Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach

leabhar le Risteárd Ó Glaisne

Leabhar de chineál neamhchoitianta sa Ghaeilge é Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach, leis an údar nach maireann Risteárd Ó Glaisne, foilsithe ag an chomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim, sa bhliain 1994.

WD Bosca Sonraí LeabharTeilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRisteárd Ó Glaisne Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1994 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar dtús, tharraing an sagart agus eolaí Francach Teilhard de Chardin conspóidí, agus ina dhiaidh sin bhí sé ar dhaoine nádúrtha geanúla diaganta an tsaoil.

Bhí an t-údar Ó Glaisne ar na hÉireannaigh ba thúisce agus ba mhó a chuir spéis i scríbhinní de Chardin, agus bhí sé ina bhall de 'Teilhard de Chardin Association of Great Britain and Ireland', óna bhunú in 1965 i leith. Tá cuid de stair an chumainn chomh maith le cuntas ar thionchar an Íosánaigh seo ar scata Éireannach sa dara leath den 20ú haois, inste aige sa leabhar seo.

Naisc sheachtracha cuir in eagar