Steve Kerr

cóitseálaí agus imreoir cispheile proifisiúnta Meiriceánach

Is cóitseálaí agus imreoir cispheile proifisiúnta Meiriceánach é Stephen Douglas Kerr (rugadh 27 Meán Fómhair 1965) agus iarimreoir cispheile atá mar phríomhchóitseálaí na Golden State Warriors faoi láthair. Tá an chraobh NBA buaite aige naoi n-uaire, cúig huaire mar imreoir (trí cinn leis na Chicago Bulls agus dhá cheann leis na San Antonio Spurs) agus ceithre huaire mar phríomhchóitseálaí na Golden State Warriors.

Infotaula de personaSteve Kerr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Meán Fómhair 1965
58 bliana d'aois
Béiriút, An Liobáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPalisades Charter High School (en) Aistrigh
American Community School at Beirut (en) Aistrigh
Ollscoil Arizona
Cairo American College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Meáchan80 kg
Airde190 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcispheileadóir, cóitseálaí cispheile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1988 –  2003
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcispheil Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtNCAA Division I men's basketball (en) Aistrigh agus NBA
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtTreoraí na himeartha agus garda caithimh
Roghnaithe agPhoenix Suns (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Portland Trail Blazers (en) Aistrigh
Cleveland Cavaliers (en) Aistrigh
Orlando Magic (en) Aistrigh
San Antonio Spurs
Phoenix Suns (en) Aistrigh
Chicago Bulls
1983–1988 Arizona Wildcats men's basketball (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
2014– Golden State Warriors (en) Aistrigh (príomhchóitseálaí)
2021– United States men's national basketball team (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
19861986 FIBA World Championship (en) Aistrigh (1) (bonn óir) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairMalcolm Kerr
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0449807 Twitter: SteveKerr FIBA: 84145 Cuir in eagar ar Wikidata

D’imir Kerr cispheil ar an ollscoil leis na Arizona Wildcats. Roghnaigh na Phoenix Suns é sa dara babhta den NBA Draft 1988 agus d’imir sé 15 shéasúr san NBA.

Aistríodh Kerr go dtí na Cleveland Cavaliers in 1989 agus ansin chuig na Orlando Magic in 1992. In 1993 shínigh Kerr leis na Chicago Bulls. Shroich siad na NBA Playoffs in 1993-94 agus 1994-95, ach gan Michael Jordan níor éirigh leo. Ach, agus Jordan ar ais ag imirt go lánaimseartha in 1995-96, bhain siad curiarracht amach, bhuaigh siad 72 cluiche agus fuair siad an bua ar na Seattle Supersonics sna NBA Finals, 4-2.

An bhliain dár gcionn, shroich siad babhtaí ceannais an NBA i 1997 in aghaidh na Utah Jazz. Ag deireadh an séú cluiche agus na foirne ar comhscór, ghlac Kerr pas ó Jordan agus fuair sé an scór cinniúnach. Bhuaigh na Bulls an chraobh in 1998 chomh maith chun trí chraobh as a chéile a bhaint amach.

In 1999, d’aistrigh Kerr chuig na San Antonio Spurs agus sa bhliain sin bhuaigh siad a gcéad chraobh NBA riamh le bua 4-1 in aghaidh na New York Knicks. Tar éis bliain leis na Portland Trail Blazers, d’fhill Kerr ar ais go San Antonio in 2002 agus bhuaigh sé a chúigiú craobh in 2003 in aghaidh na New Jersey Nets, 4-2.

Nuair a chríochnaigh sé mar imreoir, rinne Kerr go leor oibre mar thráchtaire agus bhí sé le cloisteáil ar an teilifís. D’fhág sé an chraoltóireacht in 2007 chun bheith mar Bhainisteoir Ginearálta na Phoenix Suns. Chaith sé trí bliana ann gan rath sular tháinig se ar ais chuig an gcraoltóireacht arís.

In 2014, ghlac Kerr post mar phríomhchóitseálaí na Golden State Warriors. Ba í an bhliain sin an bhliain ab fhearr i stair na foirne agus bhuaigh siad sna NBA Finals 2015 in aghaidh na Cleveland Cavaliers, 4-2. Bhí an bua ag Kerr agus é ina chéad bhliain mar phríomhchóitseálaí. An bhliain dár gcionn, bhuaigh na Warriors 73 chluiche, an churiarracht is fearr riamh, agus níos fearr ná an churiarracht a bhain na Bulls amach in 1996 nuair a bhí Kerr ag imirt leo. Bhí Kerr ainmnithe mar Cóitseálaí na Bliana ach theip orthu sna NBA Finals, 3-4 in aghaidh na Cleveland Cavaliers. In 2017, bhuaigh siad an chraobh ar ais, 4-1 in aghaidh Cleveland agus in 2018 bhuaigh siad in aghaidh Cleveland arís, 4-0. In 2019, bhain siad na NBA Finals amach arís, den chúigiú huair as a chéile, ach theip orthu 2-4 in aghaidh na Toronto Raptors.

Bhí tionchar nach beag ar an bhfoireann de bharr gortuithe do réaltaí Stephen Curry agus Klay Thompson sna blianta ina dhiaidh sin. In 2022 áfach, tháinig na Warriors ar ais agus bhain siad an chraobh amach arís in aghaidh na Boston Celtics, 4-2.

Scaoileadh agus dúnmharaíodh Malcolm Kerr, athair Steve, in ionsaí sceimhlitheoireachta sa Liobáin in 1984, áit a raibh sé mar Uachtaráin an American University of Beirut. Le blianta beaga anuas, cuireann Steve a thuairimí in iúl go neamhbhalbh faoi rialú gunnaí i Meiriceá agus labhraíonn sé go minic ar an ábhar.