The Substance (scannán 2024)

Is scannán corpuafáis é The Substance, a tháinig amach sa bhliain 2024. Cuireann an scannán spot-solas ar an mbrú a chuirtear ar mhná a bheith óg, álainn, tarraingteach agus 'foirfe' sa tsochaí ina mairimid agus i saol Hollywood go háirithe.[1]

Bosca Sonraí ScannáinThe Substance
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirCoralie Fargeat Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúTim Bevan agus Eric Fellner Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptCoralie Fargeat Cuir in eagar ar Wikidata
CeolRaffertie Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtBenjamin Kračun Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinJérôme Eltabet, Valentin Féron agus Coralie Fargeat Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinWorking Title Films agus Blacksmith (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirMUBI agus ADS Service Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhan Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú19 Bealtaine 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama140 min agus 141 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaPáras, Studios d'Épinay agus Provence-Alpes-Côte d'Azur Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Formáid2.39:1 Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad17,500,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán uafáis, scannán drámaíochta, satirical film or television program (en) Aistrigh, science fiction horror film (en) Aistrigh, body horror (en) Aistrigh agus aoir Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAR Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaHollywood Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

IMDB: tt17526714 FilmAffinity: 833687 Allocine: 300680 Rottentomatoes: m/the_substance Letterboxd: the-substance Allmovie: am599136 Metacritic: movie/the-substance TMDB.org: 933260
Facebook: trythesubstance X: TryTheSubstance Instagram: trythesubstance Cuir in eagar ar Wikidata
Demi Moore, 2010
Margaret Qualley, 2020

Cuirtear ar dtús an príomhcharachtar, Elisabeth Sparkle (Demi Moore) in aithne dúinn agus feicimid í ag dul in aois – gan súil a leagan ar an mbean féin – nuair a dhírítear ar a réalta ar an tsráid ar Hollywood Boulevard a bhfuil cuma ghlan, lonrach agus nua uirthi ar dtús ach a théann i léig le himeacht ama, díreach cosúil leis an mbean féin.

Tuigimid gur dhuine mór le rá í nuair a bhí sí óg ach gur bean í anois a bhfuil an leathchéad bainte amach aici. Cailleann sí a post mar theagascóir corp acmhainne ar an teilifís ar a breithlá, toisc go síleann a léiritheoir graosta, Harvey (Dennis Quaid), go bhfuil sí róshean chun an scór féachana teilifíse atá uaidh a fháil.[1]

Agus Elisabeth ag an bpointe íseal seo ina saol, tugtar deis di triail a bhaint as druga mistéireach, druga atá ar an margadh dubh amháin, a mhaíonn gur féidir leis leagan eile di a chruthú atá níos óige, níos tarraingtí agus níos áille. Níl ach aon choinníoll amháin i gceist: beidh uirthi seachtain amháin a chaitheamh ina corp féin agus an chéad seachtain eile a chaitheamh ina corp óg nua. Caithfidh sí babhtáil ó chorp amháin go corp eile gach uile sheachtain. Chomh fada is a chloíonn Elisabeth leis na rialacha, beidh gach rud go breá. Ach an gcloífidh?

Staid na mban

cuir in eagar

Is scannán é a scrúdaíonn an choimhlint fhoréigneach inmheánach atá ar siúl in intinn an-chuid ban mar gheall ar an nóisean den ‘bhean idéalach’ atá cruthaithe ag an tsochaí ina mairimid. Chomh luath is a osclaíonn an scannán, ardaítear ceisteanna ábhartha faoi íomhá na mban sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Cuirtear in iúl dúinn go soiléir go mbraitheann luach na mban, i saol Hollywood go háirithe, ar a n-aois, a n-áilleacht agus a dtorthúlacht i súile na bhfear.

Tá tréithe an chorpuafáis go mór chun tosaigh sa scannán. Scrúdaítear an choimhlint idir an óige agus an tseanaois tríd an gcaidreamh idir Elisabeth agus a alter ego, Sue. Éiríonn le Sue an post atá caillte ag Elisabeth a fháil gan stró agus cuireann sé go mór isteach ar Elisabeth Sue a fheiceáil ar an teilifís ina háit féin.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 RTÉ / Lára Ní Mhaoláin (2024-09-16). "The Substance - bí óg, bí álainn" (as ga-IE).