Stoirm cíticíní
Is éard atá i gceist le stoirm cíticíní[1][2] ná ró-fhás cillíní de bharr an córas imdhíonachta a bheith ró-ghníomhach. 'Siad ba chúis leis an gcóras imdhíonachta gan a bheith ag feidhmiú i gceart. Nuair a bhraitheann an cholainn go bhfuil sí faoi ionsaí ag miocrorgánaigh, d'fhéadfadh sé ré-chosaint a dhéanamh ar an láthair ina bhfuil an t-ionfhabhtú.[3]
Cineál | cytokine release syndrome (en) agus freagairt imdhíonachta |
---|---|
Speisialtacht leighis | imdhíoneolaíocht |
Cliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras |
Pataigineas | |
Cúis | freagairt imdhíonachta |
Éifeacht | multiple organ dysfunction syndrome (en) |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 34296 |
UMLS CUI | C0919747 |
Chruthófaí an iomad antashubstaintí sa láthair. Más ins na scamhóga atá an t-ionfhabhtú, mar shampla, d'fhéadfadh an riocht bealaigh aeir a bhlocáil agus duine a phlúchadh.
Glactar leis anois gur dóichí go raibh páirt thábhachtach ag stoirm cíticíní leis an díobháil a rinne an paindéim COVID-19 nó an fliú Spáinneach.
Tá taighdeoirí ag díriú ar bhealaí leis an bhfrithghníomh seo ón gcolainn a mhaolú.[3]
Féach freisin
cuir in eagar- Paindéim COVID-19 agus an fliú Spáinneach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, cytokine storm
- ↑ ““stoirm cíticíní” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-19.
- ↑ 3.0 3.1 Cormac Ó Gráda (2008). "An Fliú Mór 1918-19". Comhar 68 (2): 15–17. ISSN 0010-2369.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |