Taxiphyllum barbieri
Caonach is ea Taxiphyllum barbieri (Gaeilge: Caonach Iáva) a bhaineann leis an fhine Hypnaceae. Dúchasach san Áise Thoir Theas, úsáidtear é go coitianta in uisceadáin fionnuisce. Greamaíonn sé le carraigeacha, fréamhacha, agus le hadhmad raice. Níl aitheantas an phlanda aithnidiúil seo réitithe go fóill; roimhe seo ceapadh gur Vesicularia dubyana (Brotherus, 1908) a bhí i gceist, ach d'fhéadfadh gur Taxiphyllum barbieri (Cardot & Copp.) Z. Iwats atá ann i ndáiríre.[1] Cuireadh síos air, ar dtús, mar Isopterygium barbieri Cardot & Copp. ó Vinh, Vítneam.[2]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Aicme | Bryopsida |
Ord | Hypnales |
Fine | Hypnaceae |
Géineas | Taxiphyllum |
Speiceas | Taxiphyllum barbieri Z.Iwats. |
Ainmníocht | |
Basainm | Isopterygium barbieri |
Ní gá a bheith an-chúramach leis an chaonach seo. Glacann sé le gach cineál uisce, fiú breacsháile lag, agus gach cineál caighdeán solais. Fásann sé níos fearr ag 21 go 24° Celsius, ach is féidir leis maireachtáil i dteocht suas le 29 go 32 °C. Déanann sé go maith mar phlanda sa tulra. In uisceadáin ba chóir é a bheith curtha san áit ina mbíonn dea-uisce reatha mar greamaíonn bruscar air go héasca agus éiríonn sé donn doiléir da bharr. Mar gheall ar nádúr greamaitheach an chaonaigh seo is féidir caonachbhalla a dhéanamh as. Is féidir é seo a chur i gcrích tré eangach a fhilleadh agus í an caonach a leathadh go cothrom uirthi. Ansin, is féidir a eangach a ceangailte sreangáin phoileistear. Fásann sé go mall ar dtús go dtí go mbíonn sé socraithe síos.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tan, B.C., Loh, K.L., & Gan, C.W. (2005): A case of mistaken identity?
- ↑ Type of Isopterygium barbieri Cardot & Copp.