Symposium (Platón)
Is é an Symposium le Platón (Sean-Ghréigis: Συμπόσιον) cur síos ar chomhrá a thit amach ag oíche ceiliúrtha agus ólachán eagraithe, sa Sean-Ghréig thart faoin mbliain 380 roimh Chríost. In éineacht le na comhráite Parmenides, Philebos agus Phaidros, tá sé ina chuid den tríú teitrean de shaothar Phlatón.
(grc) Συμπόσιον | |
---|---|
Cineál | agallamh Platónach agus saothar scríofa |
Cárta innéacs | |
Údar | Platón |
Teanga | an tSean-Ghréigis |
Foilseachán | an Aithin Chlasaiceach |
Tréith | |
Seánra | agallamh Sócraitéach |
Carachtair | |
Cuid den tsraith | |
agallamh Platónach | |
Plota
cuir in eagarBhain Agathon duais ag comórtas drámaíochta agus an lá dár gcionn thug sé cuireadh dá chuid chairde agus gaolta as an tsochaí in Aithin chuig symposium ag a theach. Bhí páirt lárnach ag Arastafainéas, Sócraitéas agus Alcibiades sa chomhrá. Ós rud é go raibh siad traochta tar éis ceiliúradh an lae roimhe, shocraigh siad go mbeadh oíche socair, chiúin, ré acu. Bheartaigh siad óráidí molta faoi Eros (an grá) a thabhairt, duine i ndiaidh dhuine.
Do b'é an buaicphointe ná óráid Sócraitéas faoina thuiscint ar an ngrá ba uaisle a d'fhéadfaí a mhothú. Faoi dheireadh briseann Alcibiades isteach ar an symposium agus é ólta go maith agus de réir mar a chuireann sé é féin in iúl agus a n-insítear don éisteoir faoin gcaidreamh agus an baint idir Sócraitéas agus Alcibiades, léirítear don éisteoir ionracas Shócraitéas i leith an méid a bhfuil ráite aige (grá Platónach).
Tagairtí
cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |