The Stone Roses
Is grúpa rac-cheoil mór le rá as Manchain, Sasana é The Stone Roses, a bhain cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 1989.
The Stone Roses | |
![]() | |
Ó chlé: Mani, Ian Brown, John Squire agus Reni | |
Bunús | Manchain, Sasana |
Tír | Sasana |
Gníomhach | 1983 – 1996 2011-inniu |
Seánra(í) ceoil | Rac-cheol, rac malartach Manchain-Rac |
Lipéad/lipéid | Silvertone agus Geffen |
Baill | Ian Brown John Squire Mani Reni |
Iar-bhaill | Andy Couzens Pete Garner Robbie Maddix Nigel Ippinson Aziz Ibrahim |
Suíomh gréasáin | TheStoneRoses.net |
Luaitear an t-albam "The Stone Roses" go minic nuair a phléitear na ceirníní is fearr riamh. Feictear orthu inniu mar cheannródaithe, os rud é go raibh siad ar cheann de na racghrúpaí neamhspleácha (nó "indie", mar a tugtar air as Béarla) ba mhó a tháinig as an gcathair siúd ag deireadh na hochtóidí agus tús na nóchaidí.
Cé go raibh meas mór tuillte acu leis an céad albam, bhí fadhbanna acu le conarthaí ceoil ina dhiaidh sin agus chuir siad cúig bliana amú sular scaoil siad an dara cheann. Cuireadh deireadh leo go hoifigiúil tar éis seó lag mí-chlúiteach ag an bhFéile Reading sa bhliain 1996.
Tháinig bunbhaill an ghrúpa le cheile in athuair sa bhliain 2011 agus d'imigh siad amach ar chamchuairt sa bhliain 2012.
DioscliostaCuir in Eagar
Albaim sa stiúideoCuir in Eagar
- 1989 - The Stone Roses
- 1994 - Second Coming
DíolamaíCuir in Eagar
- 1992 - Turns into Stone
- 1995 - The Complete Stone Roses
- 1996 - Garage Flower
- 2000 - The Remixes
- 2004 - The Very Best of The Stone Roses
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |