Taifeadán eitilte
Ciallaíonn “taifeadán eitilte” aon chineál taifeadáin atá suiteáilte san aerárthach chun imscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí nó ar theagmhais a éascú[1]. Tugtar an t-ainm Bosca Dubh chomh maith ar thaifeadán eitilte ar aerárthach (ach is oráiste é).
Bailíonn sé seo eolas ar fheidhmiú an aerárthaigh le linn na heitilte.
Is féidir úsáid a bhaint as chun na cúiseanna le tuairt eitleáin a dhéanamh amach.
Tá dhá chineál acu ann: taifeadán sonraí eitilte agus taifeadán gutha digiteach.
Forbairt
cuir in eagarDar le Parlaimint na hEorpa, ba cheart dul chun cinn maidir le taighde faoi rianú fíor-ama aerárthaí agus faoin bhféidearthacht go mbeidh rochtain ar fhaisnéis ó thaifeadán eitilte gan an taifeadán eitilte a bheith ann go fisiciúil a spreagadh d’fhonn feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil d’imscrúdaitheoirí chun na cúiseanna atá le tionóiscí a chinneadh agus d’fhonn feabhas a chur ar an gcumas chun teagmhais athfhillteacha a chosc.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoin eitlíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |