Terry Keane

iriseoir Éireannach

Colúnaí nuachtáin agus iriseoir faisin cáiliúil Éireannach ab ea Terry Keane (1939 - 1 Meitheamh 2008), a raibh an cháil is mó uirthi as a bheith mar leannán ag an bpolaiteoir conspóideach Cathal Ó hEochaidh, ar feadh 27 bliain.

Infotaula de personaTerry Keane
Beathaisnéis
Breith1939
Bás1 Meitheamh 2008
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcolúnaí Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Rugadh Terry Keane mar Ann Teresa O'Donnell i nGuilford, Surrey, i Sasana sa bhliain 1939. B'Éireannaigh iad a tuistí agus iad mar dhochtúir agus oifigeach bainc. Chaith sí cuid mhaith ama in Éirinn le linn an Dara Cogadh Domhanda agus d'fhill sí ar an tír sin ní ba dhéanaí le céim dlí a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide, cé gur fhág sí an ollscoil gan chéim, i ndeireadh na dála. Phós sí an t-abhcóide Ronan Keane tamall gearr ina dhiaidh sin, cé gur tháinig deireadh leis an bpósadh sna 1990idí.[1]

Gairm Bheatha mar Iriseoir cuir in eagar

Thosaigh Terry Keane mar iriseoir faisin le The Irish Times and The Sunday Press ar dtús.[2] Ach chaith sí an chuid is mó dá cuid ama mar iriseoir le The Sunday Independent agus alt cúlchainte á scríobh aici darbh ainm The Keane Edge. Tháinig deireadh searbh leis an gcaidreamh oibre sin tar éis di scéal a caidrimh rómánsaigh le Cathal Ó hEochaidh a dhíol le The Sunday Times, nuachtán a bhí i ngéar-iomaíocht le The Sunday Independent ag an am.

Caidreamh le Cathal Ó hEochaidh cuir in eagar

In agallamh a cuireadh uirthi sa bhliain 1999 ar The Late Late Show le Gay Byrne, d'admhaigh Keane go raibh sé mar leannán ag Cathal Ó hEochaidh le 27 bliain anuas.[3] B'eol do chuid mhaith den phobal gurbh amhlaidh a bhí, cé nár admhaíodh riamh go poiblí é go dtí sin. B'iomaí uair a dhéanadh Keane tagairt dá leannán cáiliúil ina halt nuachtáin seachtainiúil, leis an leasainm 'Sweetie'. Ach d'admhaigh sé i gclár faisnéise roinnt blianta ina dhiaidh sin, go raibh aiféala uirthi faoin dochar a rinne sí nuair a nocht sí an caidreamh sin go poiblí.[4]

Bás cuir in eagar

Fuair Terry Keane bás ó ailse ar 1 Meitheamh 2008, in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath agus 68 bliain slánaithe aici. Bhí sí tinn le tamall fada anuas roimhe sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Columnist Terry Keane dies after long illness" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. "Gossip queen became star of own soap opera" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  3. "Terry Keane admits affair with Haughey" (as en) (1999-05-15). 
  4. "Journalist Terry Keane dies at 68" (as en) (2008-06-01).