Tadhg Dall Ó hUiginn

file Éireannach

File clasaiceach Gaelach ba ea Tadhg Dall Ó hUiginn (c. 1550- c. 31 Márta 1591) ar dhuine d’fhilí móra na nGael.[1][2] Ba cheann de na filí is iomráití é, ó ré-dhéanach na bhfilí Gaelach. "Chum sé filíocht a thugann pléisíúr agus taitneamh fós ceithre chéad bliain tar éis a ceaptha lena grástúlacht agus a hornáideacht, le líofacht agus foirfeacht na teanga inti".[3]

Infotaula de personaTadhg Dall Ó hUiginn
Beathaisnéis
Breith1550 (Féilire Ghréagóra)
Cúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata
BásMárta 1591
40/41 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois
TeangachaAn Ghaeilge
Is barúntacht suite i gContae Shligigh í Luíne, áit a rugadh Tadhg Dall Ó hUiginn

Tugann a shaol léargas dúinn ar na filí, ar na huaisle, ar thuaisceart Chonnacht agus ar stair na nGael sa 16ú hAois.

Bhí Tadhg Dall ina bhall de theaghlach d'fhilí gairmiúla ó thuaisceart Chonnacht. Tá ainm a mháthar anaithnid. Ba é Mathghamhain Ó hUiginn, file a d’éag 1585, athair Thaidhg Dhaill; mac eile leis ba ea Maol Muire (d’éag c.1590) a bhí ina ardeaspag ar Thuaim. I Luighne, Co. Shligigh, a bhí cónaí ar Mhathghamhain.[3]

Bhí muintir Uiginn in ann, dar leo féin, a nginealach a rianú siar go dtí Niall Naoighiallach.[3]

Is dóigh gurbh i Luíne a rugadh an tUiginneach, barúntacht Luighne i gContae Shligigh.[4] Tá cruthú ar an dáta 1550 i gcáipéis in Oifig na nAnnála Poiblí faoi Mhaitiú Ó hÚiginn ó 'Dougharane' a fuair bás ar an 9 Eanáir 1558 agus a raibh a shealúchas mar ábhar fiosrúcháin i Sligeach ar an 27 Iúil 1590.[5][6]

Is in áit ar theorainn Chontae Shligigh agus Mhaigh Eo, san áit a dtugtar Caisleán an Dumha[7] inniu air (suite i gCoistealaigh), a d'fhás sé suas. Bhí sé i gCúil re Coill[8] nuair a d'éag sé ar 31 Márta 1591 is cosúil.[3]

Cé gur glaodh 'Dall' ar an tUiginneach, níl aon fhianaise go raibh sé dall.[3] Tuigtear, áfach,go raibh sé 'gearr-radharcach' nó 'ar leathshúil', b’fhéidir. Thug file amháin ‘Tadhg tuadhall’ air : tuairimíonn Knott go gciallódh sin é a bheith dall sa tsúil chlé.

Is iad na dánta leis is minice a luaitear: ‘Nodlaig do-chuamair don Chraoibh’;[9][10] ‘Fearann cloidhimh críoch Bhanbha’; ‘D’fhior chogaidh comhailtear síothcháin’; ‘Tógaibh eadrad is Éire’.[3]

  1. Darach Ó Scolaí. "Sraith - Scéalta Staire - Tadhg Dall Ó hUiginn (Leabhar Breac)" (ga). An Siopa Gaeilge. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  2. "Ó hUiginn, Tadhg Dall | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-03-31.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 "Ó hUIGINN, Tadhg Dall (1550–1591)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  4. "Luíne/Leyny" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  5. Deirtear sa cháipéis : ;Tadeus vulgariter dictus Teg Dall Ó Higyn est proximus et legitimus heres predicti mathei qui nunc est etatis quadragintorum annorum et maritatus'.
  6. Níl an logainm Dougharane níl ainm cosúil leis ar aon bhaile fearainn i Sligeach anois ach bhí an t-ainm 'Ducharne' (?Gaeilge: Dúcharn) ar bhaile fearainn i bparóiste Achadh Chonaire sna Hearth Money Rolls agus is dócha gurb ionann iad.
  7. "Caisleán an Dumha/Doocastle" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  8. "Cúil re Coill/Coolrecuill" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  9. bardic.celt.dias.ie. ""Nodlaig do-chuamair don Chraoibh"". Dáta rochtana: 2021.
  10. MARGO GRIFFIN-WILSON (2012). "Review of Tadhg Dall Ó hUiginn: His Historical and Literary Context. Irish Texts Society Subsidiary Series 21". Béaloideas 80: 234–239. ISSN 0332-270X. 
  11. Tadhg Dall Ó Huiginn; Internet Archive (1922). "A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó Huiginn (1550-1591) : idir mholadh agus marbhnadh aoir agus ábhacht iomarbháigh agus iomchasaoid". Lúndain : Simpkin, Marshall, Hamilton, Kent & co., ltd. d'fhoillsigh ar son Chumainn na sgríbheann Gaedhilge. 
  12. "The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (1550–1591)". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  13. "Tadhg Dall Ó hUiginn: His Historical and Literary Context Subsidiary Series 21 | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-04-01.