Teangacha Heilléanacha
(Athsheolta ó Teangacha Gréagacha)
Craobh de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Gréagacha. Go bunúsach, ní gnách dearcadh orthu mar theangacha éagsúla, ach mar chanúintí nó mar chéimeanna stairiúla aon teanga amháin - is é sin, an Ghréigis.
- an Phróta-Ghréigis nó an Réamh-Ghréigis
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha | |
Cóid | |
Linguist List | hell |
- an Mhicéinis
- an tSean-Ghréigis agus na canúintí éagsúla di: an Ghréigis Hóiméarach, an Ghréigis Ataiceach, an Ghréigis Dhórach, an Ghréigis Iónach, an Ghréigis Locrach, an Ghréigis Phaimfíleach, an Ghréigis Aeólach
- an Koiné nó an chanúint mheasctha a tháinig in úsáid i ndiaidh ghabháltaisí Alastair Mhóir
- an Mheán-Ghréigis (an Ghréigis Bhiosántach)
- an Nua-Ghréigis, idir Katharevousa (teanga scríofa imghlanta) agus Dhimotiki (teanga liteartha a bunaíodh ar chaint na ndaoine)
- an Ghréigis Phontach, agus í á labhairt ag na Gréagaigh chois na Mara Duibhe
- an tSacóinis, agus í ag dornán beag daoine timpeall ar Shliabh Parnon in Oirthear na Peilipinéise
- an teanga Griko, nó an Ghreacáinise, canúint Gréigise a labhraítear i gCalabria san Iodáil
- an Chapadóicis, a bhí á labhairt i lár na Mion-Áise i réigiún na Capadóice, áit a bhfuil an chathair Thurcach úd Kayseri.