - i mblianta an Aontais Shóibhéadaigh féin, d'fhéadfaí teacht trasna ar phobail bheaga scoite amuigh ar an iargúltacht nach raibh a fhios beo acu an Cumannachas, ná suim acu i gcúrsaí polaitíochta na comhaimsire, ó bhí siad i gcónaí ag cur in aghaidh an mhasla a thug Nikon don tseanchreideamh, dar leo - ach ós rud é nach raibh de dhiagaireacht ag lucht an tseanchreidimh ach a dtroid in aghaidh na leasuithe, agus iad féin ag teacht crosach ar a chéile i dtaobh a lán saincheisteanna, rinne siad athscoilt i ndiaidh a chéile eatarthu féin, agus na scórtha de sheicteanna éagsúla ag teacht ar an bhfód go géar gasta.

Tréimhse mhór fáis agus forbartha ab ea an atógáilt i ndiaidh Thréimhse na dTrioblóidí ar a lán bealaí. hAtheagraíodh an t-arm de réir réamhshamplaí Iartharacha, agus oifigigh phroifisiúnta á n-earcú is á ndruileáil le haghaidh an fhiannais, in áit fir uaisle nach raibh de dhintiúirí acu ach an chéimíocht aicme. Albanaigh ab ea an chuid ba mhó de na saighdiúirí tuarastail a tháinig ón iasacht le bail a chur ar fhórsaí armtha na Rúise, agus d'fhág siad a lorg féin ar chultúr na tíre. Mar shampla, b'as Albain do shinsir an scríbhneora Mikhail Lermontov a bhí thuas sa naoú haois déag, agus é ar dhuine de na filí móra Rúiseacha: Learmont ba sloinneadh don fhear a chuir tús leis an teaghlach.

An borradh a tháinig ar an gcaiteachas mhíleata sa tseachtú haois déag, ghoill sé go mór mór ar na scológa, nó b'iadsan a d'íocadh as an ngléas is as an lón cogaidh, agus na cánacha ag teannadh orthu go dian. I dtús an tsamhraidh 1648 d'éirigh saighdiúirí amach i Moscó ag éileamh go gcuirfí an cháin ar shalann ar ceal. Ní raibh aon mhoill ar na saighdiúirí dílse an cheannairc seo a chloí, ach ba scéal eile ar fad é ceannairc Stenka Razin.

Stenka RazinCuir in Eagar

Taoiseach Cosacach a bhí i Razin a bhíodh i gcónaí ag creachadóireacht sa Pheirs agus i nDeisceart na Rúise. Cineál foghlaí a bhí ann thar aon rud eile, agus de thaisme, a bheag nó a mhór, a tharla i gceannas ar éirí amach abhalmhór é, i ndeireadh na 1660idí. Ag ascnamh suas an abhainn dá chuid díormaí, chorraigh siad na sluaite síoraí chun catha in éineacht, le ruaigeadh a chur ar na huaisle is ar an tSár. Tháinig arm Raizín a fhad le Simbirsk - an áit ar rugadh Léinín, dála an scéil, agus caithfidh sé go gcluineadh Léinín stairsheanchas faoi Razin cois tine nuair a bhí sé óg - ach b'ansin a chloígh fórsaí an tSáir é. Gearradh pionós thar a bheith brúidiúil ar Razin agus ar a lucht leanúna: deirtear gur maraíodh céad míle de dhaoine ar caitheadh amhras na ceannairce orthu. Scéal tipiciúil laochais a bhí i mbeatha agus i mbás mo dhuine, agus é ina spreagadh ag intinn chruthaitheach an duine. Mar sin, mhair cuimhne Razin i bhfad ina dhiaidh i mbéal an phobail is na seachaithe, agus, go háirithe, sna hamhráin tíre. Thairis sin, ní mór an t-úrscéal mór millteanach eipiciúil a lua a chum Vasiliy Shukshin, scannánaí agus scríbhneoir, thiar sna seascaidí. Tháinig an t-úrscéal amach i dtús na seachtóidí - Ya prishol dat' vam volyu - "Tháinig mé leis an tsaoirse a thabhairt daoibh". Áirítear an t-úrscéal seo ar shaothair mhóra na litríochta Sóivéadaí i gcónaí, agus ní bheadh obair amú ann dá gcuirfí Gaeilge air. Is féidir a rá gur cuid lárnach de mhiotas náisiúnta na Rúise é scéal Stenka Razin, agus meas an laoich ar mo dhuine.

Éirí Amach ChmielnickiCuir in Eagar

Bhí trioblóidí de chineál eile ag luí ar Chosacaigh na hÚcráine a bhí ina gcónaí ní b'fhaide san Iarthar ná muintir Razin. Ba ghéillsinigh Pholannacha iad Cosacaigh na hÚcráine, go bunúsach, ach d'éirigh brilsce idir iad agus na Polannaigh faoi chúrsaí creidimh. Theastaigh ó na Cosacaigh a seanurraim a thabhairt d'eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir, agus Rí na Polainne ag iarraidh an Caitliceachas a bhrú anuas orthu. Thairis sin, ba mhian leis na huaisle Polannacha an feodachas is an seirfeachas a fhairsingiú a fhad le tír na gCosacach, rud nár thaitin leis na Cosacaigh féin ar aon nós. Nó is é is brí le "Cosacach", mar fhocal is mar choincheap, ná duine dá sliocht siúd a d'éalaigh ó lámh thapaidh na n-uasal feodach Rúiseach go dtí na machairí in iardheisceart na tíre. Ba dual do na Cosacaigh, mar sin, fuath a thabhairt don té a d'fhéachfadh tíorántacht den chineál seo a imirt orthu. Bhí mionchogaíocht ar obair idir na Polannaigh agus na Cosacaigh chomh fada siar le deireadh na séú haoise déag, ach nuair a tháinig an chuma ar an scéal go raibh siad ag cailleadh an chatha, chuaigh na Cosacaigh i dtuilleamaí an tSáir Alexey Mikhailevich sa bhliain 1653. Socraíodh go rachadh Cosacaigh an Iarthair isteach in Impireacht na Rúise, ach ó bhí fear oilte sciliúil ag déanamh na taidhleoireachta thar a gcionn - ceann urra Cosacach darbh ainm Bogdan Khmelnitskiy, nó Bogdan Chmielnicki, mar a litríonn na Polannaigh é - bhain siad amach comha aontais a bhí iontach fabhrach dóibh: thoiligh an Sár le neamhspleáchas sách cuimsitheach a fhágáil acu chun cúrsaí inmheánacha na hÚcráine a rialú. Ar an drochuair dá mhuintir féin, fuair Chmielnicki bás, agus chlis ar a mhac Yuriy (Seoirse, nó Jerzy as Polainnis) an bhearna bhaoil a líonadh ina dhiaidh. Tháinig na díormaí Polannacha isteach leis an "mbruach deis" - an bruach thiar den abhainn úd Dniepr - a nascghabháil don Pholainn - agus b'é an bruach eile a fágadh ag an Rúis, mar a cinneadh i gconradh síochána na bliana 1667 in Andrusovo.

Ní raibh fad saoil i ndán don tsíocháin áirithe sin, áfach, nó d'éirigh trioblóidí nua le ceannairc Pyotr Doroshenko a rinne iarracht an uile Úcráin a ghabháil le dul i gceannas uirthi é féin. Chuaigh sé ag lorg cuidiú ó shabhdán na Tuirce, ach ní bhfuair sé a achainí; i gceann sraith bhlianta b'éigean dó é féin a thabhairt suas do ghinearáil an tSáir. B'é ba toradh dó seo, áfach, gur chaith an Pholainn, an Tuirc agus an Rúis an chéad cheithre scór bliain eile ag cur cogaidh ar a chéile agus iad ag iompairc faoin Úcráin.

An Gabháltas ag dul ar an tSibéirCuir in Eagar

San am céanna bhí an cóilíniú Rúiseach ag teannadh soir sa tSibéir, agus cathracha úra á mbunú. Sa bhliain 1639 a bhain an chéad fhórsa sluaíochta amach cósta an Aigéin Chiúin - nó Muir Ochóta, mar a bheirthear ar an murascaill taobh thiar de Leathinis Kamchatka. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí sa tSibéir roimh choinscleo na Rúiseach, ní raibh cur in aghaidh an ionraidh seo iontu, nó go bunúsach ba treibheanna scoite de shealgairí agus d'fhánaithe iad, agus cuid acu ag buachailleacht réinfhia. Nuair a thosaigh na cóilínithe Rúiseacha ag líonadh isteach ina scórtha aniar, bhí cosa na mbundúchasach nite.

Ní raibh na fáiteallaithe fánacha ábalta ag an gcineál seo naimhde, agus an cultúr feirmeoireachta a bhí acusan. Nuair nach raibh i gceist leis na Rúisigh seo ach fórsa míleata le do thír a ionsaí, bhí tú in ann a chreidiúint go n-éireodh leat fá dheoidh ruaigeadh a chur ar na hionsaitheoirí; nó i ndiaidh an iomláin ní bhíodh aon mhoill ar na daoiní "primitíbheacha" riamh an dóigh cheart a fhoghlaim le húsáid a bhaint as an raidhfil, mar shampla: más agatsa ab fhearr a bhí fios na mbólaí seo, níor theastaigh uait ach éirí eolach ar na hairm nua a tháinig isteach leis na hionraitheoirí, agus bhí an lá leat.

A thúisce is a d'éirigh leis na Rúisigh an talamh a thabhairt chun tíreachais, seadú a dhéanamh san áit agus a rogha cuma a chur ar an imshaol, ní raibh fágtha ag na bundúchasaigh ach a mhór a dhéanamh den drochscéal. Cuid acu, d'éirigh leo go measartha déanamh as dóibh féin agus iad ag díol fionnaidh leis na cóilínithe agus leis na trádálaithe. An chuid eile, áfach, ba bhocht an cruatan a d'fhulaing siad, agus na baillí is na Cosacaigh ag gearradh cíosa is cánach díobh de réir mar a thagadh an tallann orthu. Nó bhí an tSibéir i bhfad ar shiúl ón tSár, agus cead a chinn ag gach ábhar deachtóra impire beag a ghairm de féin. Bhí Oirthear Fiáin seo na Rúise iontach cosúil le hIarthar Fiáin Mheiriceá dhá chéad bliain ina dhiaidh.

Bhí lá Pheadair Mhóir ag gealadh faoin am seo.

TagairtíCuir in Eagar