Risteárd Ó Glaisne
Scoláire, múinteoir, fear léinn agus iriseoir ab ea Risteárd Earnán Ó Glaisne.[1] Ba líonmhar a chuid scríbhinní – idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol. Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge. D’éag se in aois 76 sa bhliain 2003.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Meán Fómhair 1927 Droichead na Bandan, Éire |
Bás | 6 Samhain 2003 76 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Modhachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, múinteoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Beatha
cuir in eagarRugadh Risteárd i gceantar Dhoire Garbh Thoir tamall ó Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí ar 2 Meán Fómhair 1927. Ba é an tríú duine é den cheathrar clainne a bhí ag George William Giles agus a bhean Sara Jane Vickery. Feirmeoirí ba ea a shinsir agus cónaí sa cheantar sin ar mhuintir Giles le 350 bliain um an taca seo.
Modhach ab ea é agus fuair sé a chuid oideachais sa Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Ar an drochuair, tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil.
Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.
I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail, Seán Beaumont agus Sorcha Ní Ghuairim. Ar feadh bliana freisin bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste; bhí de thoradh air sin gur lean cairdeas aige ar feadh a shaoil lena chomhaimsearaigh in Ollscoil na hÉireann, leithéidí Riobáird Mhic Góráin, Pheig Nic Curtáin (an tSiúr Benvenuta), agus Desmond Fennell. Tar éis dó céim a bhaint amach d’éirigh leis an ard-dioplóma san oideachas a fháil in 1950 agus céim mháistir in 1959.
Saothar
cuir in eagar- Bun-Ghaeilge; a concise guide to Irish, 1962 (In 1962 ba é Cara a d’fhoilsigh a chéad leabhar)
- Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann, 1971 (Clódhanna teo.)
- Raon mo Shiúil, 1972 (Foilseachain Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath)
- Saoirse na mBan, 1973 (Cló Grianréime)
- Curriculum Vitae, 1973
- Ceannródaithe, 1974 (Foilseacháin Náisiúnta Tta)
- Scríbhneoirí na Nua-Ré, 1974
- Conor Cruise O’Brien agus an Liobrálachas, 1974 (Clódhanna Teo)
- Cuairt Ghearr: spléachadh ar na Stáit Aontaithe, 1975
- Cad deir tú leis na hAlbanaigh? 1978
- Don Ábhar Saoririseora, 1980
- Raidió na Gaeltachta, 1982
- Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael, 1988
- Tomás Ó Fiaich, 1990
- To Irish Protestants, 1991
- Dúbhglas de hÍde, 1991-93 (2 iml.)
- Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, 1992
- Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach, 1994 (Coiscéim, 1994)
- Pádraig Ó Fiannachta, 1995
- Cosslett Ó Cuinn, 1995 (Coiscéim, 1996)
- Niall Brunicardi, 1997
- Modhaigh: Scéal pobail – Scéal eaglaise, 1998
- Denis Ireland, 2000
- De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000
- Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan, 2001
- Cearbhall Ó Dálaigh, 2001
- Coláiste Moibhí, 2002
- Esperanto: teanga idirnáisiúnta, 2004
- Eagarthóir, 2005
- Éire agus an Eite Chlé, 2007
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó GLAISNE, Risteárd (1927–2003) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.