An chéad rí den tuath Uí Dhiarmada i gContae na Gaillimhe dá bhfuil fianaise ann ba ea Tadhg mac Muircheartaigh (bás 971).

Infotaula de personaTadhg Uí Dhiarmada
Beathaisnéis
Bás971
Teaghlach
PáisteCú Cheanainn mac Taidhg Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ba bhall é Tadhg de Shíol Mhuireadhaigh, a bhí ina ríthe na gConnacht bunaithe i gContae Ros Comáin. Faoi lár na 10ú haoise, fuarthas iad leata siar ó dheas in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe. Ghabh géag den chlann roinnt tailte ann agus thugadar Uí Dhiarmada ar an áit, ainmnithe as Diarmaid Fionn mac Tomaltaigh, fionnó Indreachtaigh mhic Muireadhaigh (bás 723), rí Chonnacht.

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Tharla Cath idir Murchadh Glún Iollar ua Flaithbheartaigh, rí Ailigh agus Cathal mac Taidhg, rí Chonnacht ag Ceis Corran sa bhliain 971. Cloíodh agus maraíodh Cathal agus líon mór dá chomhghuaillithe, Tadhg ina measc.[1]

Cé nach raibh Cú Ceannainn, mac Taidhg, ina rí féin, ghlac rítheaghlach Uí Dhiarmada an sloinne Ó Con Cheanainn.

Ginealach Con Cheanainn cuir in eagar

  • Muireadhach Moilleathan, bás 702
  • Indreachtach mac Muireadhaigh, bás 723
  • Murgaile mac Indreachtaigh, father of
  • Tomaltach mac Murgaile
  • Diarmaid Fionn mac Tomaltaigh
  • Dadlach mac Diarmada Fhionn
  • Ailill mac Dadlaich
  • Muircheartach mac Ailealla
  • Tadhg mac Muircheartaigh, bás 971
  • Cú Ceanainn mac Taidhg, bás 991
  • Uada mac Con Cheanainn, bás 1021
  • Tadhg mac Uadach
  • Muircheartach Mór mac Taidhg,
  • Mailechlann mac Muircheartaigh,
  • Cathal mac Mailechlainn
  • Aodh mac Cathail
  • Tadhg mac Aodha
  • Ardal mac Taidhg, beo lár-12ú haois

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 971.9, Tadhcc, mac Muirchertaigh, toiseach Ua n-Diarmada


Réamhtheachtaí
anaithnid
rí Uí Dhiarmada
-971
Comharba
Giolla Comáin mac Néill