Scannán ón mbliain 1940 is ea The Great Dictator, leis an aisteoir grinn mór le rá, Charlie Chaplin. Bhí Chaplin ina stiúrthóir ar an scannán agus bhí sé sa dá phríomhpháirt aisteoireachta chomh maith. Bhí sé seo ar an gcéad scannán cainte uaidh, chomh maith le bheith ar an scannán is mó rath uaidh. B'aoir nimhneach é ar an bhFaisisteachas. Is díol suntais é an scannán seo, ós rud é nár thuig go leor daoine cé chomh holc is a bhí na Naitsithe ag an am sin, mar nach raibh eolas ag an bpobal faoi na campaí báis. Ach déantar cur síos sonrach ar ghéarleanúint na nGiúdach sa scannán seo.

Bosca Sonraí ScannáinThe Great Dictator

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirCharlie Chaplin Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúCharlie Chaplin Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptCharlie Chaplin Cuir in eagar ar Wikidata
CeolCharlie Chaplin agus Meredith Willson Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtRoland Totheroh agus Karl Struss Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinCharles Chaplin Film Corporation, United Artists Corporation agus Charlie Chaplin Studios Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirUnited Artists Corporation Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú15 Deireadh Fómhair 1940 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama125 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaLos Angeles, California agus Malibu Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdubh agus bán Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad2,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh5,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrageandrámaíocht, glámh politiúil, scannán cogaidh, scannán frithchogaidh, scannán drámaíochta, scigscannán, greann garbh, comedy of error (en) Aistrigh agus coiméide Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAG Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharfaisisteachas agus Frith-Sheimíteachas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaTomainia (en) Aistrigh, Osterlich (en) Aistrigh agus Bacteria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Socraithe sa tréimhse1918 agus an Chéad Chogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

IMDB: tt0032553 Filmaffinity: 155010 Allocine: 2253 Rottentomatoes: m/great_dictator Letterboxd: the-great-dictator Mojo: greatdictator Allmovie: am6819 TCM: 76858 TV.com: movies/the-great-dictator AFI: 27635 Cuir in eagar ar Wikidata

Cuirtear in aithne muid ar dtús leis an mbearbóir Giúdach gan ainm (Chaplin) agus é ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda ar son a thíre féin, Tomainia (tír fhicseanach arb ionann í agus an Ghearmáin). Buailtear é sa cheann ag deireadh an chogaidh agus caitheann sé fad fiche bliain in ospidéal agus a chuimhne caillte aige. Filleann sé ar a ghairm bheatha ag deireadh na tréimhse sin agus gan tuiscint dá laghad aige ar chás polaitiúil a thíre féin, áit a bhfuil deachtóir darb ainm Adenoid Hynkel (Chaplin arís, agus é ag déanamh aithrise ar Adolf Hitler) tar éis teacht i réim. Is cuid thábhachtach í den phlota agus den ghreann, go bhfuil an bearbóir Giúdach ina mhacasamhail den deachtóir uafásach seo a bhfuil an ghráin dhearg aige ar na Giúdaigh. Déantar aoradh chomh maith ar Benito Mussolini, i bhfoirm an deachtóra fhicseanaigh Benzino Napaloni, atá ina cheannaire ar thír darb ainm Bacteria. Léirítear caidreamh cumhachta áiféiseach na beirte seo, tríd an eachtra ina bhfuil na deachtóirí ag iarraidh idirbheartaíocht a dhéanamh faoi smacht a ghlacadh ar Osterlich (An Ostair).

Cé gur aoir thar a bheith searbhasach í seo, bíonn atmaisféar thar a bheith éadrom ann ar feadh an scannáin go léir. Tá greann ropánta Chaplin le sonrú go mór ann agus baineann sé an-leas as chun ábhar an scannáin a aoradh. Radharc cáiliúil amháin ná an rince a dhéanann an deachtóir Hynkel le balún mór atá ina mhacasamhail den domhan agus réamhcheol Lohengrin le Richard Wager á sheinm sa chúlra.

I 1997, d'fhógair Leabharlann Chomhdháil SAM an scannán seo a bheith "suntasach go cultúrtha, go stairiúil nó go haeistéiticiúil" agus roghnaíodh é le bheith caomhnaithe i gClárlann Scannán Náisiúnta na Stát Aontaithe.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar