Is aclaíocht d'uachtar an choirp é an tarraingt suas. Is éard atá i gceist leis an aclaíocht ná uachtar na droma, na bícéipsí agus na cuislí a aclú. Nuair a dhéantar an tarraingt suas, beir an duine ar bharra le dhá lámh, tarraingíonn an duine í/é féin suas go dtí a smig os cionn an bharra. Ansin, íslíonn an duine é/í féin go dtí a (h)uillinn lánchasta. Is bealach maith é an tarraingt suas le tomhas a dhéanamh ar an gcorpacmhainn atá ag duine éigin. Mar sin, úsáideann Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe an tarraingt suas sa tástáil chorpacmhainne s'acu. Caithfear trí cinn a dhéanamh ar a laghad, agus fiche cinn a dhéanamh chun lánmharcanna a bhaint amach, sa tástáil sin[1]. Déantar idirdhealú idir greamanna a usáidtear san aclaíocht seo i mBéarla, nuair atá an duine ag féachaint ar bos na lámh, tugtar chinup uirthi, agus nuair atá an mhalairt i gceist, tugtar pullup uirthi. Ní dhéantar an idirdhealú sin i nGaeilge, áfach.

Bean ag déanamh tarraingt suas


  1. Stew Smith CSCS®. "Marine Corps Physical Fitness Test (PFT)" (en). Military.com. Dáta rochtana: 2021-04-07.