Bhí An Ridire Thomas Hare (28 Márta 18066 Bealtaine 1891) ina dhlíodóir is leasaitheoir toghchánach de chuid Shasana.[1] Chuir Hare ionadaíocht chionmhar chun chinn.[2]

Infotaula de personaThomas Hare

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1806
Sasana, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Bealtaine 1891
85 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, tuairisceoir cúirte, dlíodóir, eolaí polaitiúil, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMary Samson (1837–luach anaithnid)
Eleanor Bowes Benson (1872–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLancelot Hare
 ( Mary Samson)
Katharine Clayton
 ( Mary Samson)
Alfred Richard Hare
 ( )
Sherlock Hare
 ( Mary Samson)
Alice Westlake
 ( Mary Samson)
Marian Andrews
 ( Mary Samson)
Mary Eleanor Hare
 ( Eleanor Bowes Benson) Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Sa bhliain 1833 a glaodh chun an Bharra air agus sa bhliain 1853 a rinneadh Cigire na gCarthanas de agus Coimisinéir Cúnta ar an gCoimisiún Ríoga um Charthanais Cathrach ina dhiaidh sin.

Chaith Hare chuid mhaith dá shaol ag cur cinn na hionadaíochta cionmhaire mar chóras toghchánach agus is é an leagan comhaimseartha den chóras a bheartaigh sé—an ionadaíocht chionmhar ar mhodh an aonvóta inaistrithe—atá i bhfeidhm chun dhá Thithe an Oireachtais, Tionól Thuaisceart Éireann, Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa agus na húdaráis áitiúla sa dá chuid d'Éirinn a thoghadh.

Dúirt John Stuart Mill agus a lán daoine eile go raibh an-mholadh tuillte ag Hare as an bpáirt a bhí aige agus an cineál leasaithe thoghchánaigh sin á chur chun cinn.

Tuairisceoireacht dlí cuir in eagar

Tá dlíodóirí freisin faoi chomaoin ag Hare as a ndearna sé mar thuairisceoir dlí. Níor tuairiscíodh Foss v Harbottle (1843) 2 Hare 461 agus Henderson v Henderson (1843) 3 Hare 100 ach i Hare's Reports in Chancery (1841-53) a chuir sé in eagar.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. F. Parsons (2009). "Thomas Hare and Political Representation in Victorian Britain" (as en). Palgrave Macmillan UK. 
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Thomas Hare". Dáta rochtana: 2021.
  3. Thomas Hare, Great Britain Court of Chancery (1843). "Reports of Cases Adjudged in the High Court of Chancery: Before the Right Hon. Sir James Wigram, Knt., Vice-chancellor. [1841-1853]" (as en). A. Maxwell & Son.